+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

Ceol Traidisiúnta na hÉireann

Tuigtear le ceol traidisiúnta na hÉireann go bhfuil ceol uirlise agus ceol gutha i gceist, amhránaíocht thraidisiúnta i mBéarla agus amhránaíocht ar an sean-nós san áireamh leis an gceol gutha.

Tugtar san áireamh leis na foinn agus cineálacha na bhfonn a mbíonn tagairt dóibh go ginearálta le ceol traidisiúnta na hÉireann maidir le ceol uirlise (agus le portaireacht béil nó feadaíl) na cineálacha seo a leanas: foinn, foinn mhalla, ceol na cruite, agus gach fonn agus séis lena bhfuil meadar nó siolla rialta – lena n-áirítear máirseáil clainne, ríl, port dúbailte/luascach/singil, cornphíopa, rince leithleach, rince sciobóil, flaing, polca agus cineálacha eile de leithéid an tsleamhnáin, schottishe agus masúrca. Ní bhíonn focail leis na foinn sin, ach tá feidhmiúlacht i gceist ó tá siad ceangailte go dlúth le cineálacha faoi leith de dhamhsa traidisiúnta na hÉireann.

Amhránaíocht aonair gan tionlacan a bhí san amhránaíocht thraidisiúnta i mBéarla agus san amhránaíocht ar an sean-nós ó bhunús; chan an t-amhránaí scéal, arna chur in iúl don lucht éisteachta trí léirmhíniú an amhránaí féin ar an bhfonn agus ar na focail araon. Tugtar léirmhíniú i gcrích san amhránaíocht thraidisiúnta trí mhothú agus chur i láthair i mbun líne an fhoinn a chanadh, lena n-áirítear an rogha maidir le hornáidíocht a úsáid, agus urlabhraíocht éifeachtúil i mbun focail an amhráin a chur i láthair. Bíonn an-bhéim ag an amhránaí agus ag na héisteoirí ar an mothú agus ar an gcur i láthair, arna léiriú le húsáid oilte as ornáidíocht.

Faisnéis chúlra

Tá an seachadadh ó bhéal ar na tréithe sainiúla maidir le ceol traidisiúnta na hÉireann. Táthar ag cur le stór na n-amhrán agus le stór na bpíosaí ceoil le himeacht aimsire, mar atá leis na spásanna ina seinntear an ceol. Cé gur ar leibhéal na hacadúlachta agus na teoiricíochta a tharla go ginearálta paraiméadair cheol traidisiúnta na hÉireann a leagan síos, tuigtear gurb é an nósmhaireacht a bhaineann leis an gceol féin an sainmhíniú dáiríre air.

Tá ceol traidisiúnta na hÉireann á chleachtadh ar fud oileán na hÉireann sa lá atá inniu ann, ar fud an diaspóra agus ag daoine thar lear nach bhfuil dúchas na hÉireann iontu ar chor ar bith ach a bhfuil luí acu leis an gcineál áirithe ceoil seo. Tá an réimse fairsing sin i gcodarsnacht leis an ngnás áitiúil/réigiúnach nó ag teaghlaigh faoi leith a bhíodh i gceist anuas go dtí lár an fichiú haois. Bhain an gnás an tráth sin den chuid is mó le ceantair tuaithe faoi leith ar minic a lorg ar an stíl agus ar an stór ceoil iontu sa lá atá inniu ann (e.g. Deisceart Shligigh, Sliabh Luachra, Dún na nGall, Oirthear na Gaillimhe/Oirthear an Chláir, Iarthar an Chláir, Oirialla etc.).

Is iondúil a thuiscint le stíl réigiúnach go bhfuil fuaim agus cruth coitianta i gceist atá so-aitheanta agus go dtreisítear leis sin le gnéithe faoi leith den teicníc chomh le cineálacha éagsúla as catagóirí na bpíosaí ceoil a sheinm agus píosaí/roghanna píosaí a sheinm ar bhealach faoi leith. Déanann an Dr Niall Keegan talamh slán de stór ceoil dúchasach sainiúil a bheith ar cheann de na gnéithe is bunúsaí maidir le stíl réigiúnach. Tá tábhacht leis an tionchar a bhí ag ceoltóirí áitiúla faoi leith – agus an taifeadadh a rinne siad más craoladh raidió sin nó ceirníní 78/LP, maidir le tionchar ar an stíl agus ar an stór ceoil réigiúnach ach chomh maith le ‘foinn’ choitianta tagann ‘teicníc seanma’ choitianta i gceist freisin – e.g. pátrúin boghadóireachta sa veidhleadóireacht, luas na seanma agus frásáil inmheánach sna píosaí ceoil. Mar shampla, ceaptar Oirthear na Gaillimhe le liriciúlacht agus luas réidh i mbun ríleanna a sheinm i gcomparáid le luas níos bíogúla a ceapadh le stíl Dheisceart Shligigh.

