Láthair Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Muineachán, Ciarraí, Gaillimh
Catagóirí
Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail
Eochairfhocail Cróise, lásadóireacht
Eagraíocht Teagmhála
Grúpa Lása Cróise na hÉireann Chluain Dolcáin
Achoimre ghearr
Is éard atá i gceist le Lása Cróise na hÉireann ná móitífeanna ar leith a dhéanamh agus iad a leagan amach i cibé dearadh ar leith a thaitníonn leis an gcleachtóir nó bunaithe ar an úsáid a bhainfear as an earra agus é críochnaithe. Ansin ceanglaítear na móitífeanna éagsúla seo le chéile le líontáin chúlra éagsúla nó le greamanna mogalra a bhíonn déanta as stíleanna difriúla de shlabhraí nasctha. Oibríonn na cúlraí seo, mar gheall ar thoisí agus ar phatrúin éagsúla a bheith ann, chun uigeacht bhreise a sholáthar agus bíonn an próiseas cruthaitheach ina iomláine níos spéisiula don tsúil.
Mar gheall ar indibhidiúlacht an ealaíontóra agus na stíleanna ó thaobh móitíf agus mogalra a roghnaíonn siad, bíonn gach mír a chruthaítear difriúil, rud a thugann léargas ar an tallann, an fhís nuálach agus an scil theicniúil atá ag an té a chruthaigh é.
Faisnéis chúlra
Bunaíodh Ionaid in raibh Lásadóireacht na hÉireann agus Lásadóireacht Cróise na hÉireann ar fud oileán na hÉireann ón 18ú haois go dtí tús an 20ú haois mar shampla: i gCorcaigh, Luimneach, Gaillimh, Muineachán, Baile Átha Cliath, An Bhuiríos, agus araile. D’oibrigh go leor de na hionaid seo mar thionscal baile agus iad ag táirgeadh cróise agus lása na hÉireann, agus bhí ardmheas ag margaí faisin an domhain ar an dearadh sainiúil a bhain leo.
Bhí Lása na hÉireann agus Lása Cróise na hÉireann araon ina n-earraí suntasacha mar a bhain le heaspórtálacha na hÉireann sa 19ú hAois. Bunaíodh tionscail bhaile ar fud na tíre le freastal a dhéanamh ar an éileamh a bhí ar Lása Cróise na hÉireann ar fud an domhan agus go minic bhíodh an t-airgead a saothraíodh do chailíní aonair ríthábhachtach mar gur chuir sé ar chumas an teaghlaigh maireachtáil nuair a bhí cúrsaí eacnamaíocha go dona. Bhí an cheird á teagasc go forleathan, go háirithe le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir i lár na 1840idí, agus é mar aidhm go mbeadh sé mar fhoinse ioncaim ag teaghlaigh a bhí i ndroch-chaoi.
De bharr gur tosaíodh ar lása a tháirgeadh go meicniúil i ndeireadh na 1800idí agus i dtús na 1900idí, agus go raibh bac ar na bealaí trádála domhanda le linn an Chogaidh (1914-1918), tháinig meath ar an éileamh domhanda a bhí ar Lása agus ar Lása Cróise lámhdéanta na hÉireann. Ó shin i leith, seachas tréimhse ghairid sna 1960idí nuair a léiríodh spéis ann mar gheall ar dhearthóirí Faisin na hÉireann ar nós Sybil Connolly, tá sé tar éis dul i léig go mór ón am a raibh sé faoi bhláth i dtionscal an domhain, go dtí nach bhfuil ann anois ach ceardaíocht le haghaidh caitheamh aimsire.
Sa lá atá inniu ann, tá moil bheaga chruthaitheacha fós i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh i Luimneach agus i Muineachán, áit a bhfuil Lásadóireacht na hÉireann agus Lásadóireacht Cróise na hÉireann fós slán, cé gur mó de chaitheamh aimsire ná de cheird atá i gceist sa lá atá inniu ann. Go dtí an lá atá inniu ann aithnítear stíl Lása Cróise na hÉireann ar fud an domhain agus tá cleachtóirí cróise in Oirthear na hEorpa agus sa Rúis go háirithe tar éis go leor de na dearaí agus de na móitífeanna a chur in oiriúint agus a thabhairt isteach sna leaganacha den ealaín chruthaitheach seo atá acu ina gceantair féin.
Cleachtas agus cleachtóirí
San 18ú agus sa 19ú haois, tháinig stíleanna éagsúla chun cinn a shamhlaítear le ceantair ar leith, de bharr gur bunaíodh moil chruthaitheacha in áiteanna éagsúla ar fud na tíre, mar shampla: Lása Cróise Chluain Eois, Lása Eochaille agus Neidín, agus araile.
Tá go leor de na lásadóirí a bhíonn ag cruthú lása na hÉireann agus Lása Cróise na hÉireann ag leanúint lena gceird mar chaitheamh aimsire agus is oibrithe aonair iad a bhíonn ag obair leo féin. Tá cuid eile fós tar éis an bhorrtha atá tagtha faoi Lása na hÉireann le déanaí a thabhairt faoi deara agus tá siad páirteach ann, go háirithe in ionaid amhail Eochaill, An Neidín agus Áth Cinn, i gCo. na Gaillimhe.
Bunaíodh Cuallacht Lásadóirí na hÉireann sa bhliain 1987 chun cabhrú leis na lásadóirí ina gcuid oibre, go háirithe iad siúd a bhí ag déanamh lásaí traidisiúnta na hÉireann. Sa lá atá inniu ann, cuimsíonn an Chuallacht na lásaí ar fad a bhfuil eolas ina dtaobh in Éirinn, Lása Cróise na hÉireann san áireamh, chomh maith le go leor leaganacha den lásadóireacht ó thíortha thar lear. Is é cuspóir na Cuallachta tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an lásadóireacht agus ar dhearadh lása in Éirinn trí cheardlanna, léachtaí, taispeántais agus gníomhaíochtaí eile a mbeadh spéis ag lásadóirí iontu a eagrú. Moltar na stíleanna ar leith a bhaineann leis na ceantair éagsúla a chothabháil agus a fhorbairt.
