+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

FÉILE NA gCLOCH – THE FESTIVAL OF STONE AR INIS OÍRR

Ón 14ú go dtí an 17ú Meán Fómhair na bliana seo, tharlaigh an fhéile bhliantúil, Féile na gCloch, ar Inis Oírr. Thaispeáin téama na bliana seo: Lámha trasna na hEorpa, Hands Across Europe an malartú cultúrtha idir rannpháirtithe ó thimpeall an domhain. I rith na féile ceithre lá, chruinnigh ionadaithe ó phobail tógála cloiche singil chun eolas a roinnt agus ceiliúradh a dhéanamh ar cheardaíocht, oidhreacht, agus áille shíoraí na hoibre cloiche atá le fáil ar Inis Oírr, in áiteanna éagsúla in Éirinn agus ar fud an domhain. Cuireadh Ceird Tógála, Eolais agus Teicnící Cloiche Singil le Liosta Ionadaíoch d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna de chuid EOECNA go hoifigiúil in 2018. Tugadh an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Iodáil, an Ghréig, an tSlóivéin, an Spáin agus an Eilbhéis san áireamh leis an inscríbhinn tosaigh seo. I Márta 2023, cuireadh iarratas faoi bhráid EOECNA ag féachaint le hÉirinn, an Ostair, Andóra, an Bheilg agus Lucsamburg a chur leis an inscríbhinn. Táthar ag súil le cinneadh EOECNA maidir leis an iarratas seo i Nollaig 2024. Chun an iarratas seo ar EOECNA a mharcáil, agus tacú le comhpháirtíocht agus malartú eolais idirnáisiúnta, thug Éire cuireadh d’ionadaithe ó gach tír a raibh baint acu leis an inscríbhinn freastal ar Fhéile na gCloch 2023. Mar pháirt de chlár an fhéile, thug na toscairí cainteanna agus taispeántais chomh maith le páirt a ghlacadh i mballa Idirnáisiúnta a thógáil, agus iad á dtumadh féin i gcultúr an oileáin. Roinneadh eolas suimiúil faoi thógáil chloiche singil, cosúil le tionscadail agus thionscnaimh atá ag dul ar aghaidh faoi láthair faoin chleachtas seo, atá na mílte bliain d’aois, trí cheardlanna ar thógáil chlaíocha cloch; snoíodóireacht litreach agus chloiche; conas mortéal aoil the a mheascadh agus a chur; agus sceitseáil. Leis an chlár fhairsing imeachtaí, léiríodh ilfheidhmeacht an traidisiúin thábhachtaigh oidhreachta cultúir doláimhsithe seo. Seoladh an taispeántas ‘Lámha trasna na hEorpa’ (Hands Across Europe) i rith na féile fosta. Léiríodh sa taispeántas seo ealaíontacht shaibhir thraidisiúnta na tógála cloiche singil in Andóra, sa Bheilg, sa Chróit, sa Chipir, sa Fhrainc, sa Ghréig, in Éirinn, i Lucsamburg, sa tSlóivéin agus sa Spáinn. Chomh maith leis sin, tá ceiliúradh á dhéanamh in 2023 ar 20 bliain den Choinbhinsiún chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú 2003 de chuid EOECNA. Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún seo in 2015 agus sheol sí a chéad Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Cultúir Doláimhsithe in 2019, a bhfuil 38 ngné d’oidhreacht bheo na hÉireann curtha leis go dtí seo. D’éirigh le hÉirinn fosta ceithre chleachtas Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe a chur ar an Liosta Ionadaíoch d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna de chuid EOECNA; Píobaireacht Uillinn in 2017, Iománaíocht in 2018, Seinm Chláirsí na hÉireann in 2019, agus Seabhcóireacht na hÉireann in 2021. Inbhuanaitheacht na Tógála Cloiche Singil Beag beann ar an luach a bhaineann leis an chleachtas seo ó thaobh an chultúir agus na hoidhreachta ar fud na hEorpa, is bealach tógála inbhuanaithe é tógáil chlaí chloch nach ndéanann dochar d’éiceachórais nádúrtha atá cóngarach don áit tógála. Is féidir inbhuanaitheacht tógála claí cloch a