Láthair | Feadh cósta an Atlantaigh den chuid is mó, ó Dhún na nGall go Corcaigh |
---|---|
Catagóirí | Ceardaíocht thraidisiúnta |
Eochairfhocail | Muirí, curach, ceardaíocht |
Eagraíocht Teagmhála | Club Curaí an Chláir Thiar |
Sheas an churach an aimsir ón ré réamhstairiúil agus gan inti go simplí a craiceann nó éadach ar chabhail éadrom caolaigh nó adhmaid. Níl aon chíle ina tóin chruinn mín le cur ar a cumas greim a fháil ar an uisce ach ní tharraingíonn sí ach sé orlach uisce ar éigean, tá an churach thar a bheith éasca le bogadh agus is féidir léi tabhairt faoi bhorradh san fharraige nó fiú faoi fharraigí arda gan stró. Tá ar chumas na n-iomróirí, agus iad ag obair d’aon bhuille amháin, gach aon duine acu ag tarraingt dhá mhaide rámha ag an am céanna, a gcúrsa a athrú agus a choinneáil agus an ghaoth agus an taoide ag dul ina n-aghaidh á gcur ar bhealach eile.
Faisnéis Chúlra
Is soitheach éadrom, snámhach agus inoiriúnaithe í an churach is féidir a chur chun farraige agus a thabhairt i dtír sna háiteanna is sceirdiúla. Ba í an churach an t-aon bhád a bhí go leor de na daoine sin a chónaigh feadh an chósta an Atlantaigh agus ar na hoileáin, in acmhainn a cheannach agus baineadh úsáid rathúil as an gcurach do chúrsaí iascaireachta, chun ainmhithe agus daoine a aistriú, chun feamainn a bhaint agus chun go leor críocha eile. Dhéantaí an churach, uair amháin, as ábhair nádúrtha ar fad, amhail craiceann ainmhithe, sail agus coll, ach ón Réabhlóid Thionsclaíoch tá ábhair amhail adhmad meilte agus ceaileacó meaisíndéanta, é díonach ar uisce le tarra guail, á n-úsáid chun an churach a dhéanamh. Le gairid, tá clúdach amhail plaisteach gloinethreisithe agus clúdaigh sheasmhacha eile á n-úsáid. In ainneoin na nuálaíochta agus na bhfeabhsúchán ó thaobh deartha de, tá tréithe riachtanacha na curaí coinnithe.
Sá tréimhse nua-aimseartha, is le cósta Atlantaigh na hÉireann is mó a bhaineann an churach, ach bhí sí forleathan uair amháin ar uiscí cósta agus intíre. Lasmuigh den réigiún seo in Iarthuaisceart na hEorpa, is iad na cineálacha is gaire don churach atá déanta as craiceann ná na umiak agus kayak atá ina úsáid ag Ionúiteach an Artaigh.
Tógtar fráma na curaí ar dtús agus iompaítear droim ar ais í agus déantar an chabhail. Déanann sé seo idirdhealú idir í féin agus gach cineál eile bád a thógtar ón gcíle aníos. Is í an chéim dheiridh an clúdach canbháis a fhuáil agus cóta tarra (biotúman freisin) a chur air sula n-iompaítear an churach an bealach ceart. Dhéantaí an clúdach as craiceann ainmhí roimh an mbliain 1820. Níl aon phleananna tógála ann d’fhormhór na gcurach mar gur tháinig na scileanna agus an cheird anuas ó bhéal go béal ó na fir cheirde go dtí an printíseach ar feadh na mblianta.
Gabhann foclóir saibhir téarmaí teicniúla leis na curacha a bhaineann lena dtógáil agus lena láimhsiú, m.sh. liúracha (fad-lataí chun an tóin agus na taobhanna a dhéanamh) agus leis an gcurach a ‘tharraingt’ (a iomramh). Déanann taifid stairiúla cuimsitheacha agus stairsheanchas cur síos ar an ról a bhíodh ag na báid agus a gcuid pobal cois cósta.
