Láthair | Ar fud Oileán na hÉireann |
---|---|
Catagóirí | Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan |
Eochairfhocail | Pórú Eallaigh, Bó Chiarraí, an Droimeann, an Dexter, Bó Mhaol na hÉireann |
Eagraíocht Teagmhála | Cumann Eallaigh na Droiminne
Cumann Bó Maol na hÉireann Cumann Dexter na hÉireann Cumann Bó Chiarraí |
Achoimre Ghearr
Is iad seo a leanas pórú eallaigh dhúchasaigh na hÉireann:
• Pór Eallaigh Bó Chiarraí
• Pór Eallaigh Bó Mhaol na hÉireann
• Pór Eallaigh Dexter
• Pór Eallaigh na Droiminne
Tháinig pórtha eallaí dúchasacha na hÉireann chun cinn i gcomhar le tírdhreach na hÉireann thar mhíle bliain a chiallaíonn go bhfuil siad ar na pórtha eallaigh is oiriúnaí don tírdhreach. Tá siad níos lú agus níos láidre ná pórtha eallaigh na Mór-Roinne agus na Breataine agus déanann siad go maith san éiceachóras áitiúil.
Faisnéis Chúlra
Pórtha
Pór Bhó Maol na hÉireann
Tá an Bhó Mhaol ar cheann de na pórtha eallaigh is suntasaí in Éirinn. Is pór maol atá iontu (gan adharca), le dath dearg agus go hiondúil bíonn líne bhán ar a ndroim, le bolg bán, cluasa agus srón dhearg. D’fhéadfadh siad a bheith bán le cluasa agus srón dhearg go beagnach dearg ar fad. Le héadan gríséid go minic nó éadan breac.
Tagann an t-ainm Moile (nó Maol) ón nGaeilge agus baineann sé le cruinneachán ar bharr an chinn. Tá siad ar mheánmhéid (d’fhéadfadh bó lánfhásta a bheith chomh trom le 650kg) agus de ghnáth tá siad éasca ó thaobh cothabhála le nádúr séimh socair. Tá sé éasca cothabháil a dhéanamh ar na hainmhithe seo freisin, bíonn achar talún níos lú i gceist agus níl siad chomh dlúth le pórtha eile. https://www.irishmoiledcattlesociety.com/
Is í an Bhó Mhaol ceann de na pórtha is sine de phórtha dúchasacha na hÉireann atá ann fós. Tagraítear sa mhiotaseolaíocht agus sna finscéalta go minic ‘do na heallaí dearga, le droim bán) agus téann cnámhiarsmaí (bó mhaol nó bó gan adharca) siar go dtí 640 A.D. Creidtear i gceann de na ruathair a thug na Lochlannaigh faoin tír seo gur thug siad Bó Mhaol na hÉireann ar ais abhaile leo thart ar 1000AD agus tá eallaí maola le fáil i gCríoch Lochlann sa lá atá inniu le beagnach na dathanna céanna leis an mBó Mhaoil, i bpór ar a dtugtar East Finn orthu.
Pór Eallaigh Chiarraí
Tá dath dubh ar Bhó Chiarraí, agus bíonn paiste bán ar an úth uaireanta. Is de chineál déiríochta í bó Chiarraí, í easnach go maith agus mínchnámhach. Tá adharca caola bána le barr dubh ar an mbó, cé go bhfuil na hadharca bainte d’fhormhór an tréada anois. Tá carachtar ag an mbó, tá sí meabhrach agus éadrom ar na cosa. Meánn na ba 350 go 450 kg ag brath ar chineál na talún ina gcoinnítear iad. Tá siad chomh hoiriúnach céanna do thréad mór agus atá siad mar bhó aonair tí. Tá carachtar an tairbh cosúil le carachtar na bó. De ghnáth bíonn an tarbh socair agus éasca le láimhseáil.