mhínigh in dhá chuid: trí dhearcadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) trína bheith ag amharc ar an bhealach a chur an t-imeacht caomhnú na ceirde seo chun cinn agus ar na héifeachtaí dearfacha a bhí aige ar phobal áitiúil an oileáin; agus ó na toscairí iad féin agus iad ag míniú na bealaí sainiúla a laghdaíonn tógáil chlaí chloch éifeachtaí an athraithe aeráide, agus a chuireann sí le hinbhuanaitheacht ina réigiúin féin. Ag Comhlíonadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Cé go bhfuil tógáil chlaí chloch inbhuanaithe ann féin, cuireann Féile na gCloch leis an inbhuanaitheacht ina bealach féin agus tá sé ag teacht le 6 amach as na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, mar a leag na Náisiúin Aontaithe amach iad: Sprioc 4: Oideachas ar Ardchaighdeán - Cuireann Féile na gCloch Inis Oírr scileanna traidisiúnta chun cinn cosúil le tógáil chlaí chloch, snoíodóireacht litreach, snoíodóireacht chloiche, agus sceitseáil trí cheardlanna agus gníomhaíochta oideachasúla. Trí oiliúint agus oideachas sna ceirdeanna traidisiúnta seo a chur ar fáil, cuidíonn sé lenár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus scileanna luachmhara a chur ar aghaidh do na glúnta amach romhainn. Sprioc 8: Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch - Trí cheardlanna agus oiliúint i gceirdeanna cloiche a chur ar fáil, tacaíonn Féile na gCloch Inis Oírr leis an gheilleagar áitiúil trí dheiseanna fostaíochta agus ioncaim a chur ar fáil do cheardaithe agus saoir áitiúla. Cuireann sé fás eacnamaíoch inbhuanaithe chun cinn trí ghnólachtaí áitiúla a thacú agus ceirdeanna traidisiúnta a chuireann le oidhreacht chultúrtha an phobail a chaomhnú. Sprioc 9: Tionscal, Nuálaíocht agus Bonneagar - Le tógáil chlaí chloch, snoíodóireacht chloiche agus snoíodóireacht litreach, is féidir cur le húsáid ábhar agus teicnící tógála traidisiúnta, agus tacú le bonneagar inbhuanaithe a fhorbairt. Is féidir leis seo a bheith úsáideach d’fhoirgnimh stairiúla agus suíomhanna oidhreachta cultúir a chaomhnú. Sprioc 11: Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe - Is é atá mar aidhm ag Féile na gCloch ná forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i bpobal áitiúil Inis Oírr trí theicnící tógála traidisiúnta a chur chun cinn cosúil le tógáil chlaí chloch, úsáid aoil the, snoíodóireacht chloiche agus snoíodóireacht litreach. Trí úsáid a bhaint as teicnící agus ábhair inbhuanaithe, cuireann na gníomhaíochtaí seo le caomhnú thimpeallacht nádúrtha agus thírdhreach cultúrtha an oileáin agus cruthaíonn siad pobal níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe. Sprioc 12: Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach - Is imeacht atá dírithe ar cheirdeanna agus scileanna traidisiúnta é Féile na gCloch Inis Oírr lena gcuirtear tomhaltas agus táirgeadh freagrach chun cinn trí úsáid ábhar áitiúil agus inbhuanaithe a spreagadh. Le tógáil chlaí chloch agus snoíodóireacht chloiche, tugtar tús áite d’ábhair áitiúla agus teicnící traidisiúnta, cuirtear táirgeadh inbhuanaithe chun cinn agus laghdaítear an tionchar ar an chomhshaol. Léirítear le húsáid aoil the cleachtais tógála inbhuanaithe agus an tábhacht a bhaineann le hastaíochtaí carbóin a laghdú. Trí úsáid ábhar dá leithéad a chur chun cinn, laghdaítear an tionchar comhshaoil a bhaineann le hábhair tógála eile nach bhfuil chomh inbhuanaithe céanna. Sprioc 13: Gníomhú ar son na hAeráide - Tacaíonn Féile...

