+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

Buailteachas Geimhridh Bhoirne

 

Láthair Láthair An Clár, Gaillimh, Oileáin Árann
Catagóirí Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
Muirí, báid, loingseoireacht
Eochairfhocail ainmhithe, éiceolaíocht, feirmeoireacht
Eagraíocht Teagmhála Clár Bhoirne
Inis, Contae an Chláir
065 7089000
info@burrenlife.com

Is córas ársa buailteachais (gluaiseacht shéasúrach daoine agus a gcuid beostoic idir féarach socraithe samhraidh agus geimhreadh) atá i gceist leis an ‘Buailteachas Geimhridh’, a bhaineann den chuid is mó leis an mBoirinn agus le hOileáin Árann. Tá an Buailteachas Geimhridh speisialta mar gur foirm thar a bheith neamhghnách atá i gceist leis trína gcaitheann beostoc an geimhreadh amuigh ag innilt ar fhéarach tiomanta, a mhalairt den mhéid a tharlaíonn de ghnáth i gcórais bhuailteachais eile.

Tá sé seo á chleachtadh i réigiún Bhoirne (tuaisceart an Chláir agus oirdheisceart na Gaillimhe) agus in Oileáin Árann. Tá an réigiún seo ar cheann de na limistéir is mó carst oighearshrutha san Eoraip agus tá cáil idirnáisiúnta air.

Faisnéis chúlra

Déantar buailteachas, gluaiseacht shéasúrach daoine agus a gcuid beostoic idir féarach socraithe samhraidh agus geimhridh a chleachtadh ar fud an domhain, de ghnáth, tarlaíonn aistriú beostoic chuig féarach ardtailte sa samhradh nuair a bhíonn coinníollacha aimsire níos boige agus fáil níos éasca ar fhoráiste. Mar mhalairt air sin, tá feirmeoirí réigiún Bhoirne ag cleachtadh córas ‘buailteachas aisiompaithe’ anuas trína glúine nuair a aistrítear an beostoc chuig féarach ardtailte (ar a dtugtar ‘buailteachas geimhridh’ go háitiúil) thar mhíonna an gheimhridh, sula seoltar ar ais chuig féarach ísealchríche méith don samhradh. Dá réir sin, tagraíonn comhthéacs ‘buailteachas geimhridh’ sa Bhoirinn (agus ar Oileáin Árann in aice láimhe) d’innilt ar fhéarthailte garbha aolchloiche idir míonna Mheán Fómhair agus Aibreáin.

Is limistéar nochta, aolchloiche dobharchaite (‘carst’) atá sa Bhoirinn (720km2) le clúdach ithreach atá tanaí, fásra scáinte agus córais draenála faoi thalamh den chuid is mó. Tá an limistéar, Geopháirc Dhomhanda UNESCO, múnlaithe ag fórsaí teicteonacha agus ag roinnt oighriúcháin. In ainneoin na timpeallachta gairbhe seo, tá an limistéar níos saibhre ó thaobh na bithéagsúlachta de ná aon réigiún eile in Éirinn, tá 75% de fhlóra dúchasach an oileáin sa limistéar seo. Mar thoradh air sin, tá formhór an réigiúin (300km2) ainmnithe mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach.

Tá an Bhoirinn chomh cáiliúil céanna mar gheall ar a oidhreacht chultúrtha neamhghnách ina bhfuil saibhreas d’iarsmaí seandálaíochta a thugann léiriú maidir le sé mhíle bliain de shealbhaíocht dhaonna agus úsáid talún, a dtugtar aitheantas dó trí cheantar Bhoirne a chur san áireamh ar Liosta Sealadach Láithreán Oidhreachta Domhanda d’Éirinn. Ar phríomhghné den oidhreacht chultúrtha seo tá cleachtas ‘doláimhsithe’ ‘buailteachas geimhridh’. Cé nach bhfuil aon eolas faoi bhunús agus faoi aois an chleachtais, is dóigh go ndearna feirmeoirí tréadacha i bhfad siar forbairt air chun dul in oiriúint don tíreolaíocht áitiúil.