Bíonn saol fada úsáideach ag Bó Chiarraí, í fós láidir agus beireann lao go rialta suas go 14 agus 15 bliain d’aois. Tá siad thar a bheith crua agus bíonn siad breá sásta an geimhreadh a chaitheamh lasmuigh, fásann siad cóta breá fionnaidh a choinníonn an fuacht amach. Tá siad aclaí, rud a chuireann ar a gcumas a bheith sábháilte ar thalamh garbh agus is beag dochair a dhéanann siad d’fhéaraigh. Mar gheall ar a méid is féidir ar a laghad trí cinn de bha Chiarraí a choinneáil i gcomparáid le dhá bhó de phórtha eile. Baineann líon de dhéantóirí cáise feirme na hÉireann úsáid as bainne Bhó Chiarraí. Is ionann an meán-táirgeacht bainne agus idir 3000 agus 3700kg, le saill ime ag 4%. Mar sin féin, tá líon maith bó ann atá in ann os cionn 4500kg bainne a chur ar fáil. http://www.kerrycattle.ie/
Tá stair fhada neamhghnách ag Bó Chiarraí mar shaintréad déiríochta agus tugtar le fios gur do tháirgeacht bainne a rinneadh iad a phórú an chéad lá riamh, le linn thús ré na gCeilteach in Éirinn, nuair, a mheastar go raibh bainne ina phríomhchuid d’aiste bia na ndaoine, úr nó caomhnaithe ar bhealaí éagsúla. Tá taifeadadh déanta ar an gcineál seo bó in Éirinn le 4000 bliain ar a laghad de réir fianaise sheandálaíochta.
Pór Eallaigh Dexter
Is ó iardheisceart na hÉireann a tháinig an Dexter an chéad lá riamh, agus tugadh as sin go Sasana iad sa bhliain 1882. Is beag nár ligeadh an pór seo i léig in Éirinn, ach rinneadh cothabháil ar an bpór mar íonphór i líon tréada beaga i Sasana. Is pór beag atá sa Dexter agus meánn an bhó agus í lánfhásta idir 600 agus 700 lb agus meánn an tarbh lánfhásta thart ar 1,000 lb (450 kg). Nuair a bhreithnítear chomh beag is atá siad, tá an corp leathan, domhain le ceathrúna deiridh atá sách leathan. https://dextercattlesociety.ie/
Ar nós Bó Chiarraí, shíolraigh siad ó eallaí na luath-Cheiltigh a bhí dubh den chuid is mó. Tá an teoiric is minice atá le cloisteáil faoin Dexter, gur pór réasúnta nua atá ann mícheart, mar go ndéantar cur síos iomlán ar an bpór agus go luaitear é de réir a ainm ceart i dtuarascáil ar eallaí na hÉireann a scríobh an tUasal David Low sa bhliain in 1845. Foghlaimímid ón tuarascáil seo, gur a bhuíochas don Uasal Dexter, an chuma nua-aimseartha, ainm agus is dócha tréithe an phóir, bhí an tUasal Dexter ina ghníomhaire don Tiarna Hawarden (a fhuaimnítear mar ‘Harden’) a tháinig go hÉirinn sa bhliain 1750 agus a shocraigh síos i gContae Thiobraid Árann. Luann David Low go ndearna an tUasal Dexter an pór seo a tháirgeadh trína heallaí sléibhe ab fhearr agus ba chrua a roghnú ó shléibhte an cheantair agus gur éirigh go maith leis go pointe áirithe. Tugadh eallaí Dexter go Sasana den chéad uair sa bhliain 1882, tráth ar cheannaigh an tUasal Martin. . J. Sutton Kidmore Grange, Oxfordshire 10 gcinn d’eallaí Dexter ón Uasal James Robertson, La Mancha, Mullach Íde Thuaidh, Baile Átha Cliath. Cuireadh na heallaí ar taispeáint den chéad uair ag an Seó Ríoga in Norwich sa bhliain 1886.
Pór Eallaigh Droimeann
Is ainmhí beag go meánmhéid atá sa Droimeann. Go ginearálta, tá nádúr réidh agus séimh agus meabhrach acu. Tá cuma bó déiríochta orthu agus cuireann siad bainne ar fáil atá ard ó thaobh solaid de. Nuair a mharaítear iad bíonn blas ar leith ar a gcuid feola. Tá dathanna éagsúla orthu a théann ó beagnach dubh ar fad nó dearg go bán le cluasa agus pus dorcha. Níos minice ná a mhalairt, bíonn a dtaobh dorcha dearg nó gorm le droim agus bolg bán. Déanann siad níos fearr ná pórtha eile le foráiste nach bhfuil chomh maith sin a athraíonn siad go héasca go bainne agus feoil. Tá an Droimeann thar a bheith torthúil agus tagann sí in aibíocht sách óg. D’fhéadfadh na heallaí baineanna tús a chur le timthriall ag 4 go 5 mí d’aois. http://droimeanncattlesociety.com/
Cleachtadh agus cleachtóirí
Is iad na cumainn póir aonair na cleachtóirí príomha mar shealbhóir agus mar chaomhnóir a bpórleabhair faoi seach. Aithnítear na Cumainn Póir aonair mar eintiteas dleathach atá ceadaithe le cothabháil a dhéanamh ar phórleabhar dá bpórtha faoi seach de réir reachtaíocht náisiúnta agus AE. Mar chleachtóirí príomha, is iad na cumainn póir aonair a thugann sainmhíniú ar an gcur síos agus ar na caighdeáin do gach aon cheann de cheithre phór dhúchasach na hÉireann.
