+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

Caintis / Gaimis

Láthair Ar fud na hÉireann
Catagóirí Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga
Eochairfhocail Traidisiúin béil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga
Eagraíocht Teagmhála Ceardlann Lucht Siúil na Mí

Teanga thraidisiúnta atá sa Chaintis / Gaimis a labhraíonn Lucht Siúil na hÉireann. Meastar gur teanga chrióil atá inti a d’fhorbair an Lucht Siúil a tháinig ó chúlraí Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Béarla. De ghnáth, tagann na teangacha Crióil as leaganacha pidsean den teanga a bhíonn á labhairt ag an daonra i gcoitinne. D’fhéadfadh go dtabharfadh an lucht Siúil Siúil Shelta ar an gCaintis / Gaimis chomh maith. Is iad na daoine níos sine is mó a bhíonn á labhairt ar fud na tíre.

Faisnéis chúlra

Tugann an Lucht Siúil ainmneacha éagsúla ar an teanga, bunaithe ar an teaghlach lena mbaineann tú. Tugann cuid acu Shelta, Gaimis nó Caintis (Minceirtoiree) uirthi. Ciallaíonn Minceir an Lucht Siúil agus ciallaíonn Toiree caint, mar sin d’fhéadfaí Caint an Lucht Siúil a thabhairt ar an teanga, Caintis, nó fiú Minceirs Toiree. Is í an teanga an rud deireanach atá fágtha againn, agus is í a thugann ár seanchas dúinn. Thabharfadh go leor teaghlaigh Gaimis uirthi toisc gur canúint í seo atá cineál difriúil ón gCaintis féin.

Is í an teanga an rud deireanach atá fágtha againn, agus is í a thugann ár seanchas dúinn. Baineann sé leis na focail a úsáidtear. D’fhéadfadh teangacha a bheith ina gcol ceathracha ag a chéile cosúil leis na Teangacha Gearmáinice nó an Béarla. Is í an tSean-Ghaeilge an col ceathrar is gaire dár dteanga. Bhíodh an tSean-Ghaeilge á labhairt anseo roimh na 1200idí. Bíonn cuid de na focail a bhíodh in úsáid ag an am sin fós in úsáid ag an Lucht Siúil sa lá atá inniu ann nuair a labhraímid inár dteanga féin.

Na focail atá againne le haghaidh sagart agus Dia léirítear i seancháipéisí gur focail iad a bhíodh in úsáid in Éirinn sa tréimhse réamh-Chríostaíochta agus fós féin bainimid úsáid astu sa lá atá inniu ann. De bharr go raibh ár dtraidisiún bunaithe go mór ar an traidisiún béil is beag fianaise scríofa atá ann.

Cleachtas agus cleachtóirí

Toisc gurb iad na baill is sine de chuid an Lucht Siúil is mó a úsáideann an teanga thraidisiúnta tá an baol ann go n-imeoidh sí in éag. Ní bhaineann sí go sonrach le haon limistéar ar leith ar fud na tíre ach is féidir í a chloisteáil go hard agus go soiléir ag aon cheann de na cruinnithe a bhíonn ag an Lucht Siúil, go háirithe ag aontaí capall ar nós Aonach Capall Bhéal Átha na Sluaighe.

Bíonn Béarla chomh maith le Caintis / Gaimis san áireamh i gcuid de na bileoga agus de na cáipéisí a bhíonn in úsáid ag Ceardlann Lucht Siúil na Mí, Gluaiseacht Lucht Siúil na hÉireann agus Ionad Pavee.

Tacaíonn an Taispeántas Soghluaiste Staire Beo de chuid Cheardlann Lucht Siúil na Mí leis an obair chun an teanga agus na ceirdeanna a choinneáil beo agus leanfar ar aghaidh leis sin amach anseo.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Tá an Lucht Siúil an-tógtha le go ndéanfaí athbheochan ar an teanga. Bhí tionchar ag reachtaíocht a chuir cosc ar an Lucht Siúil a dtraidisiún fánaíochta a chleachtadh ar iarrachtaí an teanga a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Cuireadh iallach ar fhormhór an phobail cur fúthu i lonnaíochtaí agus chuir sé sin isteach ar phatrún na hoidhreachta idirghlúine ach tá sé fós mar chuid de ghnás teanga an teaghlaigh núicléach agus an teaghlaigh sínte.

Tá athnuachan agus athbheochan iomlán níos tábhachtaí ó tugadh aitheantas don Lucht Siúil mar ghrúpa mionlaigh eitneach (Márta 2017) agus leagtar béim ar an ngá atá le hacmhainní leordhóthanacha chun ardú céime a thabhairt don mhionteanga dhúchasach seo agus a stádas a athbhunú laistigh den phobal agus i measc na ndaoine óga sa phobal.

I staidéar a rinne an taighdeoir Alice Binchy (Teanga an Lucht Siúil ‘A Heritage Ahead’, Pavee Point 1995) bhí dhá ghrúpa tuismitheoirí a bhain leis an Lucht Siúil a sheas amach mar an dream ba mhó a raibh seans acu an teanga a chur ar aghaidh. Sa chéad ghrúpa tá teaghlaigh a bhfuil ag éirí leo stíl mhaireachtála thraidisiúnta an Lucht Siúil a choinneáil – iad siúd a bhíonn ag fánaíocht agus ina gcónaí i ngrúpaí teaghlaigh traidisiúnta. Tá na teaghlaigh seo de chuid an Lucht Siúil fós ag úsáid na Caintise ar an mbealach traidisiúnta. Sa dara grúpa tá baill den Lucht Siúil a mheasann gur gné thábhachtach dá bhféiniúlacht eitneach í an teanga. Ba mhaith leis an ngrúpa seo go mbeadh an Chaintis ar fáil sna scoileanna agus tá siad i bhfabhar ranganna Caintise dá bpáistí. Tá samplaí againn anois d’amhráin a bheith á scríobh sa Chaintis, mar shampla Lashun Gatna (Leanbh Álainn) le Jack Delaney, 2013.

Eagraíocht Teagmhála

Ceardlann Lucht Siúil na Mí

Eagraíocht Teagmhála

Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann

Ionad Pavee an Lucht Siúil agus an Phobail Roma