Láthair | Tigh Moling, Contae Cheatharlach |
---|---|
Catagóirí | Muirí, báid, loingseoireacht Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga |
Eochairfhocail | Reiligiún, oilithreacht |
Eagraíocht Teagmhála | Grúpa SMART (Turasóireachta Taitneamhachta agus Áineasa Thigh Moling) Teoranta |
Is cleachtas deabhóide agus deasghnátha atá bunaithe ar uisce atá i gceist le Bealach Oilithreachta Naomh Moling le hómós a thaispeáint do Naomh Moling thart ar Lá an Phatrúin bhliantúil (an Domhnach is gaire do Lá Naomh Séamas, an 25 Iúil). Téann a thús siar chomh fada le hoidhreacht chultúrtha shaibhir thréimhse na Luath-Meánaoise in Éirinn. Is díol suntas gur mhair an traidisiún le míle bliain mar chleachtas leanúnach atá ag teacht chun cinn agus atá neadaithe sa phobal áitiúil.
Faisnéis Chúlra
Baineann an Bealach Oilithreachta le hionad eaglasta ó thús an 7ú céad atá suite ar thalamh ard os cionn bhruach thoir na Bearú i ndeisceart Chontae Cheatharlach a bhunaigh Naomh Moling (614 – 696). Déantar an “oilithreacht” mar impí ar an naomh, agus cumhacht leighis míorúilteach uisce an tobair ársa á lorg.
Deasghnátha na hOilithreachta:
- Téann na hoilithrigh isteach an cosán ón mbóthar atá ann cheana féin.
- 2. Leanann siad orthu chuig an Tobar Beannaithe (Tiopra), struchtúr cloiche gan díon atá timpeall ar an tobar, ina sníonn uisce ó linn uachtarach ina bhfuil roinnt fuaráin. Léirítear i dtaighde le gairid le T. Ó Carragáin “Churches in Early Medieval Ireland” (Yale University Press 2010, leathanach 199 – 208), gur iarsmaí de shéipéal baiste atá anseo a tógadh thart ar 1100, le cleachtais bhaiste a thabhairt chun rialtachta san Eaglais in Éirinn.
- Siúlann na hoilithrigh timpeall ar an Tiopra agus ar an linn fuaráin agus iad ag rá a gcuid paidreacha ar feadh an ama.
- Téann na hoilithrigh isteach sa Tacarda (sruthán spágála, cainéal uisce ón Tobar Beannaithe chuig Abhainn Áth an Bháid) cosnochta agus téann ag spágáil san uisce in aghaidh an tsrutha ar ais go dtí an Tobar Beannaithe.
- Trasnaíonn na hoilithrigh Abhainn Áth an Bháid, agus iad ag siúl gar do theorainn na páirce atá marcáilte le cosán, gar don láthair mhainistreach agus tarae an 18ú haois. Tá áit ar an abhainn ina dtrasnaíodh na hoilithrigh ar chlocha cora. Tá na clocha seo le feiceáil fós.
- Téann na hoilithrigh, nuair a bhí an tarae trasnaithe acu, suas ard atá géar i dtreo na gcloch cora a théann go dtí an láthair mhainistreach
- Bíonn paidreacha á rá acu thart timpeall ar an ardchros eibhir.
- Agus na hoilithrigh ag bogadh ar aghaidh, tugtar faoi dheasghnátha eile ag fothrach beag bídeach an aireagail, ar a dtugtar Cillín Naomh Séamas (Naomhphátrún na hOilithreachta).
- Téann siad timpeall ar gach fothrach sa láthair mhainistreach trí huaire agus iad ag rá paidreacha, críochnaíonn an oilithreacht sa Teampall Mór, an áit a meastar go bhfuil Naomh Moling curtha.
Bhí cur síos maith déanta ag an mBráthair Proinsiasach, John Clynn ó Chill Chainnigh ar an mbealach oilithreachta seo le linn Phlá Mhór na bliana (1348) atá beagán difriúil ó oilithreacht an lae inniu, ina dtugann sé cuntas ar shluaite daoine a tháinig go Tigh Moling ag cuardach leigheas nó cosaint ón bplá ag an am sin.
