Lásadóireacht Luimnigh

Luaitear lásadóireact Luimnigh ar an gcineál is iomráití de stíleanna lásadóireachta na hÉireann agus ar cheann de na tionscail ealaíne is cáiliúla de chuid na hÉireann. Cineál faoi leith den lásadóireacht atá ann a d’eascair ó mhogalra meaisín a theacht chun cinn sa bhliain 1808. Cineál bróidnéireachta arna dhéanamh ar mhogalra meaisín is ea lásadóireacht Luimnigh ionas gur ‘lásadóireacht cumaisc’ atá ann seachas ‘glanlásadóireacht’ ar obair láimhe uilig atá i gceist léi. Tá dhá chineál de lásadóireacht Luimnigh i gceist freisin: (1) lásadóireacht fonsa a dhéantar trí mhogalra a theannadh trasna fonsa cruinnithe, mar a bheadh tambóirín ann agus an snáithe a tharraingt tríd le crúca, agus (2) lásadóireacht snáthaide, bróidnéireacht le snáthaid ar bhunús mogalra. Baintear úsáid as snáithe lín, cadás agus síoda gléineach a bhfuil an chasnóg bainte as don obair. ‘Baintear úsáid as snáithe lín, cadás agus síoda gléineach a bhfuil an chasnóg bainte as don obair. Baineann maisiúchán le saothar bróidnéireachta le lásadóireacht Luimnigh chomh maith. I gcás lásadóireacht snáthaide Luimnigh, déantar lorg an phatrúin a ríomh le greama reatha agus sin a líonadh le greama de chineálacha éagsúla.

Faisnéis chúlra

Bhí Lásadóireacht Luimnigh ar cheann de na tionscail ceardaíochta a tháinig go Luimneach sa bhliain 1829 nuair a thug Charles Walker, fear gnó as Sasana, 24 bean as Nottingham ag múineadh na ceirde do mhná Luimnigh. Roghnaigh Walker Luimneach, baile garastúin, mar gheall ar an traidisiún fuála seanbhunaithe ann maidir le miotóga, éide mhíleata agus obair gheal bróidnéireachta a dhéantaí do shiopaí i nGlaschú agus i Londain. Is é a thug lásadóireacht fonsa go Luimneach agus is é Jonas Rolf, i ndeireadh na 1830idí, a thug isteach an lásadóireacht snáthaide. Is féidir dhá ré faoi leith a lua le stair na lásadóireachta i Luimneach: ré na monarchan (1829-70) agus ré na lásadóireachta i gceardlanna agus sa bhaile (1870idí anuas go dtí an lá inniu).

Idir na 1830idí agus an 1860idí, bhí monarchana lásadóireachta i mbun gnó i Luimneach, ar Shráid an Chláir agus ar Shráid Glentworth go háirithe. Bhíodh obair lásadóireachta á dhéanamh freisin i siopaí móra Cannock agus Todd, ach mar gheall ar gur scaip obair lásadóireachta arna dhéanamh le meaisín in Nottingham, tháinig meath ar an obair lásadóireachta i Luimneach. I rith na 1840idí, tosaíodh ar lásadóireacht Luimnigh i gclochair agus in institiúidí eile a bhí á rith ag mná rialta, i Luimneach agus in áiteanna eile. Sa bhliain 1850, bhí lásadóireacht á dhéanamh i gClochar an Aoire Mhaith, Sráid an Chláir, Luimneach ach bhí freisin i roinnt eile de na hárais eaglasta sa chathair, ina measc Chlochar na Toirbhirte i Sráid Uí Sheasnáin agus i gClochar na Trócaire, Ardán Naomh Uinseann, Ascaill Uí Chonaill. Scaip lásadóireacht Luimnigh chuig clochair eile, clochair ina measc in Eochaill, Cionn tSáile, Dún Mór Thoir, Cathair Saidhbhín agus an Neidín. I rith na 1880idí, tharla athbheochan suntasach ar lásadóireacht Luimnigh mar gheall ar bheartaíocht Florence Vere O’Brien, bean as Sasana a phós duine de mhuintir Uí Bhriain as Caisleán Dhrom Ólainn.

