Láthair | Ar fud na hÉireann ach is díol suntais Ciarraí, Luimneach, Baile Átha Cliath agus Gaillimh |
---|---|
Catagóirí | Catagóirí Ealaíona Taibhiúcháin, Cleachtais shóisialta, Deasghnátha agus imeachtaí féilte, Ceardaíocht thraidisiúnta, Traidisiúin béil agus nathanna, lena n-áirítear teanga, Eolas agus nósmhaireacht maidir leis an dúlra agus leis an gcruinne |
Eochairfhocail | Dreoilín, Taibhréim, Deasghnás, Ceardaíocht, Ceol |
Eagraíocht Teagmhála | Cumann Dreoilín an tSráidbhaile, Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí |
Achoimre Ghearr
Is é Lá Fhéile Stiofáin, an 26 th Nollaig, Lá an Dreoilín.
Le sinsearacht, tá Lá an Dreoilín bunaithe ar dhreoilín a cheapadh, beart a ndeirtear gurb é an t-ádh a bheidh de thoradh air. Cuireann dream daoine feisteas tuí orthu féin, ceannbheart san áireamh atá ar dhéanamh an chloig agus bíonn siad ag ceol agus ag bualadh drumaí ar paráid trí shráideanna an bhaile agus amhrán traidisiúnta na hócáide á ghabháil acu;‘Dreoilín, Dreoilín, Rí na nÉan, Lá Fhéile Stiofáin do ghabadh é.. Déantar sin arís agus arís eile ar fud an bhaile agus cruinnítear airgead ó dhaoine na háite, ó chuairteoirí agus ó thurasóirí, i dtithe cónaithe agus i dtithe ósta.
Faisnéis chúlra
Déantar ceiliúradh ar Lá an Dreoilín in áiteanna ar fud na hÉireann ach is tréine an nós in iarthar na tíre, in áiteanna i gContae Luimnigh agus i gCiarraí chomh maith le réimsí de Bhaile Átha Cliath agus de Ghaillimh.
Baineann diamhracht leis an ócáid mar gheall ar chultúr agus nósanna ársa a bheith á gcumasc le chéile le nósanna nua-aimseartha ann ionas gur eascair ceiliúradh ón gcumasc sin lena mbaineann uathúlacht agus iléagsúlacht; cuimsítear ceol, amhránaíocht, damhsa, feisteas, paráid, amharc-ealaín, rannpháirtíocht an phobail agus dea-thoil carthanachta.
Téann stair Lá an Dreoilín chomh fada siar agus gur deacair a rá go cruinn cathain a cuireadh tús leis. Tháinig sé chun cinn ar dtús i rith ré na págántachta agus tá sé tagtha anuas trína oiread sin glúnta faoin tráth seo gur deacair gnéithe áirithe den cheiliúradh a mhíniú maidir lena mbunús, cé gur léir tionchar ó chórais éagsúla creidimh agus cultúir le ceiliúradh de chineálacha atá gaolmhar le Lá an Dreoilín ar fáil i dtíortha eile de chuid na hEorpa, deisceart na Fraince agus an Ghailís sa Spáinn mar shampla.
‘Cleamairí” a thugtar in áiteanna ar ‘lucht an dreoilín’ agus is minic an ceann feadhna gléasta i bhfeisteas cosúil le capall ionas go dtugtar ‘an capall maide’ ar an bpearsa sin. Caitear dua mór le feisteas tuí agus an ceol a ullmhú don lá. Nuair a thagann dreamanna éagsúla de lucht an dreoilín trasna ar a chéile 26 th Nollaig, is minic go dtarlaíonn cath idir na capaill, rud a chuirfeadh a dtarlaíonn i rith an Mardi Gras in New Orleans i gcuimhne do dhaoine.
Ceol traidisiúnta na hÉireann an cineál ceoil a bhíonn á sheinm ar Lá an Dreoilín agus cuireann sin go mór le scléip na hócáide. Is minic amhrán traidisiúnta a chanadh lena ngabhann an curfá “Dreoilín, Dreoilín rí na nÉan, Lá Fhéile Stiofáin do ghabadh é. fionnadhIs mór é a mhuintir agus is beag é fhéin. Agus dá mbeadh gunna agam chaithfinn é.” Rinne Liam Clancy taifeadadh ar leagan den amhrán sin sa bhliain 1955 agus choinnigh banna as Baile Átha Cliath, Lankum, beo é le taifeadadh sa bhliain 2019.
Bailíonn lucht an dreoilín airgead ar mhaithe le carthanas agus d’fhéadfadh sciar airgid a bheith á chruinniú freisin do dhamhsa an dreoilín a bhíonn ar siúl laethanta beaga tar éis Lá an Dreoilín féin mar cheiliúradh ar a fheabhas a d’éirigh le hiarrachtaí lucht an dreoilín.
Is lá mór sa bhliain shóisialta Lá an Dreoilín ag an bpobal in áiteanna go leor ar fud na hÉireann i ndáil leis na nósanna uathúla agus an léiriú spleodrach ar ghnás na nglúnta go léir, nithe atá á bhfí de dhlúth agus d’inneach ina chéile i gcomhthuiscint agus i gcomhchaidreamh an phobail.
Cleachtas agus cleachtóirí
Sa lá atá inniu ann, tá cleachtas Lá an Dreoilín á chleachtadh go coitianta i gcomharsanachtaí ar fud na hÉireann, go háirithe i réimsí d’iarthar agus d’iardheisceart na tíre. In iarthar Chiarraí, bíonn fáilte roimh chuairteoirí agus turasóirí páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus is cinnte go maireann cuimhne láidir acusan a dhéanann ar ghné faoi leith den chultúr.
