Láthair | Carraig Mhachaire Rois, Contae Mhuineacháin |
---|---|
Catagóirí | Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte Ceardaíocht thraidisiúnta Ceardaíocht thraidisiúnta |
Eochairfhocail | Ceardaíocht, lása |
Eagraíocht Teagmhála | Comharchumann Lásadóireachta Charraig Mhachaire Rois |
Stíl déanta lása is ea lásadóireacht Charraig Mhachaire Rois atá sainiúil do Carraig Mhachaire Rois agus atá fréamhaithe ina stair agus ina oidhreacht chultúrtha.
Agus lása Charraig Mhachaire Rois á dhéanamh forchuirtear an dearadh ar an organdie mar appliqué anuas ar líon agus úsáid á bhaint as greamanna fuála atá gar dá chéile ar snáithe tanaí. Gearrtar as an organdie nach bhfuil ag teastáil agus bíonn dearadh galánta agat ansin Déantar tuilleadh maisiúcháin air le greamanna éagsúla líonta, gíopúr, preabáin agus go háirithe an chiumhais lúibe atá an-sainiúil.
Faisnéis chúlra
Ba í Grey Porter Uasal (bean chéile an reachtaire) a thug Lása Charraig Mhachaire Rois isteach in 1820. Cuireadh tús le Lásadóireacht Charraig Mhachaire Rois mar bhealach chun fostaíocht, a raibh géarghá léi, a thabhairt do mhná óga faoin tuath. Is é lása na hIodáile, a bhailigh Grey Porter Uasal agus í ar mhí na meala a spreag an dearadh.
Faoi dheireadh na 1830idí bhí meath tagtha ar an lásadóireacht láimhe mar gheall ar an tionsclú agus de bharr go raibh cineálacha eile lása á olltáirgeadh. Sna 1840idí, áfach, ghoil sé ar Iníon Reed, mná óga na háite a fheiceáil ag déanamh obair throm sna páirceanna agus chuir sí tús le hathbheochan. Chuir sí ranganna lásadóireachta láimhe ar bun i gcró ar eastát an teaghlaigh. Lean sé seo ar aghaidh go dtí deireadh na 1800idí.
Sa bhliain 1846, bhunaigh Tristam Kennedy, a bhí ina bhainisteoir ar eastát Marquis of Bath i gCarraig Mhachaire Rois, Scoileanna Lásadóireachta Bath agus Shirley. Seoladh treoracha agus dearaí ón scoil lárnach seo chuig seacht scoil eile. Tharla sé seo le linn an Ghorta, agus mar gheall ar na scoileanna lásadóireachta d’éirigh le go leor teaghlaigh teacht slán ón nGorta. Lean muintir Shirley de bheith ag tabhairt tacaíochta ar feadh breis agus 40 bliain. Ag teannadh le deireadh na 1890idí cuireadh críoch leis an bpátrúnacht agus ní raibh an oiread céanna éilimh ar lása.
Sa bhliain 1888 bhunaigh siúracha Naomh Louis clochar i gCarraig Mhachaire Rois agus chuir siad suim sa lásadóireacht áitiúil. Múineadh an lásadóireacht do pháistí bunscoile ionas go mbeidís in ann é a úsáid chun slí bheatha a bhaint amach dóibh féin nuair a d’fhágfaidís an scoil. Bhunaigh siad Scoil Lásadóireachta Naomh Louis ina dhiaidh sin. Murach a ndúthracht bheadh deireadh tagtha leis an lásadóireacht i Muineachán. Bhí an Bhanríon Victoria i measc a gcuid custaiméir. Mar gheall ar an athbheochan bhí rath ar an lásadóireacht sa cheantar in athuair. Ar an drochuair, nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda sa bhliain 1914 tháinig deireadh le ré órga na lásadóireachta in Éirinn.
Sa bhliain 1984 bunaíodh Comharchumann Lásadóireachta Charraig Mhachaire Rois chun an traidisiún seo a athbheochan, tacú leis agus é a sheachadadh.
Bhain go leor dearthóirí idirnáisiúnta úsáid as lása Charraig Mhachaire Rois ina ndearaí, lena n-áirítear Sybil Connolly, Pat Crowley, agus Vonnie Reynolds. Bhí an lása le feiceáil ag roinnt bainiseacha ríoga, lena n-áirítear an gúna pósta Emmanuelle, a chaith an Bhanphrionsa Diana agus le déanaí bhí an teicníc le feiceáil sa ghúna pósta ríoga de chuid Alexander McQueen a chaith Kate Middleton.
Cleachtas agus cleachtóirí
Bíonn an Comharchumann ag déanamh, ag taispeáint agus ag díol an lása a dhéantar go háitiúil, chomh maith le bheith ag múineadh na lásadóireachta. Tá gailearaí lásadóireachta seanbhunaithe acu mar mhol, agus tá sé ar cheann de na cinn scríbe turasóireachta is mó a mbíonn tóir orthu sa chontae.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Cuireann grúpa dúthrachtach ina bhfuil máistircheardaithe oiliúint ar dhaoine nua leis an scil a fhoghlaim. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcoinneofaí beo an cheird, an stíl agus an oidhreacht agus go leanfaí leis an oiliúint agus leis an bhfás sin ionas go spreagfar na daoine óga leis an traidisiún a choinneáil ag imeacht. De bharr gur ceird í a bhfuil scil ag baint léi ón taobh teicniúil de, tá sé ríthábhachtach go múinfí na scileanna a bhaineann léi ar bhonn duine le duine, ar aon dul leis an mbealach a mbíodh na scileanna á bhfoghlaim go traidisiúnta.
Eagraíocht Teagmhála
Comharchumann Lásadóireachta Charraig Mhachaire Rois