Is iad na Cumainn Póir aonair agus na comhaltaí díograiseacha a chuireann an t-eolas agus na scileanna chun cinn atá riachtanach chun pórú, oiliúint, oibriú le agus Pórtha Eallaí Dúchasacha na hÉireann a chur ar taispeáint agus thug go leor acu seo na céadta uaireanta an chloig bliain i ndiaidh bliana ag troid ar son na dtraidisiún a bhaineann le pór amháin nó níos mó de na pórtha. Áirítear anseo, Aicmiú Ainmhithe, laethanta oscailte ar an fheirm, fíorú ginealaigh agus taispeántais ar bhonn uile-oileáin.
Bunaíodh Cumann Bó Maol na hÉireann sa bhliain 1926 chun an pór a fhorbairt agus Pórleabhar a chruthú agus a chothabháil. Fuair an cumann go leor tacaíochta agus rinneadh cigireacht, roghnú agus cuireadh eallaí fud fad na hÉireann ar an bPórleabhar. Le go leor blianta, de réir mar a chuaigh cáil an phóir i méid, reáchtáladh ranganna ag Seó Ríoga Uladh. . Mar sin féin, le tabhairt isteach pórtha déiríochta agus mairteola speisialaithe, thosaigh laghdú ag teacht ar líon Ba Mhaola na hÉireann.
Tháinig meath ar an gCumann an t-am céanna ar tháinig meath ar líon na n-eallaí agus scoireadh an Cumann sa bhliain 1966. Bhí an laghdú chomh suntasach sin nach raibh ach thart ar 30 bó den tréad fanta faoin mbliain 1970 agus bhí siad seo á gcoinneáil ag beirt phóraitheoirí – David Swan, Dún Sailí agus James Nelson, Maymore. Sa bhliain 1982 rinneadh athbheochan ar an gcumann le spreagadh ó Iontaobhas um Marthanas Pórtha Neamhchoitianta. Tá ardú mór tagtha ar na huimhreacha ó shin le cúnamh ó thaighde agus ó threoracha luachmhara ón Iontaobhas agus ó Roinn Ghéiniteach Ollscoil Learphoill araon. Is mór ag an gCumann an spreagadh seo. Sa bhliain 1998, chláraigh an Cumann mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta agus bhain an Cumann stádas carthanais amach freisin. Toghann na comhaltaí na stiúrthóirí ar bhonn bliantúil.
Bunaíodh Cumann Eallaigh Chiarraí sa bhliain 1917 chun íonacht an phóir a chur chun cinn agus cothabháil a dhéanamh air. Sa bhliain 2002 chláraigh an Cumann mar Chomharchumann, Cumann Eallaigh Chiarraí Teoranta ar mhaithe lena gcuid oibre a dhéanamh níos fearr. Tá comhaltas ag an gCumann anois in Éirinn, sa Bhreatain Mhór, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada.
Foilsíodh an chéad eagrán den “Register of Pure Kerry Cattle and Dexters” sa “Farmers’ Gazette” i mí Eanáir, 1887. Bhí trí imleabhar i gceist leis an gClár seo, lena n-áirítear, 46 Tarbh Chiarraí agus 100 Bó Chiarraí. Rinne Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath cothabháil ar an bpórleabhar go dtí deireadh na bliana 2001. Tá Cumann Eallaigh Chiarraí Teoranta i mbun cothabhála ar an bpórleabhar anois, tá an Cumann freagrach as na Clárúcháin go léir, as teastais pórleabhair a eisiúint agus as an bpórleabhar a fhoilsiú.
Cuireann Cumann Eallaigh an Dexter tacaíocht ar fáil d’úinéirí agus do phóraitheoirí an phóir seo, atá thar a bheith ilghnéitheach, ó thaobh comhairle, faisnéis agus raon seirbhísí. Faoi láthair tá 4,000+ eallach ginealaigh á gclárú ag 1,100 comhalta Cumainn ar fud na hEorpa gach aon bhliain. Déanann an grúpa réigiúnach ionadaíocht ar an bpóir i bPoblacht na hÉireann (Cumann Eallaigh Dexter na hÉireann).