Maidir le lásadóireacht Luimnigh a tharla an beart fiontraíochta ba mhó i stair na lásadóireachta in Éirinn. Nuair a bhí sé i mbarr a réime i dtús na 1850idí, bhí suas le 1,850 duine fostaithe i mbun lásadóireachta i gcathair Luimnigh. Chuir tionscal na lásadóireachta athrú ar stair shóisialta Luimnigh. Cuireadh fostaíocht ar fáil do sciar suntasach de na mná sa lucht saothair, gach duine acusan ag cothú beirt nó triúr eile den teaghlach nó ag cuidiú lena gcothú.

Cruthaíodh saibhreas cultúir ábhartha le lásadóireacht Luimnigh, gúnaí, seálta baiste agus róbaí lucht eaglaise chomh maith le ciarsúir agus mionscaraoidí. Bhíodh na mílte ban á chaitheamh, daoine iomráiteacha ina measc, mar shampla an Bhanríon Victoria, Edith Roosevelt agus an Chuntaois Markievicz. Bhí na glúnta de lucht na heaglaise freisin a chaith éide le lásadóireacht Luimnigh agus a bhain leas as ag maisiú a gcuid séipéal, in Éirinn agus i measc dhiaspóra na hÉireann. Tá roinnt mhaith samplaí de lásadóireacht Luimnigh i dtaisce in Iarsmalann Luimnigh, Sráid Anraí.

Cleachtas agus cleachtóirí

Ar scála beag, i mbeagán ionad, atá lásadóireacht Luimnigh á déanamh faoi láthair in Éirinn. Beagán atá i mbun na ceirde i gcathair Luimnigh féin. Sa chuid is mó de na cásanna, bíonn an cheird á múineadh mar chaitheamh aimsire i ranganna lásadóireachta. I gcathair Luimnigh, bíonn dhá rang lásadóireachta á múineadh go rialta ag Marian O’Callaghan as Bealach Átha, Contae Chorcaí, ar a bhfreastalaíonn tuairim is tríocha duine. Tá lásadóireacht Luimnigh á chleachtadh agus á mhúineadh ag Toni O’Malley as cathair Luimnigh in ionaid éagsúla sa chathair, mar shampla Iarsmalann Hunt agus Leabharlann na Gráinsí. Déantar obair lásadóireachta freisin ó am go chéile lena dhíol, mar shampla Eileen Browne as Baile na Cora i gcathair Luimnigh.

Taobh amuigh de Luimneach, bíonn Gráinne Conlon ag múineadh lásadóireacht Luimnigh ag ceardlanna rialta agus ag laethanta lásadóireachta a eagraíonn Cuallacht Lásadóirí na hÉireann atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bíonn lásadóireacht Luimnigh agus cineálacha eile lásadóireachta de chuid na hÉireann á dteagasc ag Nora Finnegan agus Toni O’Malley in Ionad Lásadóireachta agus Dearthóireachta an Neidín i gContae Chiarraí. Eagraíonn Veronica Stuart as Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí, ranganna lásadóireachta, lásadóireacht Luimnigh san áireamh do Lásadóirí Traidisiúnta na hÉireann atá lonnaithe i gCorcaigh. Bíonn lásadóireacht Luimnigh á chleachtadh freisin ag Máire Walsh, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Tá bailiúchán fairsing i dtaisce in Iarsmalann Luimnigh ina bhfuil 80 saothar de lásadóireacht Luimnigh, níos mó ná 200 pátrún lásadóireachta agus ábhar eile atá ceangailte le lásadóireacht Luimnigh.

Tá samplaí de lásadóireacht Luimnigh ar fáil sna bailiúcháin ag iarsmalanna eile, ina measc Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin; Ionad Oidhreachta Shiúracha na Trócaire, Rath Luirc, Co. Chorcaí; an Victoria & Albert Museum, Londain; Bowes Museum, Castle Barnard, an Ríocht Aontaithe; Powerhouse Museum, Sydney, an Astráil; agus an Metropolitan Museum of Art, Nua-Eabhrac. Tá bailiúcháin fhairsinge faoi úinéireacht phríobháideach ag Veronica Rowe in Áth an Ghainimh, Co. Bhaile Átha Cliath agus ag Grania McElligott sa Nás, Co. Chill Dara.