Déantar curacha a stóráil os cionn leibhéal ardtaoide; iad ceangailte síos chun gaoth agus stoirm a sheasamh. Iompraítear curacha den uile mhéid bun os cionn ar ghuaillí an chriú. Bheadh ar chumas beirt den chriú atá láidir curach 21 troigh a iompar. Is féidir leis an gcurach féin leath-thonna éisc agus líonta a iompar agus fós is féidir leis an gcriú an churach a thógáil as an taoide.
Tá an churach 3-seas ar an gcurach is coitianta a úsáidtear, curach atá 21 troigh ar fad. Suíonn an churach ar bharr an uisce ar nós an fhaoileáin. Tá tionchar láidir ag an ngaoth ar churacha; mar sin féin, beidh ar chumas an chriú oilte na curacha seo a stiúradh gan stró ar chósta corrach an Atlantaigh. Baineann naomhóg Chiarraí úsáid as seol cleithe i gceann na curaí i gcomhar le cíle chliatháin. Tá maidí rámha na curaí thar a bheith neamhghnách, gearrann na maidí seo an fharraige ar nós na scine, modh éifeachtach rámhaíochta as an ngnáth. Cuireann sé seo ar chumas na n-iomróirí na maidí rámha a tharraingt siar go tapa nuair a bhíonn an fharraige suaite; ní gá don chriú an maide rámha a shliseadh. Téann maidí rámha fada na curaí níos faide amach ón mbád rud a chiallaíonn seasmhacht níos fearr i bhfarraige gharbh.
Ciallaíonn scéal uathúil na mbád seo agus na ndaoine a bhí ag obair leo go seasann siad amach i dtéarmaí oidhreachta domhanda. Tá a gcuid fréamhacha i dtraidisiúin bád an Atlantaigh Thuaidh atá déanta as craiceann.
Tá an bád seo uathúil san Eoraip maidir leis an mbealach ina ndéantar an bád, an bealach a láimhseáiltear í ar an bhfarraige agus an stair shaibhir shóisialta gaolmhar. Tháinig an stair shóisialta seo chun cinn ó phobail iascaireachta a bhí ag maireachtáil ar chóstaí contúirteacha, sceirdiúla an aigéin Atlantaigh.
Cleachtadh agus cleachtóirí
Bunaíodh Club Curaí an Chláir Thiar i gContae an Chláir sa bhliain 2004 chun cuidiú le tógáil agus iomramh a bhaineann lenár gcurach iascaireachta áitiúil féin a athbhunú. Tá an churach seo atá clúdaithe le canbhás sainiúil don Chlár agus tá an dearadh tagtha chun cinn le coinníollacha áitiúla ar intinn i lámha lucht ceirde áitiúil ar nós Cully Marrinan. Rinne Cully breis is 120 curach i rith a shaoil agus tá an bád deiridh óna lámh agus é 92 bliana d’aois le feiceáil i gCill Chaoi, tá an bád féin ar an saol le 60 bliain.
Le cúig bliana déag anuas tá os cionn 30 curach tógtha ag comhaltaí an chlub, faoi stiúir James Madigan ó Chill Rois (a d’fhoghlaim an cheird déanta curacha óna sheanathair). Soithí 2-sheas, 3-sheas agus 5-sheas a bhí iontu seo. Sa bhliain 2018 thóg Club Curaí an Chláir Thiar curach ‘píolótach’ 4-sheas d’Inis Cathaigh a choinnítear ar an oileán agus atá á bainistiú ag an gclub.
Sa samhradh, bíonn geallta bád ar siúl i líon áiteanna feadh chósta an Chláir, lena n-áirítear, Cill Chaoi, Cill Bheatha, Carraig an Chabhaltaigh, Dún Beag, Coillte agus ar an tSionainn i gCill Rois, Droichead an Chláir agus Luimneach. Tá na geallta seo oscailte d’iomróirí fir agus mná araon.