Read Me

Féile na gCloch 14 – 17 Meán Fómhair 2023

Bunaíodh Féile na gCloch sa bhliain 2006 agus reáchtáltar é gach bliain ar oileán álainn Inis Oírr. San Fhéile, déantar ceiliúradh ar cheardaíocht, ar oidhreacht, agus ar áilleacht bhuan an obair chloiche atá le feiceáil ar Inis Oírr, in áiteanna éagsúla in Éirinn agus ar fud an domhain. Áiríonn an fhéile go leor ceardlann ar nós claí cloch, snoíodóireacht chloiche, litreoireacht, sceitseáil agus oibriú le moirtéal te aoil. Tugtar deis ann freisin do phobail chlaí cloch, do cheardaithe agus do dhaoine a bhfuil spéis acu ann teacht le chéile agus eolas a mhalartú, rud a chabhraíonn, dá réir sin, leis an ngné thábhachtach seo dár n-oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe a chosaint. In 2018, cuireadh tógáil, eolas agus teicnící chlaí cloch ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Daonna. Áiríodh an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Eilvéis san inscríbhinn tosaigh seo. I mí an Mhárta 2023 cuireadh iarratas faoi bhráid UNESCO ag iarraidh Éire, an Ostair, Andóra, an Bheilg agus Lucsamburg a chur leis an inscríbhinn. Táthar ag súil le cinneadh UNESCO ar an iarratas seo i mí na Nollag 2024. Chun an t-iarratas seo chuig UNESCO a mharcáil agus chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chomhpháirtíocht idirnáisiúnta agus do chomhroinnt eolais, thug Éire cuireadh d’ionadaithe ó gach ceann de na tíortha a bhfuil baint acu leis an inscríbhinn freastal ar Fhéile na gCloch 2023. Tabharfaidh an toscaireacht idirnáisiúnta cainteanna agus cur i láthair le linn na féile agus glacfaidh siad páirt i dtógáil ‘Balla Idirnáisiúnta’. Léireofar taispeántas ‘Lámha trasna na hEorpa’ le linn na féile freisin. Léirítear sa taispeántas seo ealaín shaibhir thraidisiúnta thógáil chlaí cloch in Andóra, san Ostair, sa Bheilg, sa Chróit, sa Chipir, sa Fhrainc, sa Ghréig, in Éirinn, i Lucsamburg, sa tSlóivéin agus sa Spáinn. Is féidir tuilleadh eolais faoi Fhéile na gCloch a léamh ar: https://heritage.galwaycommunityheritage.org/content/category/topics/feile-na-gcloch Is féidir tógáil, eolas agus teicnící chlaí cloch a fheiceáil ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Daonna ar https://ich.unesco.org/en/RL/art-of-dry-stone-walling-knowledge-and-techniques-01393

Read Me

Ceiliúradh a Dhéanamh ar Chomóradh 20 Bliain Choinbhinsiún UNESCO 2003 um Chosaint Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe

Ar siúl ón 12 go dtí an 20 Lúnasa agus ag díriú ar théama na hOidhreacht Beo, is cinnte go mbeidh Seachtain Náisiúnta Oidhreachta na bliana seo lán le deiseanna chun ár dtraidisiúin, cleachtais, eolas agus scileanna a fhiosrú. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta le foghlaim faoi na himeachtaí atá ar siúl i do cheantar chun oidhreacht chultúir dholáimhsithe na hÉireann a chur chun cinn agus a chosaint. Comóradh 20 Bliain Choinbhinsiún UNESCO 2003 Déantar ceiliúradh chomh maith i mbliana ar bhunú Choinbhinsiún UNESCO 2003 um Chosaint Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. Glacadh leis an gCoinbhinsiún ar an 17 Deireadh Fómhair 2003 ag an 32ú seisiún de Chomhdháil Ghinearálta UNESCO, agus leathnaíodh ann coincheap na hoidhreachta cultúrtha chun oidhreacht chultúir dholáimhsithe a chur san áireamh agus leagadh béim ann ar a thábhachtaí agus atá sé é a chosaint ar an leibhéal idirnáisiúnta. Seo a leanas cuspóir an Choinbhinsiúin:  oidhreacht chultúir dholáimhsithe a chosaint;  a chinntiú go léirítear meas ar oidhreacht chultúir dholáimhsithe na bpobal, na ngrúpaí agus na ndaoine aonair lena mbaineann;  feasacht a ardú ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar a tábhacht; ag cinntiú comhthuiscint uirthi; agus,  Soláthar a dhéanamh do chomhar agus cúnamh idirnáisiúnta. Le linn na bliana comórtha seo, óstálfaidh lucht UNESCO cruinnithe agus imeachtaí chun an ócáid a cheiliúradh agus chun machnamh a dhéanamh ar na tionchair a bhí ag an gCoinbhinsiún seo le fiche bliain anuas agus ag an am céanna ag baint leasa as an deis chun béim a chur ar a thábhachtaí is atá sé ár n-oidhreacht bheo a chosaint. Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo. Céard atá i gceist le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe? De réir Choinbhinsiún UNESCO 2003 is ionann oidhreacht chultúir dholáimhsithe agus na cleachtais, na léirithe, an t-eolas agus na scileanna a aithníonn pobail agus grúpaí mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha. Cuirtear ar aghaidh é ó ghlúin go glúin agus aithnítear é faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas: • Traidisiúin agus nathanna cainte; • Taibhealaíona; • Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féilte; • Eolas agus cleachtais maidir leis an dúlra agus leis an gcruinne; agus • Ceardaíocht thraidisiúnta. Fardal Náisiúnta na hÉireann um Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. I mí na Nollag 2015, dhaingnigh Éire Coinbhinsiún 2003 UNESCO. Seoladh Fardal Náisiúnta na hÉireann um Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe in 2019 agus é mar aidhm aige cleachtais, nósanna, ceardaíocht agus traidisiúin oidhreachta cultúrtha beo na hÉireann a chosaint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh, go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Go dtí seo, cuireadh 38 gcleachtas ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann um Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. Glactar le hiarratais ar an bhFardal Náisiúnta ar bhonn leanúnach. Déanann Coiste Comhairleach Saineolaithe measúnú ar na hiarratais. Breithníonn siad an sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe (mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún 2003) é an rud a ainmníodh, chomh maith le cibé an bhfuil dóthain tacaíochta agus rannpháirtíochta pobail ann don rud agus an bhfuil an rud a ainmníodh á tabhairt ó ghlúin go glúin. Cuireann an Coiste a gcuid moltaí faoi bhráid an Aire Cultúir ansin. Liosta Ionadaíoch UNESCO ar Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna Féadfaidh an Stát nithe ar an bhFardal Náisiúnta a chur ar aghaidh freisin le cur ar Liosta Ionadaíoch UNESCO ar Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna, a bhfuil an Stát i dteideal ainmniúchán amháin a dhéanamh dó gach bliain. Go dtí seo, d’éirigh le hÉirinn ceithre ghné dár nOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chur ar Liosta Ionadaíoch UNESCO ar Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna. Cuireadh Píobaireacht Uilleann air in 2017, Iománaíocht in 2018, Cláirseacht na hÉireann in 2019, Seabhcóireacht na hÉireann in 2021, a cuireadh ar an liosta ilnáisiúnta atá ann cheana féin maidir le Seabhcóireacht. I mí Mhárta na bliana seo cuireadh iarratas (faoi stiúir na hÉireann) faoi bhráid UNESCO chun Éire, an Ostair, Andóra, an Bheilg agus Lucsamburg a chur san áireamh maidir le Tógáil Claí Cloch ar Liosta Ionadaíoch UNESCO ar Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna. Táimid ag fanacht go fonnmhar le cinneadh UNESCO faoin iarratas seo, a bhfuiltear ag súil leis i mí na Nollag 2024! Trí aitheantas idirnáisiúnta a bhaint amach do na cleachtais seo, i ndlúthchomhar leis na pobail lena mbaineann, tacaítear lena gcosaint do na glúnta atá le teacht. Tugann sé aitheantas agus déanann sé ceiliúradh freisin ar obair na nglúnta a choinnigh na traidisiúin seo beo agus tugann sé deis iontach na gnéithe seo de chultúr na hÉireann a roinnt le daoine eile.

Read Me

Celebrating the 20th Anniversary of the UNESCO 2003 Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage

Taking place from 12th to 20th August and focusing on the theme of ‘Living Heritage’, this year’s National Heritage Week is sure to be an exciting week full of opportunities to explore our traditions, practices, knowledge and skills. Visit the National Heritage Week website to see what events are happening near you that help promote and safeguard Ireland’s intangible cultural heritage. 20th Anniversary of the UNESCO 2003 Convention This year also marks the 20th Anniversary of the establishment of the UNESCO 2003 Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage. The Convention was adopted on 17th October 2003 by the 32nd session of the General Conference of UNESCO, and expanded the concept of cultural heritage to include intangible cultural heritage and highlighted the importance of safeguarding it at international level. The purpose of the Convention is  to safeguard intangible cultural heritage;  to ensure respect for the intangible cultural heritage of the communities, groups and individuals concerned;  to raise awareness at the local, national and international levels of its’ importance; ensuring mutual appreciation thereof; and,  to provide for international cooperation and assistance. Throughout this celebratory year, UNESCO will host meetings and events to mark the occasion and reflect on the impacts this Convention has had over the past two decades while using the opportunity to further highlight the importance of safeguarding our living heritage. For further information, please click here. What is Intangible Cultural Heritage? Intangible cultural heritage is defined in the 2003 UNESCO Convention as referring to the practices, expressions, knowledge and skills that communities and groups recognise as part of their cultural heritage. It is passed from generation to generation and is recognised under one or more of the following categories: • Oral traditions and expressions; • Performing arts; • Social practices, rituals and festive events; • Knowledge and practices concerning nature and the universe; and • Traditional craftsmanship. Ireland’s National Inventory of Intangible Cultural Heritage In December 2015, Ireland ratified this 2003 UNESCO Convention. Ireland’s National Inventory for Intangible Cultural Heritage was launched in 2019 with the aim to protect, promote and celebrate Irish living cultural heritage practices, customs, crafts and traditions, locally, nationally, and internationally. To date, 38 elements of Ireland’s living heritage have been inscribed. Applications to the National Inventory continue to be accepted on an ongoing basis. The applications are assessed by an Expert Advisory Committee who consider whether the nominated element is an example of Intangible Cultural Heritage (as defined in the 2003 Convention), as well as whether there is adequate community support & engagement for the element and whether the nominated element is passed from generation to generation. The Committee then provide their recommendations to the Minister of Culture. UNESCO Representative List of the Intangible Cultural Heritage of Humanity Successful applicants to the National Inventory may also be put forward by the State for inscription on the UNESCO Representative List of the Intangible Cultural Heritage of Humanity, to which the State is entitled to make one nomination every year. To date, Ireland has successfully inscribed four elements of our Intangible Cultural Heritage on the UNESCO Representative List of Intangible Cultural Heritage of Humanity. Uilleann Piping was inscribed in 2017, Hurling in 2018, Irish Harping in 2019 and most recently Falconry in 2021, which joined the existing multinational inscription of Falconry. In March this year an application (led by Ireland) was submitted to UNESCO to include Ireland, Austria, Andorra, Belgium and Luxembourg on the existing Dry Stone Construction inscription on the UNESCO Representative List of Intangible Cultural Heritage of Humanity. We eagerly await UNESCO’s decision on this application, which is expected in December 2024! By achieving international recognition of these practices, in close cooperation with the communities concerned, their safeguarding is supported for future generations. It also serves to acknowledge and celebrate the work of the generations who have kept these traditions alive and provides a wonderful opportunity to share these cherished aspects of Irish culture with others.

Read Me

Ag Cosaint Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann

Oibríonn Sarah Trimble san Aonad um Beartas Cultúir Idirnáisiúnta den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Ceann de na príomhréimsí freagrachta atá uirthi is ea Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe, rud a bhfuil sé i gceist leis suíomh Gréasáin an Fhardail Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a nuashonrú, imeachtaí a eagrú chun cabhrú le cleachtais Oidhreachta Cultúir Dholáimhsithe a chur chun cinn agus a chaomhnú, tacaíocht a thabhairt d’iarratasóirí atá ag lorg inscríbhinn ar an bhFardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe, agus cruinnithe an Choiste Chomhairligh Saineolaithe um Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chomhordú. Ar smaoinigh tú riamh ar na gnéithe uile atá tábhachtach duit agus a bhfuil do chultúr agus d’oidhreacht comhdhéanta díobh? Cé na gnéithe is tábhachtaí duitse? An traidisiún, ceird nó cleachtas sóisialta a chuirtear ar aghaidh trí do chlann nó do phobal leis na cianta é nó í? Nó b’fhéidir gur scil nó cleachtas ar leith atá i mbaol a caillte nó a chaillte mura ndéantar an t-eolas a chomhroinnt agus a chothabháil go ceann na mblianta é nó í? Na cleachtais sin, ar cleachtais iad atá ríluachmhar agus, i roinnt cásanna, atá i mbaol, is minic a thugtar ‘Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe’ orthu agus mínítear sa phostáil seo conas a oibríonn an Roinn lena lán cleachtóirí agus eagraíochtaí chun cabhrú le hoidhreacht chultúir dholáimhsithe na hÉireann a chosaint agus le hí a choinneáil beo le haghaidh na nglúnta atá le teacht. Imríonn an oidhreacht chultúir dholáimhsithe ról tábhachtach san éagsúlacht chultúrtha a chothabháil. Ní hé amháin go bhfolaíonn ‘oidhreacht chultúir’ séadchomharthaí, foirgnimh, déanmhais agus rudaí, folaíonn sí freisin na scileanna agus na traidisiúin a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Agus iad faighte le hoidhreacht ónár sinsir agus curtha ar aghaidh chuig ár sliochtaigh, folaíonn na píosaí ríluachmhara oidhreachta cultúir dholáimhsithe sin traidisiúin bhéil, na taibh-ealaíona, cleachtais shóisialta, ceardaíocht thraidisiúnta agus eolas agus cleachtais lena mbaineann an dúlra agus an chruinne. Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí na traidisiúin sin beo trí iarrachtaí caomhnaithe agus trí thacú lena dtarchur ó ghlúin go glúin. Mura ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfadh go gcaillfí a lán gnéithe d’oidhreacht chultúir dholáimhsithe na hÉireann go deo. Coinbhinsiún UNESCO, 2003 Is í an bhliain seo Comóradh 20 Bliain bhunú Choinbhinsiún UNESCO chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú, 2003. Is as an gcoinbhinsiún sin do roinnt mhaith de na sainmhínithe ar cad is oidhreacht chultúir dholáimhsithe ann. Mar shampla, sainmhínítear oidhreacht chultúir dholáimhsithe sa choinbhinsiún sin mar thagairt do na cleachtais, na léirithe, an t-eolas agus na scileanna a aithníonn pobail agus grúpaí mar chuid dá n-oidhreacht chultúir. Cuirtear ar aghaidh í ó ghlúin go glúin agus aithnítear í faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas: •Traidisiúin bhéil agus léirithe; • Na taibh-ealaíona; • Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla; • Eolas agus cleachtais lena mbaineann an dúlra agus an chruinne; agus • Ceardaíocht thraidisiúnta. Tá níos mó i gceist le cuspóir an Choinbhinsiúin ná a shainmhíniú cad is oidhreacht chultúir dholáimhsithe ann. Tá sé i gceist leis freisin oidhreacht chultúir dholáimhsithe a chaomhnú; a chinntiú go mbíonn meas ann ar oidhreacht chultúir dholáimhsithe na bpobal, na ngrúpaí agus na ndaoine aonair lena mbaineann; feasacht a mhúscailt ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta ar cé chomh tábhachtach is atá sí; léirthuiscint fhrithpháirteach di a chinntiú; agus soláthar a dhéanamh do chomhar idirnáisiúnta agus do chabhair idirnáisiúnta.   Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann I mí na Nollag 2015, dhaingnigh Éire Coinbhinsiún UNESCO chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú, 2003, agus é mar aidhm aici Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann a chaomhnú, léirthuiscint di a chinntiú, agus feasacht uirthi a mhéadú. Áirítear le hoibleagáidí na hÉireann faoi Choinbhinsiún 2003 Fardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a bhunú chun cleachtais, nósanna, ceardaíocht agus traidisiúin oidhreacht chultúir dholáimhsithe bheo na hÉireann a chosaint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Sa bhliain 2019, sheol an tAire Cultúir an Fardal Náisiúnta go hoifigiúil agus, tráth atá an méid seo á scríobh, tá 38 ngné d’oidhreacht bheo na hÉireann inscríofa ann. Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag leanúint de ghlacadh le hiarratais chuig an bhFardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ar bhonn leanúnach. Is é Coiste Comhairleach Saineolaithe a mheasúnaíonn na hiarratais. Breithníonn sé an sampla d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe (de réir an tsainmhínithe i gCoinbhinsiún 2003) é an ghné ainmnithe nó nach ea, an bhfuil go leor tacaíochta agus rannpháirtíochta ann i measc an phobail don ghné nó nach bhfuil, agus an gcuirtear an ghné ainmnithe ar aghaidh ó ghlúin go glúin nó nach gcuirtear. Cuireann an Coiste na moltaí uaidh faoi bhráid an Aire Cultúir ansin. Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoin bhFardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe agus faoi fhís, misean agus prionsabail na Roinne ó thaobh na hoidhreachta cultúir dholáimhsithe de a fháil ag https://nationalinventoryich.chg.gov.ie/ga/maidir-le-hoidhreacht-chultuir-dholaimhsithe/ Anuraidh, chuir Éire an tuarascáil thréimhsiúil uaithi chuig UNESCO chun breac-chuntas a thabhairt ar na bearta reachtacha, rialála agus eile a gabhadh de láimh chun an oidhreacht chultúir dholáimhsithe a chaomhnú. Le linn an tuarascáil ó Éirinn a ullmhú, leagadh díriú ar shuirbhéireacht leathan a dhéanamh ar gheallsealbhóirí ábhartha agus ar chaidreamh leathan a dhéanamh leo. Beidh fionnachtana na tuarascála ina mbonn eolais agus treorach faoi phleananna agus tosaíochtaí le haghaidh an oidhreacht chultúir dholáimhsithe a chaomhnú sna blianta atá le teacht, agus an Fhís, an Misean agus na Prionsabail atá leagtha amach le haghaidh na hoidhreachta cultúir dholáimhsithe in Éirinn á gcur ar áireamh. Is féidir na Tuarascálacha Tréimhsiúla ó Éirinn a íoslódáil ag anseo. Liosta Ionadaíoch UNESCO le haghaidh Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna Iarratasóirí rathúla chuig an bhFardal Náisiúnta, féadfaidh an Stát iad a chur ar aghaidh freisin lena n-inscríobh ar Liosta Ionadaíoch UNESCO le haghaidh Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna, a bhfuil an Stát i dteideal ainmniúchán amháin a dhéanamh chuige gach bliain. Agus an méid seo á scríobh, d’éirigh le...

Read Me

Oidhreacht Bheo chun tosaigh i Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana

National Heritage Week Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta - ceiliúradh bliantúil ar ár n-oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha - ar siúl faoi láthair ar fud na hÉireann, ón 12ú go dtí an 20ú Lúnasa. Le téama na bliana seo, ‘Oidhreacht Bheo’, cuirtear béim ar an mheascán shaibhir chleachtas, eolais, ealaíon agus scileanna traidisiúnta, atá seachadta ó ghlúin go glúin, agus atá go fóill faoi bhláth sa lá atá inniu ann. Tá Oidhreacht Bheo ag croílar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann, le réimse imeachtaí agus gníomhachtaí ag tarlú ina dtaispeántar na traidisiúin leanúnacha a cheanglaíonn lenár bhfréamhacha muid. I measc na bpríomhimeachtaí, tá: Deis fiosrú a dhéanamh ar stair na hiománaíochta leis an Ollamh Paul Rouse ó UCD, agus é ag déanamh plé ar an spórt ionúin náisiúnta seo chomh maith le camán Shuí an Róin, a gcreidtear go bhfuil sé ar cheann de na camáin is sine i gContae Uíbh Fhailí.   Ceardaíocht mhionsonraithe na mballaí cloiche tirime i gCill Scíre, Ceanannas, Co. na Mí, áit a bhfuil Tionscadal Balla Coinneála Cloiche Tirime beagnach críochnaithe.   Deis scileanna casta gaibhneoireachta stáin a fheiceáil le gabha stáin ón Lucht Siúil, James Collins i nDún Uí Choileáin.   Plé ar ealaíontacht fhineálta Lása Luimnigh ag an imeacht “Tabhair leat do Lása féin”.   Aistear spéisiúil sa chlógrafaíocht agus dearadh ag an imeacht Strange Type & Odd Sorts, á óstáil ag an Mhúsaem Náisiúnta Cló.   Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, a spéis in i dtéama na bliana seo in iúl, ag rá: "Tugann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta deis dúinn go léir muid féin a thumadh inár n-oidhreacht bheo. Ba cheart do gach duine an deis seo a thapú le teacht le chéile mar phobail chun na traidisiúin iontacha a théann i bhfeidhm orainn a roinnt, a fhoghlaim agus a cheiliúradh. Idir cheardaíocht thraidisiúnta agus léargais stairiúla, léiríonn imeachtaí na bliana seo inacmhainneacht agus leanúnachas ár n-oidhreachta beo."   Mar pháirt de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta – faoi stiúir na Comhairle Oidhreachta – tá Lá na bPáistí Fiáine ag tarlú ar Dé Sathairn, 19ú Lúnasa, ina ligtear do pháistí a bhfiosracht agus a bhfonn eachtraíochta a scaoileadh trí shraith imeachtaí teaghlaigh a dhéanann ceiliúradh ar an taobh amuigh, an dúlra, agus an bhithéagsúlacht. Tá sé mar aidhm ag an lá seo fíorcheangal a chothú idir an ghlúin níos óige agus an dúlra.   Chun deireadh a chur leis an tseachtain ar an Domhnach, le Lá Oidhreacht an Uisce tugtar aitheantas d’uisce mar pháirt lárnach dár n-oidhreacht nádúrtha. Bain triail as turais bháid, téigh ar siúlóidí abhann, freastail ar chainteanna bithéagsúlachta mara, agus spreag cruthaitheacht do pháistí le ceardlanna spéisiúla.   Chun raon iomlán imeachtaí agus ghníomhaíochtaí Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta a fheiceáil, tabhair cuairt ar an tsuíomh ghréasáin oifigiúil ag heritageweek.ie. Cuireann an suíomh gréasáin treoir chuimsitheach ar fáil ar na himeachtaí atá ag tarlú ar fud na hÉireann, agus is féidir scagadh a dhéanamh de réir an chontae nó an chineáil imeachta chun eispéireas a aimsiú a mbeadh suim agat ann.   Chomh maith, coimeádann an Roinn Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Chultúrtha Doláimhsithe, ina ndéantar catalógú ar chleachtais, ealaíona agus traidisiúin chultúrtha bheo na hÉireann a bhfuil aitheantas oifigiúil Stát faighte acu trína bheith curtha ar an Fhardal. Tá níos mó eolais ar na 38 cleachtas seo ar fáil anseo.

Read Me

Free Online UNESCO Course on Living Heritage and Sustainable Development

UNESCO has launched a free online course on Living Heritage and Sustainable Development, which is open to anyone with an interest in these areas.   The course is composed of six modules, each consisting of related chapters under a common theme, including an overview of living heritage in the spirit of the Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage and the relationship between living heritage and topics such as gender, education, health, income generation, agriculture, climate change and peacebuilding.   The course is self-paced, which means that all course components are available and can be completed at any time until 31 August 2022. The course can be accessed for free via the edX website. The video chapters are also available at the SDG Academy library.

Read Me

Survey of ICH in Ireland – UNESCO Periodic Report 2021

Survey of Intangible Cultural Heritage of Ireland

The Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media is conducting a survey of Intangible Cultural Heritage (ICH) in Ireland. The objective of the survey is to obtain a clear picture of the important work undertaken by Ireland’s ICH practitioners and other key stakeholders in the field of ICH. The responses received from the survey will help form the official response to a UNESCO periodic report on ICH in Ireland. The responses will also inform the development and direction of Department policy in respect of ICH over the coming 2-3 years. Below are two surveys – one aimed at State Bodies and the other aimed at Community Groups/Individuals who are involved in Ireland’s Intangible Cultural Heritage (ICH). The Department invites you to participate by completing the survey that is relevant to you. Survey for State Bodies Survey for Community Groups/Individuals Please submit your completed survey by the deadline of Friday 3rd December 2021. By email to: nationalich@tcagsm.gov.ie Or By post to: NICH Room 315 Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, 23 Kildare Street D02 TD30 The Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media would like to thank you for taking the time to respond to this survey. Your input is important to us and will help communicate the important work being undertaken in ICH in Ireland and contribute to identifying priority areas in the coming years.

Read Me

Projects – National Heritage Week 2020

Intangible Cultural Heritage and Heritage Week 2020   As part of Heritage Week 2020, which takes place on 15 to 23 August, the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht is supporting the delivery of 18 projects to showcase and raise awareness of Ireland’s Intangible Cultural Heritage, giving the public the opportunity to learn about and engage with our rich  and diverse cultural heritage practices. Projects supported include the following practices inscribed on Ireland’s National Inventory of Intangible Cultural Heritage; Film: The Tradition of Boyne Currach making Video: The Craft of Traveller Tinsmithing Video: A brief history of Limerick Lace, 1829 to present Video: The Nine Native Pedigree Dog Breeds of Ireland Live Carillon Recital, Cobh Co. Cork Video: The Art of Dry Stone Walling Video: Holy wells in Co Clare Live Performance of the Mummers play (traditional Fingal version) Video: The Practice of Burren Winterage Video: Irish Crochet Lace Making Video: Irish Traditional Instrumental and Vocal Music, Comhaltas Ceoltóirí Éireann Projects supported also include: Video: Letting In The Light, The Art of the Wood Engraver Livestream: Presentation/Performance of Traditional Sean-nós Song by Lasairfhíona Ní Chonaola Video: Collaborative Performance, Galway Traditional Orchestra and Anxo Lorenzo, Galicia Livestream: Traditional Irish Music Workshop and Cello Workshop with Sharon Howley Video: Log an Aifrinn, Mass Tree and Penal Mass Site Event: Cultural Heritage in South Galway – Then and Now Video: ‘Gob’ fun programme as Gaeilge le Éire agus Chulainn

Read Me

Performing, Promoting, and Preserving Ireland’s Intangible Cultural Heritage

  Date: Thursday, August 19, 2021 Location: Zoom Webinar Time: 7pm Duration: 1hr 30 mins What is intangible cultural heritage? Why is it important? How can it be protected? How can digital records of these practices help to pass them down to future generations? A live online event co-organised by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media and the Digital Repository of Ireland as part of National Heritage Week 2021 takes place on Thursday 19th August at 7pm via Zoom. Join Manchán Magan online for a lively evening of performance, exploration, and discussion on the theme of intangible cultural heritage. A representative from the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media will speak about the development of the National Inventory of Intangible Cultural Heritage. Practitioners and performers from three performing arts will give insights into their practices and why they are important. The Digital Repository of Ireland will ask us to think about how the preservation of digital records can help to pass practices like these down to future generations. Manchán will then open the floor to questions, as you are invited to join us in recognising and experiencing this important element of Ireland’s cultural heritage. Further details on the event can be found at: https://www.heritageweek.ie/projects/performing-promoting-and-preserving-irelands-intangible-cultural-heritage Recordings of the event can be viewed via DRI’s Vimeo account To read DRI’s blog of the event please follow the link https://dri.ie/heritageweek2021-blog  

Read Me