Amhránaíocht ar an sean-nós is intrinsically linked to the Gaeltacht areas of Ireland and to the Gaeltacht diaspora. The form is as old as the country itself, surviving by oral transmission in the Gaeltacht (Irish-speaking) communities of Galway, Mayo, Donegal, Meath, Cork, Kerry and Waterford. Literally translated, the term ‘sean-nós’ means the ‘old way’ or ‘old style’ and distinguishes traditional singing in the Irish language from the classical style of the bardic tradition. Fintan Vallely (The Companion to Irish Traditional Music: 338) credits the establishment of An tOireachtas in 1897 with fostering appreciation within ‘English-speaking Ireland’ of the ‘sean-nós’ song. Academic opinion and public discourse about the essence, the nature and the unique characteristics of the sean-nós singing have been documented since the very first conference on ‘sean-nós’ was held at the 1910 Oireachtas. It is essentially a form of unaccompanied solo singing which lends itself to a sense of freedom which is expressed through the rhythm, melodic decoration and vocal timbre and draws from the singer’s natural singing range and vocal abilities. Each Gaeltacht tends to have its own regional style which may range from the highly elaborate and ornate to a more simple and subtle form. Specific geographic areas are known to have their own repertoire although a number of ‘amhráin mhóra’ (great songs) appear in all regions, although often as different versions. It was and remains a trusted method of maintaining a social commentary on the lives, loves, successes and tragedies within the community. In today’s modern world An tOireachtas undertakes to maintain, foster, develop and transmit the art of sean-nós singing through workshops, gatherings and competitions, making full use of all forms of media, radio, television and internet, thereby continuing to give expression to the many varied styles of this most ancient but vibrant of artforms.

Ceanglaítear go dlúth Amhránaíocht ar an sean-nós le ceantair Ghaeltachta in Éirinn agus le diaspóra na Gaeltachta. Tá amhránaíocht ar an sean-nós chomh hársa le hÉire féin; seachadta chugainn ó bhéil ár sinsear a bhí ina gcónaí sna pobail Ghaeltachta in nGaillimh, i Maigh Eo, i nDún na nGall, sa Mhí, i gCorcaigh, i gCiarraí agus i Port Láirge. Tagraíonn an téarma ‘sean-nós’ do shean-stíl amhránaíochta agus déanann sé idirdhealú idir an stíl seo amhránaíochta i nGaeilge agus an stíl chlasaiceach a chleacht na baird. Luann Fintan Vallely (The Companion to Irish Traditional Music: 338) bunú an Oireachtais in 1897 le hathrú meoin i measc lucht an Bhéarla in Éirinn i dtreo na hamhránaíochta ar an sean-nós. Tá iliomad cáipéisíochta ag cur síos ar thuairimíocht acadúil agus ar dhioscúrsa poiblí faoi bhunbhrí, nádúr agus sainghnéithe na hamhránaíochta ar an sean-nós ón am ar reáchtáil An tOireachtas an chéad chomhdháil riamh ar an ábhar, in 1910. Go bunúsach, is amhránaíocht aonair gan tionlacan atá i gceist leis an fhoirm agus bíonn saoirse ar leith ag an amhránaí i dtaca le rithim, ornáidíocht shéiseach agus tondath a chuireann ar a c(h)umas a c(h)uid féin a dhéanamh den amhrán, beag beann ar a raon ná ar ábaltacht a g(h)utha. Is gnách stíl ar leith a bheith á cleachtadh sna ceantair Ghaeltachta éagsúla agus béim an-difriúil a bheith acu ar ornáidíocht agus ar ilchastacht na hurlabhartha. Is minic freisin repertoire dá gcuid féin ag réigiúin ar leith cé go mbíonn leaganacha éagsúla de chuid de na ‘amhráin mhóra’ i ngach aon cheantair. Ba slí an-éifeachtach é an modh amhránaíochta seo, agus go deimhin is ea fós, le taifead a choinneáil faoin bpobal, faoi na daoine a chónaí ann, faoi mhianta a gcroíthe, faoina gcuid éachtaí agus a gcuid tubaistí. San am i láthair tá an tOireachtas ag saothrú chun ealaín na hamhránaíochta ar an sean-nós a choimeád, a chothú, a fhorbairt agus a sheachadadh, ag reáchtáil ceardlanna, comórtais agus féilte dúinn, trí leas iomlán a bhaint as na meáin chumarsáide éagsúla, raidió, teilifís agus idirlíon go háirithe, chun ardán os comhair an domhain mhóir a thabhairt don ealaín uasal, ársa seo.