Sa samhradh, is fíorbheagán uisce a bhíonn le fáil i gcnoic aolchloiche Bhoirne agus d’fhéadfadh an charraig nochta a bheith róthe don bheostoc, agus d’fhéadfadh an fásra a bheith an-gharbh, tirim agus dobhlasta. Sa gheimhreadh, áfach, tá fuílleach uisce ann atá saibhir ó thaobh cailciam de mar go n-ardaíonn na maoschláir agus tagann fuaráin aníos; má theipeann ar an méid seo, bailítear uisce báistí agus úsáid á baint as buainteoirí uisce saincheaptha. Briseann luath-shioc síos an fásra garbh chun ‘féar fada’ a sholáthar le linn an gheimhridh. Feidhmíonn an aolchloch féin mar thaiscthéitheoir ollmhór, ag ligean go mall le teas an tsamhraidh agus ag soláthar ‘luí-tirim’ do bheostoc atá ag geimhriú amuigh agus cumasaíonn séasúr fáis níos faide d’fhéar agus do luibheanna.

Caithfidh sé gur aithin na feirmeoirí áitiúla fadó tréithe gaolmhara ardtailte Bhoirne sa gheimhreadh – agus a mhí-oiriúnacht don bheostoc sa samhradh – a chuir a gcuid córas innilte in oiriúint dó dá réir sin, le toradh tairbheach. Chuaigh an t-oiriúnú seo chun tairbhe don tsochaí freisin; cruthaigh taighde le gairid an nasc idir innilt gheimhridh agus teacht slán bithéagsúlachta saibhre agus neamhchoitianta Bhoirne. Tá an deis ag flóra saibhir Bhoirne a bheith faoi bhláth agus síolta a chur amach sa samhradh gan cur isteach ó bheostoc atá ag innilt, agus le linn an gheimhridh nuair a bhíonn na plandaí seo suanach tá an beostoc in ann an féar agus na luibheanna seo a ithe agus sa chás go bhfágfaí gan ithe iad bheadh siad mar chlúdach dothreáite a phlúchadh an flóra agus d’fhásfadh scrobarnach mar thoradh air.

Cleachtadh agus cleachtóirí

Is traidisiún beo atá i gceist le buailteachas geimhridh agus leanann céadta de theaghlaigh fheirme Bhoirne lena chleachtadh go dtí an lá atá inniu ann. Dé ghnáth, cuimsíonn feirm Bhoirne limistéir talamh féaraigh ísealchríche d’innilt agus d’fhoráiste sa samhradh, agus limistéar ina bhfuil talamh féaraigh garbh lena úsáid sa gheimhreadh. Ag brath ar chodanna agus ar acmhainneacht ghaolmhar na dtailte samhraidh agus geimhridh seo, beidh gach aon chóras buailteachais geimhridh difriúil a chinntíonn ardleibhéal éagsúlachta ar fud an réigiúin, laistigh agus idir feirmeacha.

De ghnáth déantar beostoc (eallach go príomha – is fíorbheagán caoirigh atá fanta sa Bhoirinn) a sheoladh ar bhuailteachas geimhridh ó mhí Mheán Fhómhair ar aghaidh. Seoltar de shiúl na gcos iad/nó cuirtear ar leoraí nó i leantóir iad. Bíonn siad ar thóir foráiste ar na féarthailte garbha le fíorbheagán beathú breise riachtanach go haimsir na Nollag ar a laghad agus ansin d’fhéadfaí roinnt acu a thabhairt abhaile agus iad a chur i stábla. I bhformhór na gcásanna fanann eallach ar bhuailteachas geimhridh go mí an Mhárta nó fiú mí Aibreáin. D’fhéadfadh lao a bheith ag roinnt bó le linn a bheith ar bhuailteachas geimhridh agus d’fhéadfaí roinnt eile a thabhairt abhaile roimh bhreith lao. D’fhéadfaí beathú breise féir, sadhlais nó grán a thabhairt dóibh chun cothabháil a dhéanamh ar bhail na n-ainmhithe. Faoi dheireadh an gheimhridh d’fhéadfadh sé go mbeadh meáchan caillte ag an stoc ach bíonn an ‘fás cúiteach’ thar a bheith go maith nuair a aistrítear go féarach samhraidh iad.