Eagraíodh taispeántais thábhachtacha de lásadóireacht Luimnigh in Iarsmalann Hunt, Luimneach (1998), Iarsmalann Luimnigh (2014-15) agus in ionaid éagsúla ar fud Luimnigh (2016). Sa bhliain 2016, eagraíodh Hybrid: Limerick Lace Liminal Identity, taispeántas agus comhdháil idirnáisiúnta, i Luimneach arna eagrú mar thionscadal i gcomhar idir Iarsmalann Luimnigh, Cartlann Luimnigh agus Scoil Ealaíne agus Dearthóireachta Luimnigh.

Foilsíodh dhá mhórshaothar faoi lásadóireacht Luimnigh le tríocha bliain anuas nó mar sin:

  • Nellie Ó Cléirigh & Veronica Rowe: Limerick Lace, A Social History and A Maker’s Manual (Gerrards Cross, Buckinghamshire: Colin Smythe, 1995).
  • Matthew Potter (údar) & Jacqui Hayes (eagarthóir): Amazing Lace: A History of the Limerick Lace Industry (Luimneach: Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, 2014).

I Luimneach, mar gheall ar bheartaíocht tionscanta Anne Gabbett agus Carol O’Keeffe, chuir Bantracht na Tuaithe, a bhfuil an bheirt acu ina mbaill de, tús le ranganna lásadóireacht Luimnigh sa bhliain 2012 in Ionad na Mílaoise, an Ráithín. Sa bhliain 2013, chuir Eileen McCaffrey tús leis an dara ranga lásadóireacht Luimnigh, dream ar a dtugtar Lásadóirí Thobar na Pingine, i Seanchlochar an Aoire Mhaith, Cathair Luimnigh, áit ina mbíodh lásadóireacht ar siúl le 150 bliain. Bíonn tríocha duine ag foghlaim ag an am i Luimneach sa dá rang sin, iad á múineadh ag Marian O’Callagan as Bealach an Átha, Contae Chorcaí. Cuireann Toni O’Malley ranganna lásadóireacht Luimnigh ar fáil i Leabharlann na Gráinsí i gcathair Luimnigh ag a mbíonn deichniúr ag foghlaim. Múineann Gráinne Conlon lásadóireacht Luimnigh ag ceardlanna rialta agus laethanta lásadóireachta a ritheann Cuallacht Lásadóirí na hÉireann atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Eagraíonn Veronica Stuart, Lásadóirí Traidisiúnta na hÉireann atá lonnaithe i gCorcaigh, ranganna lásadóireachta, lásadóireacht Luimnigh san áireamh. Múineann Nora Finnegan agus Toni O’Malley lásadóireacht Luimnigh in Ionad Lásadóireachta agus Dearthóireachta an Neidín i gContae Chiarraí. Bíonn teagasc ar líne ar siúl ar http://limericklace.ie/tutorials/

Ón mbliain 1968 i leith, bíonn aird á díriú agus gradaim á mbronnadh ag Gradaim Ceardaíochta an RDS ar shárshaothar ceardaíochta in Éirinn, lásadóireacht san áireamh.

  • Rinne Cartlann Luimnigh urraíocht orthu seo a leanas:
  • Gradam Florence Vere O’Brien, comórtas dearthóireachta maidir le hobair lásadóireachta i Scoil Ealaíne agus Dearthóireachta Luimnigh.
  • Comórtas lásadóireachta ag Seó Luimnigh i gcomhar le Bantracht na Tuaithe.

Eagraíonn Iarsmalann Luimnigh agus Cartlann Luimnigh ‘Bring out Your Lace’, ócáid phoiblí ag a mbíonn deis ag daoine den phobal saothar lásadóireachta a thabhairt i láthair a ndéanfaidh saineolaithe scrúdú air; bíonn taispeántas agus ranganna lásadóireachta ar siúl chomh maith.