Tá éagsúlacht sa stíl agus sa mhodh amhránaíochta maidir le hamhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann sa Bhéarla ó dhuine go duine, ó cheantar go ceantar agus ó chúige go cúige. Go ginearálta, is le stíleanna an iarthair is casta a bhíonn maisiúchán; bíonn stíleanna an deiscirt dea-mhaisithe ach claonadh freisin úsáid a bhaint as éagsúlacht rithime agus frásála chun an scéal a chur in iúl go héifeachtach; is iondúil stór amhrán faoi leith ag amhránaithe an tuaiscirt a bhaineann lena réimse tíre féin agus iad ag canadh le stíl dea-aiceanta le mionéagsúlachta blasta rithime agus nóta ornáidíochta anseo agus ansiúd; lom agus díreach stíleanna an oirthir go ginearálta gan ach an beagán den ornáidíocht.

Is fada ar ndóigh ceol traidisiúnta na hÉireann á sheinm ag pobal na hÉireann thar lear e.g. sa Bhreatain, i Meiriceá Thuaidh agus san Astráil agus, le tamall anuas, in áiteanna éagsúla san Eoraip. Tá tuairisc mhaith ar ról na gceoltóirí imirce i bhfíorthús an fichiú haois agus ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin. Is minic béim faoi leith san áit a bhfuil pobal láidir Éireannach ar ranganna ceoil a chur ar fáil. Tá seinm cheol traidisiúnta na hÉireann leathnaithe níos faide ó bhaile anois go háiteanna amhail Tóiceo, Moscó, an Airgintín, an Cholóim, mar a gcothaíonn ceoltóirí nach Éireannaigh iad ceangal leis an tír trí cheol agus cultúr na hÉireann.

Is traidisiún béil chomh maith le foirm ealaíne atá i gceist le ceol traidisiúnta na hÉireann lena mbaineann an amhránaíocht ar an sean-nós, amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann i mBéarla, agus líon is mó ná 10,000 fonn d’aicmí éagsúla a sheinneann ceoltóirí uirlise.

Is traidisiún béil agus cluaise atá ann ó tharla gur trí lucht an cheoil – ceoltóirí uirlise agus amhránaithe – ag éisteacht lena chéile sa réimse leathan ionad atá ar fáil faoi láthair is mó a tharlaíonn an stór ceoil a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Ainneoin méadú mór ar líon na meán seachadta (go háirithe i ré an digitithe), is ar an gcluas a thógtar scil an cheoil i gcónaí agus tá seinm an cheoil bunaithe i measc an phobail.

Foirm ealaíne atá ann mar gheall gur oirfidíocht a bhun agus a bharr. Déanann daoine an ceol a sheinm – tá beartaíocht i gceist, ní saothar buan ealaíne atá ann. Tá buntábhacht le nádúr orgánach chanadh na n-amhrán agus sheinm cheol traidisiúnta na hÉireann maidir leis an bhfiúntas doláimhsithe. Tá líofacht an léiriúcháin ó áit go háit, ceantar go ceantar agus duine go duine ar an ngné is lárnaí de.

