Láthair | Ar fud na hÉireann |
---|---|
Catagóirí | Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte Ceardaíocht thraidisiúnta Ceardaíocht thraidisiúnta Na Taibhealaíona |
Eochairfhocail | Ceardaíocht, fíodóireacht |
Eagraíocht Teagmhála | Eagraíocht teagmhála Cumann Caoladóireachta na hÉireann |
Is í an chaoladóireacht an cheird is sine ar domhan, agus an ceann is forleithne. In Éirinn tá traidisiún againn a théann siar na céadta bliain, agus ciseáin á ndéanamh chun breosla a iompar, bia a bhailiú nó eascanna nó bia mara a ghabháil, i measc go leor rudaí eile.
Faisnéis chúlra
Déantar ciseáin as pé ábhar somhúnlaithe a bhíonn ag fás go háitiúil. Inár gcás úsáidimid slata saileach, agus fitear iad le chéile. Tá úsáid bainte againn as coll, fraoch nó fuipeanna de chrainn eile freisin.
Tá cuid de na dearaí atá ar na ciseáin an-sean ar fad, gan aon athrú tagtha orthu leis na céadta bliain, amhail an cliabh nó ciseog na bprátaí. Tá bunús níos nua-aimseartha, áfach, ag baint le cuid eile de na ciseáin. Ach beag beann ar a bhunús, ní raibh aon chiseán déanta go dtí seo le meaisín. Go deimhin, is ceird inbhuanaithe amach agus amach í agus
í déanta go háitiúil as ábhar nádúrtha an cheantair.
Cleachtas agus cleachtóirí
Tá go leor caoladóirí in Éirinn sa lá atá inniu ann a bhaineann amach cuid dá slí mhaireachtála, nó é ar fad, ó bheith ag déanamh ciseáin. Tá glúin níos óige ann freisin atá ag féachaint le traidisiún na caoladóireachta a dhéanamh nua-aimseartha agus é á uasdátú ionas go mbeidh an ealaín ársa seo ábhartha do shaol an lae inniu. Suas go dtí thart ar na 1980idí bhí leaganacha éagsúla den chineál céanna ciseán le fáil sna ceantair éagsúla, cuirim i gcás an cliabh, a bhfuil cur síos déanta air i leabhar Joe Hogan “Basket making in Ireland”.
I measc na gcaoladóirí móra eile a bhfuil cáil orthu tá Joe agus Ciarán Hogan i nGaillimh, Alison Fitzgerald in
Ard Mhacha, Beth Murphy i gCill Dara, Barry Noyce i gCeatharlach, Hanna van Aelst i dTiobraid Árann,
Martin O’Flynn i gCorcaigh, Cathy Hayden i Loch Garman, agus Brendan Farren i nDún na nGall.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Tá Cumann Caoladóireachta na hÉireann ar an bhfód ó dheireadh na 1980idí i leith. Tá sé mar mhisean acu cabhrú le caoladóirí na hÉireann agus iad a spreagadh leis an gceird a chur chun cinn, baill nua a spreagadh, agus an cheird a choinneáil ábhartha agus muid ag dul isteach san aois ardteicneolaíochta. Cuireann sé nuachtlitir amach uair sa ráithe, agus is féidir liosta ballraíochta nuashonraithe a fháil ach é a iarraidh.
Tacaíonn Comhairle Ceardaíochta na hÉireann (agus Tuaisceart Éireann) leis an gcumann trí dheiseanna maoinithe a chur ar fáil, chomh maith le tacaíochtaí eile ó thaobh bolscaireachta de.
Eagraíocht Teagmhála
Eagraíocht teagmhála Cumann Caoladóireachta na hÉireann