+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic

Láthair Láthair Móinteach Mílic, Laois chomh maith le láithreacha eile in Éirinn agus go hidirnáisiúnta
Catagóirí Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail Eochairfhocail Bróidnéireacht, ceardaíocht
Eagraíocht Teagmhála Cumann Forbartha Mhóinteach Mílic Teoranta
Músaem Bróidnéireachta Mhóinteach Mílic

Is foirm Bróidnéireachta ar éadach cadáis agus úsáid á baint as snáithe cadáis atá i gceist le Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic. Is bróidnéireacht bán ar bhán de bhunús agus de dhearadh na hÉireann atá i gceist leis agus cuireadh tús leis i Móinteach Mílic i dtús na 1800aidí.

Faisnéis Chúlra

Is ‘Manchain bheag na hÉireann’ a thugtaí ar Mhóinteach Mílic i dtús na 1800aidí mar gheall ar an raon mór agus éagsúil tionscail a bhí sa bhaile. Bhí cadás á tháirgeadh ag Cumann na gCarad, mar sin bhí sé inrochtana go héasca. Bhí líon scoileanna ag Cumann na gCarad agus mhúintí obair shnáthaide do na daltaí mar chuid den churaclam. Mar sin, agus úsáid á baint as ábhair a bhí á dtáirgeadh go háitiúil, tharraingíodh na múinteoirí dearaí den fhlóra agus fána áitiúil agus thabharfadh isteach iad i míreanna laethúla na linne, m.sh. éadach don chornchlár, clúdach do ghúnaí oíche, málaí do scuab gruaige agus do chíora agus do chuilteanna.

Is sról géine trom atá san éadach a úsáidtear, a chiallaíonn go bhfuil sé in ann go leor a sheasamh agus mar thoradh air sin tháinig go leor den saothar níos luaithe slán, cé go nití é go minic. Bhain an bhróidnéireacht cáil amach i measc na móruaisle agus tháinig tionscal baile chun cinn. Faoi dheireadh an chéid bhí cáil bainte amach ag Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic sa Ríocht Aontaithe agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá araon agus chuir comhlachtaí foilseacháin go leor irisí ar fáil ina raibh Obair Bhróidnéireachta Mhóinteach Mílic. Chuaigh suim sa bhróidnéireacht in éag agus tús á chur leis an gCéad Chogadh Domhanda go dtí gur chuir bean rialta de chuid Ord na Toirbhirte tús leis an gceird arís tar éis dí trunc leis na patrúin bhunaidh a fháil ó theaghlach Pim, duine de theaghlach Chumann na gCarad a chuir fúthu i Móinteach Mílic.

I ndeireadh na 1800aidí agus é i mbarr a réime, phriontáil Weldon Publishers sraith irisí ar Bhróidnéireacht Mhóinteach Mílic agus bhí alt sa Weldon’s Encyclopedia of Needlework. Thaispeáin Bróidnéireacht Mary Thomas agus Obair Shnáthaide Mrs Leech, Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic freisin. Bhí tagairt déanta do Bhróidnéireacht Mhóinteach Mílic sa líon mór leabhar a foilsíodh leis na blianta. Tá go leor de na leabhair seo i mbailiúchán an Mhúsaeim. Le gairid anuas rinne leabhair speisialaithe le Jane Houston-Almqvist, Sandra Counahan agus Yvette Stanton Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic inrochtana do lucht féachana níos leithne.

Go ginearálta, tá cáil bainte amach ag lámhcheardaíocht ar fud an domhain agus tá cáil ar Bhróidnéireacht Mhóinteach Mílic arís. Ar mhaithe lena chinntiú go dtagann an cheird slán, tá an bhróidnéireacht tagtha chun cinn agus baintear úsáid as an mbróidnéireacht do mhíreanna atá níos ábhartha do shaol an lae inniu, ar nós cúisíní, éadach boird, naipcíní, róba baisteadh, naipcín pláta, gúnaí Céad Chomaoineach agus gúnaí pósta. Tá an-tóir ar phíosaí bróidnéireachta i bhfrámaí freisin mar go n-oireann siad an dá thréimhse agus tithe nua-aimseartha.

Cleachtadh agus cleachtóirí

Leantar le Bróidnéireacht a chleachtadh go háitiúil i Móinteach Mílic. Reáchtáiltear ranganna seachtainiúla ‘buail isteach’ i Músaem Mhóinteach Mílic. Tá sé mar aidhm leis na ranganna seo lucht snáthaide a spreagadh chun leanúint leis an gceird agus ugach a thabhairt do thosaitheoirí agus d’fheabhsaitheoirí. Téann aois lucht freastail na ranganna ó 30 bliain d’aois go 80 bliain d’aois. Is féidir féachaint ar fhíseáin ar Youtube ina dtugtar treoracha. Is féidir féachaint ar fhíseáin ar Youtube ina dtugtar treoracha. Reáchtálann cleachtóirí éagsúla ranganna freisin i bPort Laoise, Cluain Achaidh agus Éadan Doire in Uíbh Fhailí.