Is dócha nach gan chúis mhaith a tharlaíonn i measc cheoltóirí agus lucht éisteachta cheol traidisiúnta na hÉireann an focal ’ceoltóir’ nó ’amhránaí’ ina dhlúthchuid den phlé – is minic an chaint ‘ceoltóir/amhránaí iontach atá/bhí ann/inti’ le cloisteáil. Is suimiúil ina leith sin nach maidir le scil theicniúil, stíl faoi leith nó an cumas ceangal a chothú leis an lucht éisteachta ar leibhéal na mothúchán nó na haeistéitice amháin a dhéantar ‘ceoltóir’ nó ‘amhránaí’ a ‘mheas’, tá fairsinge an stóir ceoil/amhrán freisin ar cheann de na gnéithe is mó a mbíonn meas orthu.

Tá an ceol seo ceangailte go dlúth le stair na hÉireann, leis na hathruithe polaitíochta agus sóisialta, leis an mórtas as áiteanna dúchais agus leis an éabhlóid ar chúrsaí féiniúlachta.

Bíonn ceol traidisiúnta na hÉireann, atá bunaithe ar na daoine agus ar an gcleachtadh, seasta faoi athrú i spás domhanda na linne seo.

Le hamhráin thraidisiúnta na hÉireann, i nGaeilge nó i mBéarla, cuirtear scéal intuigthe in iúl don éisteoir. I gcodarsnacht leis sin, ní bhíonn insint scéil ar an gcaoi chéanna, an rud a chuireann comhthéacs cuí an amhráin in iúl, i gceist don té atá ag éisteacht le ceol traidisiúnta na hÉireann ag ceoltóir uirlise.

Mar gheall ar easpa fianaise, is beag atá ar eolas faoi bhunús cheol traidisiúnta na hÉireann seachas gur tosaíodh ar a lua i mbailiúcháin Shasanacha sa seachtú haois déag agus i bhfoilseacháin Éireannacha tamall ina dhiaidh sin. Measadh ar dtús gurbh leis an bpobal úinéireacht ar stór an cheoil thraidisiúnta, chomh mór sin agus gurbh mhinic neamhaird a dhéanamh de chumadóirí aonair an cheoil, agus d’fhág sin gur scríobh O’Neill ‘Irish traditional music can hardly be said to have been composed at all’. D’fhág an cumadóir a bheith anaithnid gurbh le pobal an cheoil gach píosa ceoil ón tráth ar glacadh leis agus go raibh sin ar fáil feasta ag gach glún ceoltóirí a thiocfadh, ag dul ina chleachtadh, á sheinm agus á mhúnlú.

Cé gur eol go mbíodh daoine faoi leith i mbun cumadóireachta, níor tharla go dtí 1950 gur tosaíodh, le teacht chun cinn modhanna seachadta nua, ar na cumadóirí ba bhisiúla a lua le foinn i stór cheol traidisiúnta na hÉireann agus ar mheas a bheith orthu dá bharr. Chum na cumadóirí seo, a mba ceoltóirí freisin iad, ceol atá ag teacht go hiomlán leis an gceol ó ré níos luaithe sa traidisiún an tráth céanna ar leathnaíodh na paraiméadair a bhaineann go dlúth le struchtúr an cheoil. Trína gcuid beartaíochta seo, is féidir léargas a fháil ar an bpróiseas a ghabhann le hathchruthú an stóir ceoil agus ar an nádúr ionadaíochta, bunaithe ar an bpobal, a léirítear ní hamháin sna teidil a chuirtear leis na foinn (ar minic ainmneacha áite á lua iontu) nó léirmhínitheoirí phobal an réimse seo, ach ar leibhéal na séimeolaíochta chomh maith trína dtarlaíonn cuimhne ar na daoine, áiteanna agus imeachtaí a bhfuil tábhacht ag lucht an cheoil leo a bhuanú agus a chur ó ghlúin go glúin. Luann an tAthair Kelly go soiléir sin:

‘I think those people steeped in the lore, and the tradition, and the background of Irish traditional music and heritage, and I think it’s not only a heritage wherein they use the compositions of other people, I think they compose their own. It was to try to encourage that, so that maybe people of my generation might have something to hand on to the next generation, and it’s a love of Irish music with which we have all been regaled, with which we had all been revived, you might say at times.’