Bunaíodh Cumann Eallaigh an Droimeann an 11 Meán Fómhair 2016 ag cruinniú de phóraitheoirí agus de dhaoine eile a raibh spéis acu caomhnú a dhéanamh ar an bpór. Seoladh Pórleabhar Eallaigh an Droimeann an 22 Lúnasa 2018.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
‘I sochaí ársa na hÉireann, ní cineál ainmhithe clóis amháin a bhí sna ba, bhí siad chomh tábhachtach sin go raibh siad beagnach ar chomhchéim le baill den tsochaí. Bhí beagnach gach aon duine sa tsochaí sin tógtha leis an mbó. Bhí siad chun tosaigh in intinn rí agus tuathánach, duine den chléir agus gnáthdhuine, gaiscíoch agus file, sean agus óg, fir agus mná, bhí siad i saol an uile dhuine ó éirí na gréine go dul faoi na gréine, ó bhreith go bás. Tá an méid sin soiléir ó shaothar na croiniceoirí, na naomhsheanchaithe, staraithe, filí na hÉireann agus an uile dhuine …bhí tagairt do na ba i ngach ní a scríobh na daoine seo in annála, téacsanna dlí, beathaí na naomh, insintí na staire, dánta ardmholtacha agus i scéalta agus i scéilíní, i bprós agus véarsa’.
Cattle in Ancient Ireland, A.T. Lucas, iar-Stiúrthóir, Ard-Mhúsaem na hÉireann
An t-eolas agus na scileanna atá i gceist
Tá Caighdeán Póir ag na Cumainn Póir go léir a bhfuil fáil éasca ag póraitheoirí air. Feidhmíonn na Caighdeáin Póir mar acmhainn phríomha do phóraitheoirí leis an eolas maidir le pórú atá riachtanach a fhorbairt. Spreagann agus cuireann go leor cumann siúlóidí feirme chun cinn freisin agus déantar plé ar na hainmhithe atá ann ó thaobh caighdeáin póir de a chomhlíonadh. Spreagann agus cuireann na laethanta oscailte seo aistriú eolais idir na Póraitheoirí chun cinn chun cuidiú le cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar na scileanna atá riachtanach nuair atáthar ag pórú an phóir dhúchasaigh neamhchoitianta seo. Chomh maith leis sin, de réir mar atá forbairt ag teacht ar an teicneolaíocht, tá glactha ag na Cumainn leis na meáin shóisialta agus leis na teicneolaíochtaí ar líne chun aistriú eolas a éascú dá gcomhaltaí éagsúla ar fud oileán na hÉireann.
Gnéithe Sóisialta
Tá comhaltas leathan ar fud Oileán na hÉireann ag Cumainn na bPórtha Dúchasacha. Tugann na Cumainn faoi shiúlóidí agus faoi laethanta oscailte ar an fheirm chun an ghné shóisialta agus an nascacht ar fud an oileáin a fhorbairt. Chomh maith leis sin, cuireann na hainmhithe a thaispeáint ag seónna éagsúla ar fud Oileán na hÉireann gné shóisialta bhreise ar fáil.
Tá an méid seo a leanas curtha i bhfeidhm ag Pórtha Dúchasacha na hÉireann do na glúnta atá le teacht:
Forbairt an Phóir
1) Aicmiú/Measúnú Líneach – comhlíonadh leis na caighdeáin póir – Meastóireacht Fheinitíopach
2) Measúnú Géanómaíoch – Comhlíonadh le híonacht an phóir agus le hainmhithe níos fearr a aithint. Bhain Cumann Eallaigh na Droiminne úsáid as an gcur chuige seo agus iad ag cur a bpóleabhar le chéile chun ainmhithe leis an íonacht is fearr a aithint mar bhunús don phór.
Cosaint agus Athrú an Phóir
Tá Cláir Phóraithe curtha i bhfeidhm ag na Cumainn Phóraithe – treoir maidir le pórú agus le bailiú tairbh d’Inseamhnú Saorga (AI). I gcás titim thubaisteach i líon na bpórtha (an Galar Crúibe is Béil), tá cúltaca acmhainní géiniteacha ann le cur ar chumas na nglúnta atá le teacht an pór a athbheochan.
Freastalaíonn na cumainn ar sheónna éagsúla freisin ar fud Oileán na hÉireann chun an pór a chur chun cinn do lucht féachana níos leithne, le comhaltaí nua a mhealladh agus le leanúint leis an tiomantas do na Pórtha Dúchasacha.
Eagraíochtaí Teagmhála
Cumann Eallaigh na Droiminne
Cumann Bó Maol na hÉireann
Cumann Dexter na hÉireann
Cumann Bó Chiarraí