Cleachtadh agus cleachtóirí
Tá athrú déanta ar an oilithreacht leis na céadta bliain seachas mar a bhí an oilithreacht a bhí bunaithe ag Naomh Moling nuair a choisric sé an tarae ar Fhéile Naomh Séamas (25 Iúil), thart ar an mbliain 650. Gheall Naomh Moling an lá sin “leigheas idir intinn agus corp” do gach duine a rinne an oilithreacht agus a chuaigh ag spágáil trína huiscí “in aghaidh an tsrutha”. Chinntigh traidisiún béaloidis agus scríofa nár lig muintir Thigh Moling agus an cheantair gealltanas Naomh Moling i ndearmad riamh.
Le linn na 1970idí go dtí lár na 1990idí chuir droichid coisithe adhmaid trasna Abhainn Áth an Bháid agus an tarae ón 18ú hAois deis ar fáil d’oilithrigh dul chuig an talamh ard ar an láthair mhainistreach. Bhí na droichid seo ag titim as a chéile agus fuarthas réidh leo mar gheall ar chúiseanna sábháilteachta agus úinéireachta talún a bhí casta i lár na 1990idí. Ó shin tá srianta i gceist maidir leis an oilithreacht iomlán a dhéanamh. Tugann go leor daoine faoin leagan athraithe den oilithreacht a dhíríonn ar an Tobar Beannaithe agus ar fhothrach na mainistreach.
Tá go leor de mhuintir na háite ag tabhairt faoin oilithreacht seo i gcónaí, mar aon le go leor daoine atá ina gcónaí thar lear a bhfuil ceangal acu le Tigh Moling. Déantar an oilithreacht i gcónaí chun achainí a dhéanamh ar Naomh Moling ó thaobh leighis do bhreoiteachtaí éagsúla, leigheas do thinneas intinne, do shábháilteacht agus paidir bhuíochais. Tá éileamh ag diaspóra Thigh Moling ar fud an domhain ar an uisce ó thobar Naomh Moling agus tugtar uisce an tobair chuig ospidéil áitiúla, mar go gcreideann daoine go láidir fós go bhfuil leigheas san uisce.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Níl aon amhras ann faoi bharántúlacht an deasghnátha mar gheall ar fhianaise láidir sa litríocht mheánaoiseach agus sa tseandálaíocht áitiúil. Tá sé mar thraidisiún beo le breis is míle bliain mar chleachtas atá ag teacht chun cinn agus atá neadaithe sa phobal áitiúil. Treisítear an traidisiún seo gach aon bhliain nuair a dhéantar ceiliúradh go háitiúil i dTigh Moling ar lá Fhéile Naomh Moling, (Meitheamh 17), agus ar bhonn bliantúil ar Lá an Phátrúin, (an Domhnach is gaire do 25 Iúil). Coinníonn an líon mór eisimirceach agus daoine a bhfuil ceangal acu le Tigh Moling an oilithreacht beo agus filleann siad go rialta chun páirt a ghlacadh san oilithreacht thraidisiúnta. Foghlaimíonn leanaí óga faoin traidisiún trína bheith rannpháirteach in Aifreann speisialta
do leanaí amuigh faoin aer ar Lá Fhéile Naomh Moling agus trí ullmhú agus freastal ar an bPátrún bliantúil gach aon bhliain.
Creideann an pobal i gcónaí go bhfuil cumhachtaí leighis le fáil má dhéantar deasghnátha na hoilithreachta. Ghlac an pobal an ról orthu féin mar choimeádaithe an chultúir thraidisiúnta agus leanann le feidhmiú sa ról seo. Thapaigh SMART Teoranta, le fiche bliain anuas, gach deis ó thaobh poiblíocht a thabhairt agus an oilithreacht a chur chun cinn. Áirítear anseo, Leabhrán maidir le Cosán Oilithreachta (1996) a fhoilsiú, siúlóidí treoraithe den bhealach oilithreachta le linn Sheachtain na hOidhreachta, sainmhíniú a thabhairt maidir le nósanna agus le deasghnátha dóibh siúd a d’fhreastail ar Thóstal Éireann (2013), cuairteoirí Nasc na hÉireann-Talamh an Éisc (2014), turais ó chumainn staire éagsúla. D’fhoilsigh Seandálaíocht Éireann, bróisiúr maidir le Naomh Moling, Treoir Oidhreachta Uimhir 5, sa bhliain 1999. Chuir an tAthair bileog le chéile dar teideal Tarae Naomh Moling – oidhreacht neamhghnách i gCeatharlach Theas (2013). E. Aughney, Sagart Paróiste Thigh Moling,
Eagraíocht Teagmhála
Grúpa SMART (Turasóireachta Taitneamhachta agus Áineasa Thigh Moling) Teoranta