Tuigtear go dtagann athrú ar an stór ceoil thraidisiúnta, gur féidir a leasú agus a léirmhíniú le linn a sheinm taobh istigh de réimse docht paraiméadar a shainsonraítear mar ghné dhlúth den cheol traidisiúnta féin cé nach mbraitheann lucht an cheoil gur srianadh orthu sin. Déantar an ceol a chur ar aghaidh le gealltanas intuigthe go dtiocfaidh sé faoi réir athraithe ag glúnta i ndiaidh a chéile. Is cosúil go bhfuil inathraitheacht an stóir ceoil i gcodarsnacht go díreach le dochlaochlaitheacht lucht a sheanma. Ní féidir na míndifríochtaí maidir le caomhléiriú séise a chur in iúl go maith i gcineál ar bith de nodaireacht an cheoil, cé go ndearna daoine iomráiteacha de leithéid Petrie, Goodman, O’Neill, Roche, Breathnach, Fleischmann agus eile ‘samhail’ imlíneach na bhfonn a bhailiú agus a fhoilsiú ar mhaithe leis an traidisiún a chaomhnú. Is í an ghné seo a bhfuil tús curtha le héabhlóid ina leith tar éis litearthacht ceoil a thabhairt chun cinn, chomh maith le taifeadadh fuaime, maidir le traidisiún béil agus cluaise ina dtarlaíonn leaganacha faoi leith d’fhonn a chaomhnú agus aithris a dhéanamh orthu, ionas go bhfuil srianadh dá réir ar bhaint an cheoltóra aonair leis na gnéithe tobsheanma ar dlúthchuid iad de chur an cheoil i láthair.

Tá athrú tagtha ar sheinm an stóir ceoil seo freisin mar gheall ar athrú ar ghnás na ceoltóireachta ó ghnás i measc lucht na tuaithe ar fud na hÉireann nuair is foirm ealaíne don duine aonair ba mhó a bhíodh ann, go dtí lucht ceoil i measc an diaspóra lonnaithe i gcathracha móra na Stát Aontaithe agus na Breataine go háirithe i lár an fichiú haois. Thug seinm i gcompántais a theacht chun cinn, mar a tharla ar dtús i ndeireadh na 1920idí leis an mbanna céilí agus ina dhiaidh sin le bunú Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1951 agus le comórtais an Oireachtais i rith na 1960idí, tháinig borradh suime in athuair in Éirinn agus thar lear sa réimse seo, rud a chuir an stór ceoil ar chaoi a sábhála do na glúnta a bhí le teacht.

Cleachtas agus cleachtóirí

Ceoltóirí neamhghairmiúla mórchuid mhór na gceoltóirí traidisiúnta in Éirinn. Is féidir leis na príomhcheoltóirí feidhmiú i spásanna agus i ról éagsúil – oirfideach proifisiúnta, ceoltóir i seisiún neamhfhoirmiúil, teagascóir/meantóir, ceoltóir taifeadta etc. Meastar tábhacht chinniúnach freisin le ceoltóirí nua atá ag teacht in inmhe agus le ceoltóirí óga – daoine 18 mbliana d’aois agus níos óige ná sin – ós iadsan a bhfuil foirm ealaíne béil á chleachtadh acu faoi láthair. Seo a leanas na catagóirí ginearálta atá i gceist le lucht an cheoil seo:

  • Ceoltóirí tráchtála, ceoltóirí uirlise agus amhránaithe
  • Teagascóirí agus múinteoirí
  • Foghlaimeoirí fásta agus foghlaimeoirí óga
  • Rannpháirtithe i seisiúin neamhfhoirmiúla agus i ‘ngrúpaí’ amhránaíochta
  • Is rannpháirtithe ríthábhachtacha na héisteoirí
  • Lucht Céilithe agus damhsóirí
  • Daoine ar spéis leo an traidisiún

Is deacair seinm, cleachtas agus scaipeadh a dhealú óna chéile i gcomhthéacs cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá an chruthaitheacht buntábhachtach freisin maidir leis na próisis sin; seinneann ceoltóirí fonn ar a mbealach féin agus bítear á gcur féin in iúl ar bhealach amháin nó ar bhealach eile le gach fonn a sheinntear; bíonn foinn nua á gcruthú/gcumadh ag ceoltóirí freisin agus tarlaíonn iad sin a shú isteach sa stór ceoil trína seinm.

