Ón 14ú go dtí an 17ú Meán Fómhair na bliana seo, tharlaigh an fhéile bhliantúil, Féile na
gCloch, ar Inis Oírr. Thaispeáin téama na bliana seo: Lámha trasna na hEorpa, Hands Across
Europe an malartú cultúrtha idir rannpháirtithe ó thimpeall an domhain. I rith na féile ceithre
lá, chruinnigh ionadaithe ó phobail tógála cloiche singil chun eolas a roinnt agus ceiliúradh a
dhéanamh ar cheardaíocht, oidhreacht, agus áille shíoraí na hoibre cloiche atá le fáil ar Inis
Oírr, in áiteanna éagsúla in Éirinn agus ar fud an domhain.
Cuireadh Ceird Tógála, Eolais agus Teicnící Cloiche Singil le Liosta Ionadaíoch d’Oidhreacht
Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna de chuid EOECNA go hoifigiúil in 2018. Tugadh an
Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Iodáil, an Ghréig, an tSlóivéin, an Spáin agus an Eilbhéis san
áireamh leis an inscríbhinn tosaigh seo. I Márta 2023, cuireadh iarratas faoi bhráid EOECNA
ag féachaint le hÉirinn, an Ostair, Andóra, an Bheilg agus Lucsamburg a chur leis an
inscríbhinn. Táthar ag súil le cinneadh EOECNA maidir leis an iarratas seo i Nollaig 2024.
Chun an iarratas seo ar EOECNA a mharcáil, agus tacú le comhpháirtíocht agus malartú
eolais idirnáisiúnta, thug Éire cuireadh d’ionadaithe ó gach tír a raibh baint acu leis an
inscríbhinn freastal ar Fhéile na gCloch 2023. Mar pháirt de chlár an fhéile, thug na toscairí
cainteanna agus taispeántais chomh maith le páirt a ghlacadh i mballa Idirnáisiúnta a thógáil,
agus iad á dtumadh féin i gcultúr an oileáin.
Roinneadh eolas suimiúil faoi thógáil chloiche singil, cosúil le tionscadail agus thionscnaimh
atá ag dul ar aghaidh faoi láthair faoin chleachtas seo, atá na mílte bliain d’aois, trí
cheardlanna ar thógáil chlaíocha cloch; snoíodóireacht litreach agus chloiche; conas mortéal
aoil the a mheascadh agus a chur; agus sceitseáil. Leis an chlár fhairsing imeachtaí, léiríodh
ilfheidhmeacht an traidisiúin thábhachtaigh oidhreachta cultúir doláimhsithe seo. Seoladh an
taispeántas ‘Lámha trasna na hEorpa’ (Hands Across Europe) i rith na féile fosta. Léiríodh sa
taispeántas seo ealaíontacht shaibhir thraidisiúnta na tógála cloiche singil in Andóra, sa
Bheilg, sa Chróit, sa Chipir, sa Fhrainc, sa Ghréig, in Éirinn, i Lucsamburg, sa tSlóivéin agus
sa Spáinn.
Chomh maith leis sin, tá ceiliúradh á dhéanamh in 2023 ar 20 bliain den Choinbhinsiún chun
an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú 2003 de chuid EOECNA. Dhaingnigh Éire
an Coinbhinsiún seo in 2015 agus sheol sí a chéad Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Cultúir
Doláimhsithe in 2019, a bhfuil 38 ngné d’oidhreacht bheo na hÉireann curtha leis go dtí seo.
D’éirigh le hÉirinn fosta ceithre chleachtas Oidhreachta Cultúir Doláimhsithe a chur ar an
Liosta Ionadaíoch d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna de chuid EOECNA;
Píobaireacht Uillinn in 2017, Iománaíocht in 2018, Seinm Chláirsí na hÉireann in 2019, agus
Seabhcóireacht na hÉireann in 2021.