Cuireadh tús i gCluain Dolcáin, i gCo. Bhaile Átha Cliath le gluaiseacht ar aon dul leis seo chun Lása Cróise na hÉireann go sonrach a athbheochan agus tacú leis, agus tá grúpa beag cleachtóirí tar éis Ghrúpa Lása Cróise na hÉireann Chluain Dolcáin a bhunú.
Tríd is tríd, ós rud é go mbíonn go leor díobh siúd a chleachtann Lása Cróise na hÉireann ag obair ina n-aonar ar an gceird, tá meath ag teacht ar chuid mhaith de na hardscileanna agus na stíleanna cruthaitheacha a bhíodh ag na cleachtóirí a d’oibríodh sna moil chruthaitheacha. Anuas air sin tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil na seandearaí rósheanfaiseanta do shaol an lae inniu.
Tá sé mar aidhm ag Grúpa Lása Cróise Chluain Dolcáin spéis a mhúscailt sa cheird seo agus tá siad ag déanamh iarracht na cleachtóirí atá fágtha i mBaile Átha Cliath a thabhairt le chéile chomh maith le nasc a chruthú le grúpaí agus le daoine aonair atá fós i mbun na ceirde in áiteanna eile ar fud na tíre. Tá ceardlanna agus imeachtaí oiliúna beartaithe do 2018.
Gach seans go bhfuil go leor de lucht déanta Lása na hÉireann agus lucht déanta Lása Cróise na hÉireann ina mbaill freisin d’eagraíochtaí dála Cuallacht Lásadóirí na hÉireann, Bantracht na Tuaithe, Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann, Déantóirí Lása Neidín, Grúpa Greamanna Ros Mhic Thriúin agus Naomh Louis (Loch Garman), chomh maith le grúpaí ceardaíochta áitiúla nach bhfuil chomh foirmiúla.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Is leagan ar leith den ealaíon láimhe iad Lása na hÉireann agus Lása Cróise na hÉireann a thosaigh ag forbairt den chéad uair in Éirinn le linn an 18ú hAois. Is amhlaidh gur fhill Siúracha Reiligiúnacha ó Chlochair na Mór-Roinne agus gur thug siad leo go hÉirinn na bunscileanna a bhain le hobair shnáithaide na Fraince, na Beilge agus na hIodáile.
De réir mar a d’fhorbair ceird na lásadóireachta snáthaide in Éirinn, tháinig stíleanna difriúla agus stíleanna sainiúla den lásadóireachta chun cinn sna hionaid éagsúla ar fud na tíre ina raibh an obair ar bun m.sh. in Eochaill, i gCarraig Mhachaire Rois, i Luimneach, i mBuiríos i gCluain Eois agus araile.
Bhí ceird Lása Cróise na hÉireann bunaithe ar lása na Veinéise, áit ar baineadh úsáid as crúca an-chaol agus snáith cadáis in ionad snáthaid chun baill éadaí, maisiúcháin ar éadaí faiseanta nó bogfheisteas tí a dhéanamh le linn an 19ú hAois. Sa 19ú hAois, de réir mar a tháinig forbairt ar Lása Cróise na hÉireann, thosaigh stíl a bhí an-difriúil ag teacht chun cinn agus feictear é seo fós ar fud an domhain mar Lása Cróise as Éirinn agus ‘Irish Crochet’ nó ‘Irish Crochet Lace’ a thugtar air ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.
Bíonn Cuallacht Lásadóirí na hÉireann, mar aon leis na grúpaí eile atá luaite thuas, ag cabhrú chun na scileanna a bhaineann leis an lásadóireachta agus leis an lásadóireacht cróise a scil-bhisiú agus a theagasc do chleachtóirí nua agus do chleachtóirí a bhfuil taithí acu araon.
Bunaíodh Grúpa Cróise na hÉireann Chluain Dolcáin (C.I.C.G.) in 2017 agus é mar chuspóir acu daoine aonair a raibh suim acu san ábhar a thabhairt le chéile le go bhféadfaí cabhrú leis na scileanna a bhain leis an tionscal baile, a bhí sa chuid seo de Bhaile Átha Cliath sa 19ú haois, a athbheochan.
Toisc go raibh scileanna Lása Cróise na hÉireann tugtha ó ghlúin go glúin i dteaghlaigh i seanbhaile Chluain Dolcáin agus i sean bhaile Leamhcáin, teastaíonn ón C.I.C.G. na cleachtóirí seo a tharraingt le chéile agus teagasc na ceirde a athbheochan, ionas gur féidir saol nua a thabhairt don seandearadh agus don shean-cheird.
Tugadh cuireadh chuig ceardlanna do chleachtóirí atá aitheanta go náisiúnta chun comhairle a thabhairt maidir leis an gcaoi a bhféadfaí an Grúpa a fhorbairt amach anseo.
This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.
Strictly Necessary Cookies
Strictly Necessary Cookie should be enabled at all times so that we can save your preferences for cookie settings.
If you disable this cookie, we will not be able to save your preferences. This means that every time you visit this website you will need to enable or disable cookies again.
3rd Party Cookies
This website uses Google Analytics to collect anonymous information such as the number of visitors to the site, and the most popular pages.
Keeping this cookie enabled helps us to improve our website.
Please enable Strictly Necessary Cookies first so that we can save your preferences!