Spreagtar intinn an éisteora leis an éabhlóid ar na foinn, ar na hamhráin agus ar an stór ceoil tríd an gcur in iúl éagsúil ó dhuine go duine agus ó réigiún go réigiún ag na ceoltóirí agus cothaítear éabhlóid an cheoil ó thaobh séise agus rithime. Ní tharlaíonn aon seinm bheo a athdhéanamh ar an gcaoi chéanna díreach arís, fiú in earnáil an cheoil thráchtála mar a mbíonn an timpeallacht, an fuinneamh agus an seoladh a bhíonn faoin gceol, chomh maith lena dhul i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, ag brath ar chúinsí an ama.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Tá buntábhacht le foirmeacha éagsúla chleachtas an cheoil lena scaipeadh agus a chosaint. Meastar go bhfuil an ‘seisiún’ lárnach maidir leis an gcleachtas, agus de ghné faoi leith a bhaineann leis sin maidir le seinm ceoil go mbíonn glacadh le ceoltóirí den uile leibhéal – ceoltóirí amaitéaracha agus ceoltóirí gairmiúla – chomh maith le daoine agus ceol de ghlúnta éagsúla agus ó réigiúin éagsúla a thabhairt le chéile ann. Bíonn spreagadh don seisiún freisin ón lucht éisteachta. Cuireann glacadh na n-éisteoirí leis an gceol agus a dtuairimí a chur in iúl fuinneamh sa seisiún ionas go dtarlaíonn cumasc uilechuimsitheach maidir le cumas, cur i láthair, mothúcháin agus fiúntas aeistéitice, mar a luann Hayes (2017): ‘I always try to play as if I’m freely dancing and singing at the same time; the body holds the rhythm and the heart generates the feeling in response to the beauty of the melodic line.’

Spreagann siad siúd a bhfuil máistreacht ar an gceol acu na ceoltóirí eile; cinntíonn na múinteoirí a dhéanann teagasc agus meantóireachta i dtimpeallachtaí éagsúla an scaipeadh ó ghlúin go glúin. Cruthaíonn agus cothaíonn eagraíochtaí na timpeallachtaí oiriúnacha don scaipeadh sin agus díríonn earnáil oideachas an cheoil atá bunaithe ar an bpobal agus imeachtaí eile atá bunaithe ar an bpobal ar sheinm an cheoil.

Tá an saibhreas ceoil atá ar fáil i seanbhailiúcháin a foilsíodh san ochtú agus sa naoú haois déag ar fáil go furasta, de réir mar a théann digitiú ar aghaidh, ag lucht an cheoil. Cé gur mór a chuir oiread na n-acmhainní digiteacha, tríd is tríd, leis na deiseanna ag ceoltóirí ‘foghlaim i gcéin’, bíonn gach ceoltóir atá lonnaithe thar lear ag iarraidh an ceol a choisteáil agus a chleachtadh ina bheatha agus foghlaim ó sheinm in éineacht le ceoltóirí níos mó taithí ná iad féin ó tharla go dtuigtear dóibh an tábhacht atá le ‘scaipeadh idir ceoltóirí’.

Eascraíonn beocht cheol traidisiúnta na hÉireann sa lá atá inniu ann, ní hamháin ón seisiún ach ó na deiseanna freisin an ceol a sheinm: tugtar san áireamh leis sin seinm ar stáitse, cur i láthair ceoil, fleadhanna ceoil, feiseanna, féilte, ceardlanna, céilithe agus líon na n-ócáidí poiblí ag a seinntear an ceol, ina measc na scoileanna samhraidh éagsúla atá tagtha chun cinn le leathchéad bliain anuas mar phríomháiseanna seachadta, iad seo a leanas san áireamh:

  • Scoil Samhraidh Willie Clancy, Sráid na Cathrach
  • An Chúirt Chruitireachta, Tearmann Feichín
  • Blas, Ollscoil Luimnigh
  • Ceardlann an Earraigh
  • Scoil Samhraidh Joe Mooney, Droim Seanbhó
  • Meitheal, Inis
  • Féile Cruite Uí Chearbhalláin, Céideadh
  • Scoil Acla
  • Scoil Éigse, roimh Fhleadh Cheoil na hÉireann
  • Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair
  • Scoil Samhraidh Sheosaimh Mhic Gabhann, Cill Mobhí
  • Scoil Samhraidh Dheisceart Shligigh, Tobar an Choire