Inbhuanaitheacht na Tógála Cloiche Singil
Beag beann ar an luach a bhaineann leis an chleachtas seo ó thaobh an chultúir agus na
hoidhreachta ar fud na hEorpa, is bealach tógála inbhuanaithe é tógáil chlaí chloch nach
ndéanann dochar d’éiceachórais nádúrtha atá cóngarach don áit tógála. Is féidir
inbhuanaitheacht tógála claí cloch a mhínigh in dhá chuid: trí dhearcadh na Spriocanna
Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) trína bheith ag amharc ar an bhealach a chur an t-imeacht
caomhnú na ceirde seo chun cinn agus ar na héifeachtaí dearfacha a bhí aige ar phobal áitiúil
an oileáin; agus ó na toscairí iad féin agus iad ag míniú na bealaí sainiúla a laghdaíonn tógáil
chlaí chloch éifeachtaí an athraithe aeráide, agus a chuireann sí le hinbhuanaitheacht ina
réigiúin féin.
Ag Comhlíonadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Cé go bhfuil tógáil chlaí chloch inbhuanaithe ann féin, cuireann Féile na gCloch leis an
inbhuanaitheacht ina bealach féin agus tá sé ag teacht le 6 amach as na 17 Sprioc Forbartha
Inbhuanaithe, mar a leag na Náisiúin Aontaithe amach iad:
Sprioc 4: Oideachas ar Ardchaighdeán – Cuireann Féile na gCloch Inis Oírr scileanna
traidisiúnta chun cinn cosúil le tógáil chlaí chloch, snoíodóireacht litreach, snoíodóireacht
chloiche, agus sceitseáil trí cheardlanna agus gníomhaíochta oideachasúla. Trí oiliúint agus
oideachas sna ceirdeanna traidisiúnta seo a chur ar fáil, cuidíonn sé lenár n-oidhreacht
chultúrtha a chaomhnú agus scileanna luachmhara a chur ar aghaidh do na glúnta amach
romhainn.
Sprioc 8: Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch – Trí cheardlanna agus oiliúint i
gceirdeanna cloiche a chur ar fáil, tacaíonn Féile na gCloch Inis Oírr leis an gheilleagar áitiúil
trí dheiseanna fostaíochta agus ioncaim a chur ar fáil do cheardaithe agus saoir áitiúla.
Cuireann sé fás eacnamaíoch inbhuanaithe chun cinn trí ghnólachtaí áitiúla a thacú agus
ceirdeanna traidisiúnta a chuireann le oidhreacht chultúrtha an phobail a chaomhnú.
Sprioc 9: Tionscal, Nuálaíocht agus Bonneagar – Le tógáil chlaí chloch, snoíodóireacht
chloiche agus snoíodóireacht litreach, is féidir cur le húsáid ábhar agus teicnící tógála
traidisiúnta, agus tacú le bonneagar inbhuanaithe a fhorbairt. Is féidir leis seo a bheith
úsáideach d’fhoirgnimh stairiúla agus suíomhanna oidhreachta cultúir a chaomhnú.
Sprioc 11: Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe – Is é atá mar aidhm ag Féile na gCloch
ná forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i bpobal áitiúil Inis Oírr trí theicnící tógála traidisiúnta
a chur chun cinn cosúil le tógáil chlaí chloch, úsáid aoil the, snoíodóireacht chloiche agus
snoíodóireacht litreach. Trí úsáid a bhaint as teicnící agus ábhair inbhuanaithe, cuireann na
gníomhaíochtaí seo le caomhnú thimpeallacht nádúrtha agus thírdhreach cultúrtha an oileáin
agus cruthaíonn siad pobal níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe.
Sprioc 12: Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach – Is imeacht atá dírithe ar cheirdeanna
agus scileanna traidisiúnta é Féile na gCloch Inis Oírr lena gcuirtear tomhaltas agus táirgeadh
freagrach chun cinn trí úsáid ábhar áitiúil agus inbhuanaithe a spreagadh. Le tógáil chlaí
chloch agus snoíodóireacht chloiche, tugtar tús áite d’ábhair áitiúla agus teicnící traidisiúnta,
cuirtear táirgeadh inbhuanaithe chun cinn agus laghdaítear an tionchar ar an chomhshaol.
Léirítear le húsáid aoil the cleachtais tógála inbhuanaithe agus an tábhacht a bhaineann le
hastaíochtaí carbóin a laghdú. Trí úsáid ábhar dá leithéad a chur chun cinn, laghdaítear an
tionchar comhshaoil a bhaineann le hábhair tógála eile nach bhfuil chomh inbhuanaithe
céanna.
Sprioc 13: Gníomhú ar son na hAeráide – Tacaíonn Féile na gCloch le gníomhú ar son na
haeráide trína ceardlanna ar
theicnící traidisiúnta a úsáid cosúil le tógáil chlaí chloch, agus léiriúcháin aoil the ar féidir leo
úsáid ábhar tógála inbhuanaithe agus cleachtais tógála ísealcharbóin a chur chun cinn agus
a chuidíonn le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
Tríd is tríd, tá Féile na gCloch ag teacht le roinnt spriocanna forbartha inbhuanaithe trí:
• Ceardaíocht thraidisiúnta a chur chun cinn agus a chaomhnú trí dheiseanna oiliúna a
chur ar fáil agus ceardaithe agus oidhreacht chultúrtha áitiúil a thacú.
• Feasacht a chothú faoin tábhacht a bhaineann le hábhair agus teicnící inbhuanaithe
sa tógáil.
• Daoine a spreagadh chun modhanna traidisiúnta a ghlacadh chucu agus foirgnimh,
struchtúir agus suíomhanna stairiúla á gcaomhnú.
• Dul i gcomhar le pobail áitiúla, eagraíochtaí agus an lucht déanta beartas chun na
cleachtais seo a chomhtháthú i bpleananna forbartha inbhuanaithe.
Inbhuanaitheacht de réir Tíre
An Ostair
Ón Ostair, chruthaigh Helmut Schieder agus Rainer Vogler an Fhéile Cloiche & Fíona
bhliantúil in Langenlois san Ostair Íochtarach, chomh maith le ceardlanna agus tionscadail
leanúnacha le mic léinn agus páistí agus thug siad caint shuimiúil i rith fhéile na bliana seo.
Creideann siad gur bealach í tógáil chlaí chloch chun tírdhreacha nádúrtha a chosaint agus
gur ábhar tógála é atá go hiomlán nádúrtha agus in-athchúrsáilte.
“I measc buntáistí eile, is é tógáil chlaí chloch an teicníc tógála is inbhuanaithe a bhí agus atá
ann. Faightear an t-ábhar tógála go háitiúil, de réir traidisiúin, le próiseas tairgthe gearr, rud a
fhágann nach mbíonn ach ionchur fuinnimh de 10% ann i gcomparáid le hábhair atá bunaithe
ar stroighin. Tá i bhfad níos mó seasmhachta ag baint le ballaí coinneála i dtógáil tírdhreacha
ná mar a bhaineann le ballaí atá déanta as stroighin ná ábhar eile atá uisce-neamhscagach.
Toisc nach bhfuil substaintí eile nó substaintí saorga ar bith de dhíth i leith tógála claí cloch,
tá siad 100% in-athchúrsáile – tá sé coitianta clocha ó seanbhallaí atá ligthe i léig nó briste a
athúsáid chun ballaí nua a thógáil.”
An Chipir
Mar pháirt dá thaispeántas faoin tógáil chlaí chloch sa Chipir, rinne an Dr. Christos
Zoumides cur síos ar cheithre bhealach trínar féidir leis an chleachtas tírdhreach nádúrtha a
chaomhnú agus a chosaint:
1. Ardáin chloiche singil sléibhe talmhaíochta
Cleachtas talaimh inbhuanaithe le haghaidh caomhnaithe ithreach agus uisce ar fhánaí
sléibhe.
Is tréith tírdhreacha shainiúil iad ardáin i réigiúin sléibhe, a chuireann raon leathan de
sheirbhísí eiceachórais ar fáil.
2. Ag cur seirbhísí ar fáil
Acmhainn táirgthe talmhaíochta méadaithe atá deartha chun níos mó spáis a chur ar fáil
don tsaothrú ar fhánaí géara a bheadh an-deacar le saothrú seachas sin.
3. Ag rialú seirbhísí
Le coinneáil uisce agus ithreach , grádán fána agus grádán reatha dromhchla íslithe, agus
rith chun srutha, cuidítear le hinsíothlú uisce agus mar sin de íslítear próisis chreimthe
ithreach agus baoil nádúrtha cosúil le tuilte.
4. Ag tacú le seirbhísí
Feabhas ar thimthriall cothaithigh, ithir, carbón orgánach, torthúlacht agus caighdeán
ithreach. Chomh maith, eascaíonn ardáin caomhnú pobal plandaí agus ainmhithe éagsúla.
Éire
Oibríonn Cumann Chlaí Chloch na hÉireann chun feasacht agus tuiscint níos fearr ar an
cheird a chur chun cinn trasna na hÉireann. D’fhéadfadh go dtéann an traidisiún seo siar
6,000 bliain in Éirinn agus tá an-tábhacht ag baint lena chaomhnú dá bharr, ach taobh
amuigh de sin is iad claíocha cloch an bealach is glaise chun tógáil cloiche a dhéanamh mar
nach n-úsáideann siad moirtéal, rud a chruthaíonn CO2, agus níl gá le bunsraith choncréite
nó blocobair le bheith mar bhonn leo. Chomh maith, tá siad 100% in-athchúrsáilte agus
furast le coinneáil, rud a chinntíonn go mairfidh siad ar feadh na mblianta, níos faide ná cuid
mhór ballaí moirtéil.
D’fhreastail Ken Curran, ionadaí ó Chumann Chlaí Chloch na hÉireann, ar fhéile na bliana
seo agus rinne sé an ráiteas seo maidir le hinbhuanaitheacht chlaí chloch.
“Le hathrú aeráide agus díothú speiceas á luathú ag an chine daonna lenár linn, seans go
bhfuil struchtúir chloiche singil níos inmharthana mar ghnéithe den tírdhreach ná riamh.
Spreagann siad miocraeráidí bithéagsúla laistigh daoibh féin agus timpeall orthu féin, agus
cuireann siad tearmann ar fáil do cuid mhór speiceas de flora agus fauna.
Cuireann struchtúir chloiche singil foscadh agus scáth ar fáil, agus is féidir leo stop a chur le
tuilte agus creimeadh. Is féidir le ‘bundaí ligeacha’ báisteach throm a mhoilliú agus mar sin
de cuidíonn sé le tuillte troma a mhaolú níos faide síos le fána. Mar gheall ar a nádúr
saorshilteach bíonn claíocha cloch coinneála níos fearr ná gnáthbhallaí moirtéil agus iad ag
seasamh in aghaidh sioc-ata, ag éascú draenála éasca, ag cuidiú le coinneáil mhianraí,
agus ag cosaint barr ó ‘chosa fliucha’.
Is iad claíocha cloch an bealach is glaise le hobair le cloch.
Tá siad déanta as ábhar nádúrtha atá ar fáil go háitiúil, tá siad in-athchúrsáilte go hiomlán
agus ní úsáidtear moirtéal, a chruthaíonn CO2, nó bunshraith choncréite nó blocobair agus
bonn á chur leo.
Suíonn siad go compórdach sa tírdhreach, tá siad ag teacht go maith leis an timpeallacht
agus oibríonn siad go maith in éineacht le hábhair nádúrtha eile.