Tugann foireann cleachtóirí deonacha cuairt ar bhunscoileanna áitiúla chun bróidnéireacht agus na teicnící a bhí á n-úsáid in Obair Mhóinteach Mílic a mhúineadh do na daltaí. Cuireann na meánscoileanna áitiúla Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic ar fáil do dhaltaí Eacnamaíochta Bailte scrúduithe an Teastais Shóisearaigh. Spreagtar na múinteoirí sna scoileanna leis na daltaí a thabhairt ar chuairt chuig an Músaem, áit a bhfaigheadh siad stair agus turas pearsanta ar an Músaem agus ar an taispeántas Bróidnéireachta.

Trí bhuanseasmhacht bhean rialta Ord na Toirbhirte, an tSiúir Teresa Margaret, tá ranganna á dtairiscint dá gcomhaltaí ag go leor de chuallachtaí an ICA agus ag Cuallachtaí Bróidnéireachta anois. Tá cuallachtaí Bróidnéireachta, Lása agus Obair Shnáthaide ar fud an domhain ar an eolas faoi Obair Mhóinteach Mílic agus tá an cheird á múineadh acu féin. Thug go leor de chomhaltaí na gcuallachtaí seo cuairt ar Mhóinteach Mílic agus thug faoi cheardlanna ó theagascóirí áitiúla agus chomhroinn siad na teicnící a d’fhoghlaim siad i Móinteach Mílic nuair a d’fhill siad ar an mbaile. Tá píosaí d’Obair Mhóinteach Mílic ina gcuid bailiúchán ag roinnt de na cuallachtaí thar lear. Spreagtar an lucht na hoibre snáthaide a thagann go Móinteach Míle chun barr fheabhais a chur ar a gceird, leis an eolas a fhaigheann siad a chomhroinnt lena bpiaraí.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Tá Coiste Deonach Mhúsaem Bróidnéireachta Mhóinteach Mílic faoi scáth Chumann Forbartha Mhóinteach Mílic Teoranta tiomanta do chosaint a dhéanamh ar an mbailiúchán mór de sheansaothar Bhróidnéireachta Mhóinteach Mílic a bronnadh orthu. Tá an Músaem oscailte don phobal saor in aisce ar feadh na bliana. Feidhmíonn an Músaem mar phointe teagmhála do dhaoine ar spéis leo an cheird a fhoghlaim agus eagraíonn siad ceardlanna do chuairteoirí atá curtha in oiriúint dá riachtanais.

Reáchtálann an Músaem comórtais bhliantúla chun oibrithe snáthaide a spreagadh chun píosa bróidnéireachta a dhéanamh agus barr feabhais a chur ar an obair shnáthaide. Is imeacht idirnáisiúnta atá i gceist leis seo agus is Oibrí Snáthaide as an Astráil a thug an duais leo sa bhliain 2017. Rinne Diméin an Bhaile Finn, a fuair an vóta mar gheall ar bheith ar cheann de na Seacht gCinn d’Óstáin is Fearr ar Domhan sa bhliain 2018, coimisiúnú ar shaothar i bhfráma atá ar taispeáint san Óstán. Rinne an Tiarna David Davies, úinéir Eastát De Vesci, Mainistir Laoise, coimisiúnú ar mhataí boird don teach. . Bronnadh Obair Chomhaimseartha Mhóinteach Míle mar bhronntanas cuí ar Uachtaráin, ar Phrionsaí agus ar Ambasadóirí chun na hÉireann a bhí ar cuairt.

I mí Iúil 2018, d’fhreastail Ann Dowling, Cathaoirleach Choiste an Mhúsaeim, ar Chomhdháil Chuallachtaí Bróidnéireachta Músaem na Nua-Shéalainne, agus rinne sí cur i láthair i ndáil le Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic agus thug Ann Dowling cuairt ar Cheanncheathrú Chuallachta Iarthar na hAstráile in Perth. Tá naisc láidre ag an Músaem leis na cuallachtaí seo leis na blianta.

Tugann oibrithe snáthaide cuairt ar na bunscoileanna áitiúla ar bhonn deonach chun an cheird a mhúineadh do na daltaí. Tá tús curtha ag na meánscoileanna le hObair Mhóinteach Mílic a chuimsiú i gcuraclam Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh. Spreagtar múinteoirí leis na daltaí a thabhairt ar cuairt chuig an Músaem sula gcuirtear tús leis na ranganna ionas go mbeidh ar chumas na ndaltaí foghlaim faoin stair áitiúil agus taithí phearsanta a fháil ar an mbealach a ndéantaí an obair.

Reáchtáiltear taispeántais d’Obair Chomhaimseartha Mhóinteach Mílic i Móinteach Mílic agus in ionaid dhifriúla ar fud na tíre ar bhonn bliantúil.

Thug cleachtóirí áitiúla cainteanna agus taispeántais ag an Seó Talmhaíochta sa Tulach Mhór, Uíbh Fhailí agus ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.

Chuir daltaí Scoil Phobail Mhóinteach Mílic gúna ar taispeáint sa Chomórtas Náisiúnta Junk Kouture agus bhí an gúna déanta as Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic a raibh athchúrsáil déanta air. Tá an gúna seo ar taispeáint sa Mhúsaem.

Chuir an Cleachtóir Áitiúil, Ann O’Brien, a saothar ar taispeáint i Nua-Eabhrac agus bain sí gradam amach ag an seó ceardaíochta san RDS.

Eagraíocht Teagmhála

Cumann Forbartha Mhóinteach Mílic Teoranta, Músaem Bróidnéireachta Mhóinteach Mílic