Is iondúil go mbíonn béim ar réigiún faoi leith maidir leis na scoileanna samhraidh/séasúracha. Is í Scoil Samhraidh Willie Clancy is faide atá ar an bhfód agus í ina heiseamláir freisin ag scoileanna samhraidh/séasúracha a eagraítear bliain i ndiaidh bliana in ionaid áirithe. (Tá an Scoil Éigse á rith ag CCÉ chomh fada céanna agus é á eagrú roimh Fhleadh Cheoil na hÉireann, rud a chiallaíonn go n-athraítear an t-ionad de réir mar a athraítear an Fhleadh ó bhaile go chéile). Tugtar faoina scáth an éagsúlacht agus scóip uile an traidisiúin. Cé gur le hoidhreacht cheoil iarthar an Chláir a bhain bunú na scoile, bhí fáilte riamh sa Scoil Samhraidh seo atá bunaithe ar an bpobal roimh scóip leathan an cheoil agus na stíleanna réigiúnacha éagsúla agus a ngabhann leo. Bíonn amhránaíocht thraidisiúnta sa dá theanga, damhsa agus an Ghaeilge ar chlár na scoile. Bíonn ábhar bunspéise sna léachtaí agus suntas leo sa phlé a dhéantar ar Cheol Traidisiúnta na hÉireann; bíonn ceoltóirí proifisiúnta agus ceoltóirí neamhphroifisiúnta le háireamh ar theagascóirí agus oirfidigh Scoil Samhraidh Willie Clancy agus cruthaítear comhthéacs faoi leith inar féidir leis an ceoltóirí teacht le chéile agus seinm in éineacht i seisiúin neamhfhoirmiúla, gach seisiún i spás dá chuid féin le meon an chomhionannais; braitheann ceoltóirí den sórt sin athbheochan agus fuinneamh agus iad ag filleadh ar a gceantar féin.

Tugann an tOllamh Marie McCarthy, Maryland University i Stáit Aontaithe Mheiriceá, achoimre mar seo a leanas ar a bhfuil bainte amach ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann maidir le healaíona traidisiúnta na hÉireann a sheachadadh: ‘The single most important agent and patron in the transmission of Irish traditional music has been Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Young performers are not only taught in regular classes but are also exposed to the experience and expertise of the masters, through sessions, workshops, concert tours, television programmes and festivals. A rich learning context is provided, primarily by the organisation being rooted in the community and working consistently at local level.’ (The Transmission of Music in Irish Culture, 1999).

Glactar leis go coitianta go bhfuil ceol traidisiúnta na hÉireann i gcaoi mhaith: ‘The current state [of Irish traditional music] [of Irish traditional music] is truly remarkable, quite staggering. I don’t think that the music has ever been stronger.’ Is mar gheall ar líon agus ar chumas na gceoltóirí óga sin. Tá ríthábhacht ina dhiaidh sin féin leis na struchtúir a chuir bonn treise faoin mbeocht sin agus lena leanúint ag treisiú leis an traidisiún ionas go gcinntítear an bheocht sin a chaomhnú san am atá romhainn. D’fhéadfadh gurb é an dúshlán a bheidh le sárú a chinntiú nach n-éiríonn an ceol ‘cliniciúil’ agus go ndéantar talamh slán den chruthaitheacht trí leanúint leis na struchtúir a fhágann spás don oideachas agus don chleachtadh/seinm a bhfuil bunghá leo maidir le maireachtáil an cheoil.

Cuireann dícheall comhcheangailte na ngrúpaí sainleasa ar fad (féach Cuid 6) creatchóras ar fáil (ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta/idirnáisiúnta) trína gcuirtear bonn faoi na bearta agus imeachtaí éagsúla oideachais lena gcaomhnaítear forbairt agus scaipeadh an traidisiúin.

Eagraíocht Teagmhála

Comhaltas Ceoltóirí Éireann

Eagraíocht Teagmhála

An tOireachtas

Scoil Samhraidh Willie Clancy

 

Maidir le breis eolais faoi na físeáin éagsúla, cliceáil ar an nasc seo a leanas CCÉ – Youtube

Láthair láthair Ar fud oileán na hÉireann, an diaspóra agus thar sáile
Catagóirí Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte
Eochairfhocail Ceol, amhránaíocht, seinm
Eagraíocht Teagmhála Comhaltas Ceoltóirí Éireann