+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

Clóbhualadh litirphreasa in Éirinn

Láthair Láthair In Éirinn agus thar lear
Catagóirí Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail Eochairfhocail Ceardaíocht, clódóireacht
Eagraíocht Teagmhála An Músaem Náisiúnta Cló

Cineál den chlódóireacht rilífe is ea an chlóbhualadh litirphreasa lena mbaineann clóbhualadh a dhéanamh ó dhromchla ardaithe.

Ba é an chlóbhualadh litirphreasa an cineál ba choitianta ar feadh breis agus 500 bliain den chlódóireacht. Ó lár an fichiú haois anall, bhí cineálacha nua teicneolaíochta ag teacht chun cinn agus modhanna traidisiúnta clóchuradóireachta an litirphreasa ag dul i léig dá réir maidir le clódóireacht ar bhonn tráchtála.

In Éirinn, tharrtháil dream cló-eagraithe agus clóchuradóirí cuid mhór den trealamh clóbhuailte a bhí fágtha gan úsáid agus chuir siad an Músaem Náisiúnta Cló ar bun. Tá scileanna agus stair bhéalaireachta lucht na ceirde á gcoinneáil beo go fóill ag an dream clódóirí sin sa Mhúsaem Náisiúnta Cló.

Faisnéis chúlra

Téann clóbhualadh litirphreasa chomh fada siar leis an mbliain 1439 nuair a chéadcheap Johannes Gutenberg próiseas lenar bhain múnla miotail de na litreacha éagsúla a dhéanamh. Chuir sé cló suas i gceann de na clóphreasanna tosaigh, fearas brúite fíonchaor ar thug sé féin athchóiriú air don chlódóireacht. Bhí Bíobla Gutenberg, nó Bíobla na 42 líne, ar an gcéad leabhar a cuireadh i gcló le foireann cló den sórt sin san Eoraip. Sa bhliain 1456 a tugadh an beart sin i gcrích, agus cuireadh 180 cóip ar fáil.

Cé go raibh triail á baint as luathchineálacha den chlóbhualadh i réimsí eile, sa tSín agus sa Chóiré go háirithe, san Eoraip is forleithne a chuaigh sé i bhfeidhm ar chúrsaí sóisialta agus cultúir.

Scaip córas nua Gutenberg go tréan agus faoin mbliain 1500 bhí níos mó ná 1,000 seomra cló ar fud na hEorpa. Tháinig an chlódóireacht go hÉirinn sa bhliain 1551. Feictear go raibh an córas clódóireachta a chéadcheap Gutenberg ar cheann de na seifteanna tionscanta ba thábhachtaí ó dheireadh ré na meánaoise.

Le tamall beag anuas, tá athbheochan go hidirnáisiúnta ar chlódóireacht litirphreasa mar cheird. Tá glún ealaíontóirí agus dearthóirí ag filleadh ar cheird chlódóireacht Gutenberg. Ar cheann de na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis sin, tá an coincheap a bhaineann le tuirsiú den réimse digiteach agus fonn oibriú na lámh a bheith i gceist le dearthóireacht agus le ceardaíocht, chomh maith leis an nóisean go dtiocfaí an timpeall ar fad – ón gceardaíocht go dtí an teicneolaíocht, agus ar ais arís.

Is gné lárnach den saol an chlódóireacht agus is gné thábhachtach de scéal na ceardaíochta agus na tionsclaíochta in Éirinn an fhorbairt a tharla ar an gclódóireacht sa tír seo, an rath a tháinig air agus an oidhreacht atá i gceist leis. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, chuir teacht na clódóireachta athrú ar chúrsaí an domhain agus is tábhachtaí an chlódóireacht anois ná ag aon am go dtí seo.

Cleachtas agus cleachtóirí

In Éirinn, meastar gurb é an Músaem Náisiúnta Cló an crann seasta is mó ag an gclódóireachta.

Iarsmalann ar leith an Músaem Náisiúnta Cló, an t-aon iarsmalann clódóireachta dá shórt in aon áit ar fud oileán na hÉireann agus oileán na Breataine trí chéile. Ní bhíonn an bailiúchán taobh thiar de phána gloine ná ar chúl rópa, bailiúchán atá ann is féidir a oibriú. Tá fearas clódóireachta litirphreasa sa bhailiúchán atá i riocht feidhme, é á chur ar taispeáint agus á leagan amach mar a bheadh seomra clódóireachta ar an sean-nós i rith na 1960idí.

Is cuid lárnach den bheartaíocht i gcónaí an dream clódóirí a bhunaigh an Músaem, is iad a dhéanann obair cothabhála, a eagraíonn taispeántais agus a chuireann beocht sa bhailiúchán go rialta. Tá painéal chlódóirí agus chló-eagraithe an Mhúsaeim, atá gníomhach tar éis dul ar scor dóibh óna gcuid fostaíochta, chomh luachmhar ar bhealaí go leor agus atá aon ní sa bhailiúchán. Ba dhodhéanta a gcuid eolais agus cumais a chúiteamh mura mbeadh sin ar fáil agus is dócha gurb é an dúshlán is mó atá le sárú an saineolas agus taithí atá acusan a chaomhnú agus a choinneáil ar fáil agus a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht.

Tá ceithre fhear déag agus aon bhean amháin ar phainéal na bpinsinéirí clódóra agus cló-eagraithe seo, iad idir 70 agus 86 bliana d’aois. Tá a shainréimse féin ag gach duine acu. Níl eolas, mar shampla, ar an dara hinnealtóir Monachló sa tír.

Féachann an Músaem leis na scileanna agus an t-eolas a chaomhnú, chomh maith leis an seanchas a ghabhann leis an teicneolaíocht agus le ceird an chlódóra in Éirinn. Déantar sin le cláir oideachais agus le hoibriú i gcomhar maidir le tionscadail éagsúla. Bíonn an painéal seanchlódóirí páirteach i gcuairteanna treoraithe; i laethanta taispeántais; i gceardlanna agus in imeachtaí oiliúna; i dtionscadail scannánaíochta; in ócáidí cuimhneacháin agus i dtionscadail stairsheanchais

Tá líon beag preasanna beaga príobháideacha á saothrú in Éirinn faoi láthair. Oibríonn an Músaem i gcomhar le lucht na bpreasanna sin maidir le heolas a chur in iúl agus scileanna a léiriú a bhíodh in úsáid acu féin i mbun oibre dóibh agus ar mhaithe leis an gceird a chaomhnú don náisiún sa Mhúsaem. Oibríonn daoine ó na preasanna leis an Músaem, glactar páirt i gcúrsaí oiliúna agus déantar ina dhiaidh sin ceardlanna a chur ar bun do dhaoine den phobal sa Mhúsaem.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Féachann an Músaem Náisiúnta Cló le leanúint den obair léirmhíniúcháin agus caomhnúcháin maidir le clóbhualadh litirphreasa le bearta taispeántais agus oideachais. Ina ainneoin sin, tá na daoine a oileadh ar an gceird os cionn 70 bliain d’aois faoin tráth seo agus tá srian le hacmhainní an Mhúsaeim maidir le scaipeadh na scileanna agus an stairsheanchais a chur chun cinn.

Is é an Músaem an crann taca faoi láthair ag an gclódóireacht litirphreasa in Éirinn agus táthar páirteach i dhá thionscadal taighde idirnáisiúnta maidir le caomhnú an litirphreasa go hidirnáisiúnta:

Litirphreas: Mar a bhí, mar atá, mar a bheidh Líonra Taighde le maoiniú AHRC faoina ndéantar modhanna inar tharla seanfhearas clódóireachta a thabhairt slán agus na modhanna ina n-úsáidtear sa lá atá inniu ann a chíoradh. . Tá scoláirí, lucht iarsmalainne, clódóirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu sa chúram á dtabhairt le chéile sa líonra – an fearas a tháinig slán agus an t-ionad ina bhfuil sé – chomh maith leis an lón eolais atá le baint as, maidir le cultúr na téacsúlachta agus na clóchuradóireachta san am a caitheadh agus sa lá atá inniu ann.

Déantúsóirí Cruthaitheacha Tionscadal arna mhaoiniú ag an AE trína ndéantar cíoradh ar mhodhanna nuálaíochta maidir le ceird thraidisiúnta na clódóireachta litirphreasa trí thurgnamhacht le teicneolaíocht dhigiteach agus gluaiseacht na ndéantúsóirí. Tá an tionscadal dírithe go háirithe ar leanaí óga.

Sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, tá an cheird á múineadh do mhic léinn sa Chumarsáid Amhairc ag Distillers Press.

Eagraíocht Teagmhála

An Músaem Náisiúnta Cló