Thaistil comhaltaí an club lena gcuid curacha chun páirt a ghlacadh san Ocean to City Race i gCorcaigh, chuig an Great River Race i Londain, chomh maith le féilte muirí i Gulf du Morbihan na Briotáine. D’iomair comhaltaí an club chuig Oileán Islay na hAlban ó Reachlainn Uí Bhirn chomh maith le hiomramh agus turais champála a eagrú chun eolas a fháil maidir le ceantair chósta eile agus oileáin amach ón gcósta.
Bíonn na pobail chósta go léir i gCorcaigh, i gCiarraí, sa Chlár, i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall rannpháirteach i dtionscadail tógála pobail den chineál céanna a bhaineann le hathbheochan na curaí. Seasann na curacha amach go láidir i gcláir theilifíse náisiúnta agus idirnáisiúnta. Go deimhin, faightear tuiscint níos fearr ar imeallbhord sceirdiúil, garbh na hÉireann trí scéal na mbád seo agus na ndaoine a bhí ag saothrú leo.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Tá an rásaíocht mar ghné d’úsáid na curaí le blianta fada, le geallta bád in go leor codanna de chósta an iarthair. Tugadh isteach coincheap comórtais Uile-Éireann i dtús na 1950idí mar chuid d’imeachtaí an Tóstail Státurraithe. Eagraítear sraithchomórtas ard-iomaíochta a chuimsíonn foirne ó chontaetha an iarthair a thaistealaíonn chuig ionaid éagsúla chun dul san iomaíocht do phointí. Tá tacaíocht láidir pobail agus rannpháirtíocht fir agus mná, buachaillí agus cailíní i gceist. Gníomhaíocht thar a bheith folláin atá i gceist leis a spreagann glúin i ndiaidh a chéile ó thaobh foghlaim faoi agus idirghníomhú a dhéanamh lena dtimpeallacht mhuirí.
Cé go leantar leis an gcurach a úsáid go pointe áirithe chun críocha iascaireachta cladaigh, tagann an athbheochan spéise ón tuiscint go bhfuil acmhainneacht thar na bearta ag an soitheach ársa seo i dtéarmaí gníomhaíochtaí taitneamhachta agus caitheamh aimsire chomh maith lena luach bunúsach oidhreachta. Tá an t-ádh orainn in Éirinn go bhfuil na scileanna caomhnaithe againn a bhaineann lena dtógáil agus lena láimhsiú agus go bhfuil taifeadadh déanta ar go leor ábhar béaloidis a bhaineann le húsáid na curaí. Tá traidisiún gan briseadh ann maidir le húsáid na curaí ón ré réamhstairiúil go dtí an lá atá inniu ann, a chuireann ar chumas an ghlúin óg foghlaim faoi agus an traidisiún a thabhairt leo.
Tá go leor airde faighte ag an gceird i bhfoilseacháin, agus níl sa mhéid seo a leanas ach sampla:
• Traditional Boats of Ireland (ed. Críostóir Mac Cárthaigh, Collins Press 2008)
• The Donegal Currach (Donal Mac Póilín, Ballybay Books 2007)
• British Coracles and Irish Curraghs (James Hornell, Mariner’s Mirror 1938)
• The Belderrig Curragh and its People (Breandán Mac Conamhna 2010)
Thug líon gníomhaireachtaí náisiúnta agus réigiúnacha tacaíocht do dhéanamh curaí agus do thionscnaimh oiliúna le tamall anuas:
- Bhí Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh an Chláir rannpháirteach i dtacaíocht mhaoinithe agus oiliúna
- Chuir Clár Leader cúnamh maoinithe ar fáil chun ábhair do na báid agus do na teagascóirí a chlúdach
- Tá maoiniú FLAG ó BIM aimsithe ag Club Curaí an Chláir Thiar
- Scoil Tógála Báid Adhmaid Ilen, Luimneach
Eagraíocht Teagmhála
Club Curaí an Chláir Thiar