Is iad is tábhachtaí de lucht an chleachtais na daoine sin a eagraíonn na cruinnithe ullmhúcháin roimh ré, a dhéanann an feisteas, a chleachtann an ceol, a réitíonn sóláistí don lá, a chuireann cóir taistil ar fáil do lucht an dreoilín más i mbus nó i gcarr sin, agus a chaitheann a gcuid ama, a gcuid airgid agus a gcuid fuinnimh le beartaíocht de chuid phobal na háite agus ar son phobal na háite ar fud na hÉireann.
Is léiriú ar chleachtas na linne seo an ceiliúradh a dhéantar ar an dreoilín ar an Sráidbhaile i gContae Chiarraí. Déanann isteach is amach le 30 duine taisteal i mbus ar fud an pharóiste, an grúpa ag dul isteach i dtithe ósta agus i dtithe cónaithe mar a bhfáiltíonn daoine óga agus daoine aosta araon go ríméadach roimh an ngrúpa. Is minic a dhéantar trácht ar na seanlaethanta a bhí agus a luaitear a shásta atáthar go bhfuil an nós á choinneáil beo i gcónaí. Bíonn daoine freisin atá sa cheantar le haghaidh na Nollag agus bíonn spleodar cheiliúradh an dreoilín ar an bhfón acusan ag dul abhaile dóibh agus a gcuimhne ar an ócáid á aithris acu do dhaoine eile.
Baineann gné an phobail go huile agus go hiomlán le Lá an Dreoilín agus bíonn fáilte roimh an uile dhuine páirt a ghlacadh ann nó suí siar agus taitneamh a bhaint as an seó. Bíonn leanaí ag cleachtadh ar a gcuid uirlisí ceoil ó thús na bliana go mbeidh siad in ann ceol agus máirseáil trí na bailte in éineacht leis an ngrúpa ar an lá mór. Bíogann an teach ósta nuair a thagann grúpa isteach de lucht an dreoilín agus bíonn beagán iomaíochta i gcónaí idir na compántais éagsúla maidir lena gcuid ceoltóirí agus damhsóirí, feabhas an fheistis agus seachas aon ní eile; an chraic Bíonn éagsúlachtaí beaga ar an gcleachtas ó áit go chéile ar fud na tíre cé go bhféadfadh gur mionléiriú a bhíonn in áiteanna ar an gcleachtas ina steillbheatha i mbailte de leithéid Dhaingean Uí Chúis i gCorca Dhuibhne, áit a mbraitear nósanna Lá an Dreoilín a bheith i mbarr a maitheasa agus caomhnú an traidisiún ina ábhar mórtais, mar a léirítear go maith in ‘The Wrenboys of Dingle’ le MacDonagh (1983).
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Tarlaíonn nósanna an dreoilín a chur chun cinn ar bhealach an-nádúrtha atá saor go hiomlán ar mhargaíocht de chineál ar bith nó ar chur i láthair teagascúil, Déantar a chur ar aghaidh mar a dhéantar cleachtas ar bith eile atá ina dhlúthchuid den chultúr a chur ar aghaidh; trí leanúint den chleachtas féin. Ar aon dul le teanga a thógtar ón gcliabhán, baineann sé leis an dúchas agus bíonn líofacht ann gnóthaithe sula dtuigtear a mhalairt a bheith ar fáil. Cé go bhféadfadh cleachtais eile agus deiseanna nua-aimseartha a bheith ina mbaol do nósanna Lá an Dreoilín, bíonn fonn ar an nglúin óg é a choinneáil ar bun mar gheall ar an stádas faoi leith maidir le féiniúlacht an cheantair.
Is léiriú air sin an t-athbheochan le blianta anuas ar lá an dreoilín sa Sráidbhaile i gContae Chiarraí. Níos mó ná cúig bhliana ó shin, shocraigh an tUasal Ciarán Fitzgerald (RIP) agus roinnt cairde dá chuid, a bhíodh páirteach ar feadh na mblianta i Lá an Dreoilín i mbaile eile in aice láimhe, go raibh sé in am nós an dreoilín a athbheochan ar an Sráidbhaile. Mar gheall ar na gnáth-athruithe déimeagrafaíochta maidir leis an daonra faoin tuath, bhí daichead bliain agus níos mó caite ó bhí Lá an Dreoilín cheana ar an Sráidbhaile. Baineadh úsáid as na meáin shóisialta, agus as an gcogar i gcluais, eagraíodh cruinnithe agus bhí grúpa lárnach 20 duine as an Sráidbhaile ag cromadh ar pháirt a ghlacadh i Lá an Dreoilín.
An tUasal Fitzgerald a roghnaíodh le dul i bpáirt an chapaill, bheadh air feisteas trom a chaitheamh ar feadh dhá uair a chloig déag. Thángthas ar cheann an chapaill a bhíodh in úsáid ar Lá an Dreoilín sa Sráidbhaile daichead bliain roimh ré agus nuair a cuireadh na cosa faoi d’éirigh go hiontach leis an gcéad Lá an Dreoilín ar an Sráidbhaile le ceathracha bliain agus níos mó agus cruinníodh cistí a raibh géarghá leo do charthanais fhiúntacha.
Eagraíocht Teagmhála
Cumann Dreoilín an tSráidbhaile, Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí