• Aitheantas Stáit á Fhógairt ag an Aire Martin don Rince Seite
Gaelach, Fíodóireacht Chrois Naomh Bríd, Peil Ghaelach agus Peil
Ghaelach na mBan, Traidisiún Drámaíochta Amaitéarach na hÉireann
• Tugann an fógra líon na gcleachtas cultúrtha ar an bhFardal
Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe go 42
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,
Catherine Martin TD, aitheantas foirmiúil Stáit do cheithre chleachtas breise mar chuid
d’oidhreacht chultúrtha bheo na hÉireann.
Ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le linn Cluiche Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile
Sinsear na hÉireann idir Dún na nGall agus Gaillimh inné, d’fhógair an tAire Martin
aitheantas don Rince Seite Gaelach, Peil Ghaelach agus Peil Ghaelach na mBan,
Fíodóireacht Chrois Bhríde, agus Traidisiún Drámaíochta Amaitéarach na hÉireann.
Tar éis moltaí a fháil ó Choiste Comhairleach Saineolaithe na hÉireann ar Oidhreacht
Chultúrtha Doláimhsithe, rachaidh na ceithre chleachtas cultúrtha seo le chéile le 38
cleachtas cultúrtha eile atá aitheanta cheana féin ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir
le hOidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe.
Coinníonn Éire an Fardal Náisiúnta seo ar aon dul le Coinbhinsiún 2003 UNESCO um
Chosaint na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe, a dhaingnigh Éire in 2015. Is é aidhm
an Fhardail Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe cleachtais
oidhreachta chultúrtha bheo na hÉireann a chosaint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh
mar aon le nósanna, ceardaíocht agus traidisiúin.
Dúirt an tAire Martin:
“Is cuid lárnach dár gcultúr í ár n-oidhreacht bheo. Tá áthas orm aitheantas stáit a fhógairt
do cheithre chleachtas eile trí Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht
Chultúrtha Doláimhsithe. Tá gach ceann de na cleachtais seo lárnach do chultúr agus
d’aithint na bpobal a chleachtann iad, agus dár sochaí níos leithne.
Mar chuid d’oibleagáidí leanúnacha mo Roinne faoi Choinbhinsiún UNESCO 2003, tá sé mar aidhm
againn oidhreacht chultúrtha na hÉireann a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn.
Leanann na cleachtais a aithnítear inniu ag dul chun cinn trí na pobail thiomanta a
chothaíonn agus a chuireann a gcuid scileanna ar aghaidh tríd na glúine.”
Dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael:
“Is mór an onóir dúinn an pheil Ghaelach a chur go foirmiúil le liosta oidhreachta cultúrtha
doláimhsithe na hÉireann.
Díreach mar a d’aithin UNESCO an iomáint agus an
chamógaíocht in 2018, tá an t-aitheantas seo tábhachtach mar is cuid bhunúsach de cé
muid féin iad peil Ghaelach agus Peil Ghaelach na mBan.
Tá siad uathúil dúinne agus is
léir a dtábhacht do mhuintir na hÉireann sa tóir atá orthu i níos mó ná 1,600 club ar fud
an oileáin seo agus sna 500 club CLG atá ann in áiteanna eile ar domhan.
Táimid thar a bheith bródúil as na scileanna agus an ealaín a tháinig chun cinn inár gcluichí náisiúnta
leis na céadta bliain, agus tá lúcháir orainn go bhfuil aitheantas agus tacaíocht tugtha ag
an Rialtas do chluichí Gaelacha, agus gabhaimid buíochas leis an Aire Catherine Martin
agus lena comhghleacaithe as a dtacaíocht leanúnach.”
Dúirt Ard-Stiúrthóir Chumann Peil Gael na mBan, Eibhlín Ní Ruairc:
“Tá lúcháir orainn Peil Ghaelach na mBan a bheith aitheanta ar an liosta seo. Is fógra
tráthúil é seo agus muid réidh le ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain de Chumann Peile
na mBan Déardaoin seo chugainn, 18 Iúil.
Táimid tar éis teacht ar bhealach fada i gceann
leathchéad bliain, le beagnach 200,000 ball inár gCumann, agus os cionn 1,000 club ar
fud na hÉireann agus na Breataine. Is cúis mhór bróid dúinn ár spórt a bheith inscríofa ar
liosta ionadaíoch Oidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe na Daonnachta. Bhí ról lárnach ag
ár mbonn ballraíochta iomlán chun a chinntiú go bhfuil sé seo tagtha chun críche agus
ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don Aire Catherine Martin agus dá comhghleacaithe,
a leanann ar aghaidh ag soláthar cúnaimh agus tacaíochta luachmhar. Fáiltím go mór
roimh an bhforbairt thábhachtach seo agus is iontach an rud é freisin Peil Ghaelach na
bhfear a fheiceáil aitheanta go foirmiúil ar an gcuma chéanna.”