Tacaíonn tógáil struchtúr cloiche singil le ceird ársa agus coinníonn sé príomhghné
d’fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann beo. Nuair a thacaítear leis an chleachtas sin a
choinneáil laistigh de phobail áitiúla, cuidítear le hinacmhainneacht a neartú sa gheilleagar,
sa talmhaíocht ghlas agus sa tírdhreachú. Is fusa iad a choinneáil ar bhealach níos simplí ná
le struchtúir mhoirtéil.
Mar gheall ar na fáthanna seo uilig, is teicníc tógála éiceabhách inbhuanaithe iad struchtúir
chloiche singil.”
An Spáinn
I mbliana, rinne trí thoscaire ó oileán Mallorca ionadaíocht ar an Spáinn. Tá impleachtaí
comhshaoil iontacha ag claíocha cloch coinneála ó thaobh rialála uisce, daingnithe leirge
agus coisc dóiteán foraoise.
Is féidir le uisce sil síos ón ardán é féin nuair atá báisteach mheasartha ann, de bharr
theicníc struchtúrtha na mballaí, le líonadh go leor curtha isteach taobh thiar de phríomh-aghaidh an bhalla. Laghdaíonn sé fosta an rith chun srutha agus an próiseas creimthe uisce.
Cuimsíonn go leor de na páirceanna léibheannaithe seo córais chasta a tógadh de réir
ghnéithe na learg sainiúil ina gcuidíonn líon mhór de na struchtúir draenála le srian a chur ar
rith chun srutha, seasmhacht a fheabhsú agus cuidiú le bac a chur ar sciorradh talún.
Ina theannta sin, le húsáid talmhaíochta marjades, cruthaítear suíomhanna le fásra gann
agus neamhleanúnachas cothrománach plandaí indóite, go háirithe i rith an tsamhraidh, rud
a chuidíonn leis an bhaol ó thinte a laghdú agus a chuireann bac ar scaipeadh tinte chomh
maith. Tá an gné deireanach seo an-úsáideach nuair atá teorainneacha sábháilteachta á
mbunú, go háirithe i gceantair foirgnithe.
Sa bhreis ar an bhaol ó thinte a ardú, nuair a thréigtear ó chleachtadh talmhaíochta ní
choinnítear na ‘marges’ nó ballaí coinneála, nó na struchtúir draenála ach oiread, rud a
chiallaíonn go bhfuil baol níos mó ann ó dhrochéifeachtaí ar an talún nuair atá cuid mhór
báistí ann.
Tá ról tábhachtach ag saothar cloiche singil mar ghnáthóg do speicis phlandaí fosta.
Cuimsíonn na claíocha cloch seo gnáthóga oiriúnacha ar féidir le líon mór speiceas agus
pobal coilíniú a dhéanamh orthu, cuid acu de shuíomh srianta agus tacsóin dhúchasacha,
fiú. Ba cheart lua, mar shampla, go n-aithníodh in Mallorca go bhfuil aon cheathrú de na
raithneacha atá le fáil ar imeall shliabhraon Tramuntana eindéimeach sna hOileáin
Bhailéaracha agus go bhfuil 7 hibrid Asplenium a bhaineann go heisiach leis an timpeallacht
seo. Úsáideann ainmhithe beaga an cinéal tógála seo le haghaidh foscaidh sna spásanna
idir na clocha.
Tá níos mó eolais faoi Fhéile na gCloch (Festival of Stone) ar fáil ag:
https://heritage.galwaycommunityheritage.org/content/category/topics/feile-na-gcloch
Is féidir Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe a fheiceáil ag
https://nationalinventoryich.tcagsm.gov.ie/national-inventory/
Is féidir an inscríbhinn faoi Cheird an Chlaí Chloch, eolas agus teicnící ar an Liosta
Ionadaíoch d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna a fheiceáil ag:
https://ich.unesco.org/en/RL/art-of-dry-stone-walling-knowledge-and-techniques-01393