Bunaíodh Féile na gCloch sa bhliain 2006 agus reáchtáltar é gach bliain ar oileán álainn Inis Oírr. San Fhéile, déantar ceiliúradh ar cheardaíocht, ar oidhreacht, agus ar áilleacht bhuan an obair chloiche atá le feiceáil ar Inis Oírr, in áiteanna éagsúla in Éirinn agus ar fud an domhain. Áiríonn an fhéile go leor ceardlann ar nós claí cloch, snoíodóireacht chloiche, litreoireacht, sceitseáil agus oibriú le moirtéal te aoil. Tugtar deis ann freisin do phobail chlaí cloch, do cheardaithe agus do dhaoine a bhfuil spéis acu ann teacht le chéile agus eolas a mhalartú, rud a chabhraíonn, dá réir sin, leis an ngné thábhachtach seo dár n-oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe a chosaint.
In 2018, cuireadh tógáil, eolas agus teicnící chlaí cloch ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Daonna. Áiríodh an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Eilvéis san inscríbhinn tosaigh seo. I mí an Mhárta 2023 cuireadh iarratas faoi bhráid UNESCO ag iarraidh Éire, an Ostair, Andóra, an Bheilg agus Lucsamburg a chur leis an inscríbhinn. Táthar ag súil le cinneadh UNESCO ar an iarratas seo i mí na Nollag 2024.
Chun an t-iarratas seo chuig UNESCO a mharcáil agus chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chomhpháirtíocht idirnáisiúnta agus do chomhroinnt eolais, thug Éire cuireadh d’ionadaithe ó gach ceann de na tíortha a bhfuil baint acu leis an inscríbhinn freastal ar Fhéile na gCloch 2023. Tabharfaidh an toscaireacht idirnáisiúnta cainteanna agus cur i láthair le linn na féile agus glacfaidh siad páirt i dtógáil ‘Balla Idirnáisiúnta’. Léireofar taispeántas ‘Lámha trasna na hEorpa’ le linn na féile freisin. Léirítear sa taispeántas seo ealaín shaibhir thraidisiúnta thógáil chlaí cloch in Andóra, san Ostair, sa Bheilg, sa Chróit, sa Chipir, sa Fhrainc, sa Ghréig, in Éirinn, i Lucsamburg, sa tSlóivéin agus sa Spáinn.
Is féidir tuilleadh eolais faoi Fhéile na gCloch a léamh ar: https://heritage.galwaycommunityheritage.org/content/category/topics/feile-na-gcloch
Is féidir tógáil, eolas agus teicnící chlaí cloch a fheiceáil ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Daonna ar https://ich.unesco.org/en/RL/art-of-dry-stone-walling-knowledge-and-techniques-01393