Bíonn bunranganna Lásadóireachta ar siúl don phobal i rith Sheachtain na hOidhreachta

Faisnéis bhreise

Déantar tagairt i saothair chultúrtha do lásadóireacht Luimnigh go minic mar a bheadh sé ina bhranda ag an gcathair. Tarlaíonn sin i saothair litríochta. In Angela’s Ashes, scríobhann Frank McCourt maidir le baisteadh a dhearthár, Alphonsus, sa bhliain 1940, ‘they dress the baby in the Limerick lace dress we were all baptised in [sic] [sic].’ Tagraíonn Kate O’Brien dó in Without My Cloak, faoin leasainm ‘Mellick lace’ ó tharla gur Mellick a bhí aici i gcúig cinn dá cuid úrscéalta ar an leagan ceapadóireachta de Luimneach. San úrscéal Ulysses, nuair a bhíonn an náisiúnach tréan ar a dtugtar an Citizen ag caitheamh anuas go tréan ar hionsclaíocht na hÉireann a bheith á mhilleadh go leatromach ag muintir na Breataine, áiríonn sé lásadóireacht Luimnigh ar thionscail mhóra na hÉireann:

And our potteries and textiles, the finest in the whole world! And our wool that was sold in Rome in the time of Juvenal and our flax and our damask from the looms of Antrim and our Limerick lace.

Ar an dara réimse, tharla i rith na 1920idí agus na 1930idí go raibh ‘Limerick Lace’ (1925-50) mar ainm ar cheann de na capaill ba cháiliúla ar domhan, capall seóléimní a bhíodh ag an Maor Ged O’Dwyer, an Brú, Contae Luimnigh. Ar an tríú dul síos, sa bhliain 2014, rinne an cumadóir ceoil Bill Whelan ceiliúradh ar a chathair dúchais a ainmniú ar an gcéad Chathair Chultúir in Éirinn trí choinséartó a chumadh do Sir James Galway, an fliúiteadóir as Béal Feirste, agus ‘Linen and Lace’ a bhí de theideal aige air mar gheall ar thionscail mhóra an éadaigh mar a bhain go dlúth leis an dá chathair. Is léiriú an t-ainm sin a thug Whelan ar an saothar ar an toradh tréan a bhí air ar chuir Walker ar bun sa bhliain 1829 agus go raibh lásadóireacht Luimnigh fós á cheangal go rídhlúth leis an gcathair tar éis 190 bliain.

Ní bheidh Lásadóireacht Luimnigh arís go deo mar a bhíodh sa naoú céad déag. Saothar mall mion atá i gceist leis an gceird. Le húsáid acu féin a dhéanann cuid mhór de lásadóirí an lae inniu an saothar lásadóireachta seachas lena dhíol. Ní bheidh tionscal i gceist arís mar a bhíodh tráth, tionscal a shábháil teaghlaigh go leor ar an ocras. Tá tábhacht, ina ainneoin sin, ag lásadóirí na linne seo, acu siúd a chuireann spéis i gcultúr Luimnigh agus sa cheardaíocht, leis an ngné seo den cheardaíocht agus den chultúr a choinneáil beo.

 

 

Eagraíocht Teagmhála

Iarsmalann Luimnigh

Eagraíocht Teagmhála

Friends of Lace

Bantracht na Tuaithe

Cuallacht Lásadóirí na hÉireann

Lásadóirí Traidisiúnta na hÉireann

Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath

Iarsmalann Luimnigh

Cartlann Luimnigh

Scoil Ealaíne agus Dearthóireachta Luimnigh

Láthair Cathair agus contae Luimnigh; An Neidín, Co. Chiarraí; Carraig Uí Leighin agus Bealach an Átha, Co. Chorcaí; Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara; Áth an Ghainimh, Co. Bhaile Átha Cliath.
Catagóirí Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail Eochairfhocail Lásadóireacht, ceardaíocht
Eagraíocht Teagmhála Iarsmalann Luimnigh
Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.