Tá pócaí de ‘bhuailteachas geimhridh’ in áiteanna eile in Éirinn ach níl siad ar scála tírdhreacha Bhoirne. Leanann feirmeoirí ar Oileáin Árann cleachtas atá ar aon dul beagnach. Tá taifeadadh déanta ar shamplaí de ‘bhuailteachas aisiompaithe’ in áiteanna eile ach níl siad chomh bainteach le tírdhreach áirithe mar atá an ‘buailteachas geimhridh’ leis an mBoirinn.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Cé go leantar le cleachtas traidisiúnta buailteachais geimhridh sa Bhoirinn sa lá atá inniu ann, tá athrú suntasach tagtha air le fiche nó tríocha bliain anuas agus leanann meath ag teacht ar ábharthacht córais agus cleachtais feirmeoireachta atá imeallach ó thaobh an gheilleagair de lenar bhain dlúthshaothar go minic. Cé gur athruithe réasúnta mion atá i roinnt de na hathruithe – pórtha difriúla eallach, córais nua le beostoc a iompar, níos lú aoirí bó tiomanta srl – tá roinnt athruithe eile níos suntasaí.

Mar shampla, coinníonn go leor d’fheirmeoirí Bhoirne a gcuid beostoc i sciobóil lataí ar feadh na coda is mó den gheimhreadh agus iad á mbeathú le sadhlas. Cé go bhfuil sé níos costasaí, tá an córas seo níos éifeachtúla agus níos oiriúnaí don gheilleagar feirme atá á dhéanamh ar bhonn páirtaimseartha den chuid is mó anois. I gcásanna eile, coinníonn feirmeoirí a gcuid stoc ar bhuailteachas geimhridh, cé go mbíonn siad á mbeathú le sadhlas, a bhfuil a tháirgeadh agus a dháileadh cumasaithe ag córais fheirme ard-mheicnithe.

Rud atá íorónta, cé go bhfuil cleachtas ‘buailteachas geimhridh’ faoi bhagairt, tá glacadh níos forleithne lena ábharthacht d’oidhreacht agus do gheilleagar Bhoirne. Tá an caidreamh idir innilt gheimhridh agus bithéagsúlacht sa Bhoirinn léirithe ag roinnt tionscadail taighde ina ndeimhnítear go ndéanann innilt gheimhridh níos fearr cothabháil ar leibhéil níos airde bithéagsúlachta. Tá an meath atá ag teacht ar an bhfeirmeoireacht – go háirithe ar fhéarthailte buailteachais geimhridh – ceangailte go dlúth leis na leibhéil níos airde scrobarnaí atá ag leathnú agus atá mar bhagairt do thréithe nádúrtha agus cultúrtha Bhoirne, a chiallaíonn rochtain srianta do líon na gcuairteoirí atá ag dul i méid chun an réigiúin.

Tionscnaíodh freagra nuálach ar na dúshláin seo sa bhliain 2004 trí mhaoiniú LIFE AE i bhfoirm tionscadal LIFE Bhoirne. D’oibrigh an tionscadal le feirmeoirí áitiúla chun treoirphlean a fhorbairt d’fheirmeoireacht inbhuanaithe sa Bhoirinn, rinneadh forbairt ar chórais nuálacha maidir le beathú breise do bheostoc atá ag geimhriú amuigh, ag fáil réidh le scrobarnach atá ag leathnú, ag tógáil ballaí timpeall ar fhéarthailte agus ag cosaint foinsí nádúrtha uisce.

Bhí tabhairt isteach Chlár Bhoirne sa bhliain 2010 mar thoradh ar rathúlacht an tionscadal seo. Rinneadh ceannródaíocht sa chlár seo atá Cómhaoinithe ag an AE, ag an Roinn Talmhaíochta agus ag an NPWS, ar chóras íocaíochta bunaithe ar thorthaí trína n-íoctar feirmeoirí ar bhonn folláine comhshaoil a bhféarthailte buailteachais geimhridh. Tá athbheochan cleachtas ‘buailteachas geimhridh’ mar thoradh air seo thráth a dtugtar luach saothair d’fheirmeoirí as dea-bhainistiú – innilt gheimhridh níos faide, beathú breise spriocdhírithe, ballaí agus foinsí uisce le cothabháil mhaith déanta orthu, rialú leanúnach speicis ionracha, srl.

Sa bhliain 2014, rinne Iontaobhas Burrenbeo, carthanas tírdhreacha áitiúil, comhordú ar Dheireadh Seachtaine Tionscnaimh Buailteachais Geimhridh Bhoirne, ceiliúradh pobail ar an gcóras ársa seo atá ríthábhachtach chun tacú le hoidhreacht Bhoirne. Áirítear san fhéile, a reáchtáladh i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair, agus atá ag tarlú i sráidbhailte difriúla Bhoirne gach aon bhliain, raon leathan imeachtaí – ‘Siúlóidí Aoire Bó’ faoi stiúir feirmeoirí áitiúla, Aonach Bia, searmanas bronnta don ‘bhuailteachas geimhridh is fearr’ agus comhdháil idirnáisiúnta ar fheirmeoireacht inbhuanaithe – Scoil Bhuailteachais Geimhridh Bhoirne.

Tugtar an deireadh seachtaine chun críche le seoladh tréada, tráth a dtéann muintir na háite agus cuairteoirí araon in éineacht le teaghlach feirme ón mBoirinn agus iad ag seoladh a gcuid beostoc ar ais chuig buailteachas geimhridh do shéasúr eile. Tá cáil náisiúnta bainte amach ag an imeacht seo, a chuireann ár dtraidisiúin feirmeoireachta agus an cion a chuir siad lenár n-oidhreacht náisiúnta i gcuimhne go tráthúil dúinn.

Tá scéal uathúil Bhuailteachas an Gheimhridh mar ghné a sheasann amach go soiléir i gclár oideachais scoileanna Áit Bheo, Iontaobhas Burrenbeo (www.burrenbeo.com).

Faisnéis bhreise

Tá úsáid á baint as an téarma ‘Buailteachas Geimhridh’ anseo le cur síos garbh a dhéanamh ar na cleachtais buailteachais aisiompaithe traidisiúnta a bhí in úsáid ag feirmeoirí Bhoirne leis na glúnta, oiriúnú cliste a gcórais tréadacha chun freastal ar shrianta geografacha Bhoirne le buntáiste iomaíoch mar thoradh – costais ísle maidir le beathú geimhridh – do na feirmeoirí siúd a leanann le bheith ábhartha go dtí an lá atá inniu ann, bhíodh is go bhfuil a méid ag dul i léig. Baintear úsáid go háitiúil as an téarma ‘buailteachas geimhridh’ chun tagairt a dhéanamh d’fhéarthalamh garbh áit a gcaitheann an beostoc an geimhreadh.

Tá cleachtais buailteachais aisiompaithe den sórt sin sách neamhchoitianta sa chomhthéacs Éireannach agus Eorpach, cé go bhfuil samplaí le fáil in áiteanna eile ó am go chéile. Mar sin féin, samhlaítear ‘buailteachas geimhridh’ leis an mBoirinn – agus le hOileáin Árann go méid áirithe – sa chomhthéacs Gaelach, go háirithe i measc an phobail feirmeoireachta a bhfuil ‘luí tirim’ ar an mBoirinn mar údar mór seanchais. Déanta na fírinne, cheannaigh feirmeoirí chomh fada ó bhaile le Contae na Mí san am a caitheadh tailte buailteachais geimhridh sa Bhoirinn, aitheantas atá anseo ar acmhainneacht beathú geimhridh ar chostas íseal agus ar chaighdeán ard, agus leanann siad le feirmeoireacht a dhéanamh ar an mbuailteachas geimhridh seo sa lá atá inniu ann, agus is minic leo aoirí bó áitiúla a fhostú lena mbainistiú.

Tá buailteachas geimhridh mar shampla iontach maidir leis an mbealach ina ndearna pobail thuaithe a dtírdhreach áitiúil a mhúnlú agus ar an mbealach ina ndearna an tírdhreach múnlú orthusan. Tá buailteachas geimhridh sa Bhoirinn mar phríomhchleachtas freisin ó thaobh cothabháil a dhéanamh ar oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha an réigiúin: ciallaíonn innilt gheimhridh níos mó bithéagsúlachta agus níos lú scrobarnach a bheith ag leathnú amach, a chuireann tábhacht nua-aimseartha leis an gcleachtas ársa seo. Tá an meath atá ag teacht ar an gcleachtas maidir le buailteachas geimhridh le blianta anuas mar údar imní dóibh siúd a bhfuil cion agus meas acu ar an mBoirinn, atá, gan amhras, ar an oidhreacht tírdhreacha is fearr in Éirinn.

Teastaíonn ó Iontaobhas Burrenbeo, Clár Bhoirne agus ó na feirmeoirí agus ó phobal Bhoirne cothabháil a dhéanamh ar chleachtas Bhuailteachas an Gheimhridh – ní mar chuimhneachán ar na traidisiúin feirmeoireachta atá imithe i léig ach mar chleachtas beo atá lárnach d’fholláine an tírdhreacha seo agus d’fholláine na ndaoine.

Tá borradh geilleagrach déanta ag rathúlacht Chlár Bhoirne, atá i dtús fáis, ó thaobh tacú le roinnt feirmeoirí le cleachtas buailteachais geimhridh a aisiompú, borradh a bhí in easnamh le blianta beaga anuas de réir mar atá córais feirmeoireachta níos dírithe ar éifeachtúlacht (ní nach ionadh). Chuir deireadh seachtaine buailteachais geimhridh Bhoirne béim ar ábharthacht sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil na gcleachtas seo agus chuir ar na súile don ghlúin nua de chónaitheoirí uirbeacha agus tuaithe an tábhacht leathan a bhaineann le córais feirmeoireachta tréadacha ar fud na hÉireann ó thaobh cothabháil a dhéanamh ar ár n-oidhreacht agus ar ár bhféiniúlacht, a chuimsítear go hálainn sa seoladh tréada bliantúil Buailteachais Geimhridh.

D’oibrigh Iontaobhas Burrenbeo le scór blianta anuas le beagnach 2000 leanbh ón mBoirinn trína chláir Eco Beo agus Áit Bheo – agus ba chlann mac nó clann iníon le feirmeoirí Bhoirne a bhí in go leor de na leanaí seo agus dá bhrí sin caomhnóirí an tírdhreacha agus an chleachtais thraidisiúnta seo amach anseo – chun an tsainiúlacht agus an chiall atá le cleachtas buailteachais geimhridh Bhoirne a chur ar na súile dóibh agus a n-aird a dhíriú ar an ról atá acu féin ó thaobh cothabháil a dhéanamh ar an gcleachtas seo.

Eagraíocht Teagmhála

Clár Bhoirne
Inis, Contae an Chláir

Eagraíocht Teagmhála

  • Iontaobhas Burrenbeo www.burrenbeo.com
  • Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann sa Bhoirinn
  • Tionscadal Aran LIFE www.aranlife.com
  • An Roinn Talmhaíochta agus Bia, lena n-áirítear, Teagasc agus Bord Bia