I mí na Nollag 2015, dhaingnigh Éire Coinbhinsiún UNESCO 2003 chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a Chaomhnú. Tagraíonn ‘oidhreacht chultúir dholáimhsithe do na cleachtais, ionadaíochtaí, léirithe, eolas, scileanna – chomh maith leis na huirlisí, nithe, déantáin agus spásanna cultúrtha a bhaineann leo – a aithníonn pobail, grúpaí agus, i gcásanna áirithe, daoine aonair mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha. Déanann pobail agus grúpaí an oidhreacht chultúir dholáimhsithe seo, a thugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin, a athchruthú i gcónaí mar fhreagairt ar an timpeallacht, ar an idirghníomhaíocht leis an dúlra agus ar an stair, agus tugann sé sin féiniúlacht agus leanúnachas dóibh, rud a chuireann meas ar éagsúlacht chultúrtha agus ar chruthaitheacht an duine chun cinn’.
Áirítear ar oibleagáidí na hÉireann faoi Choinbhinsiún 2003 Fardal Náisiúnta a bhunú don Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe chun cleachtais, nósanna, ceardaíocht agus traidisiúin oidhreacht chultúir bheo na hÉireann a chosaint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh.
D’fhéadfadh iarratasóirí a n-éiríonn leo faoin bhFardal Náisiúnta breithniú a dhéanamh freisin ar ainmniúchán a lorg ón Stát chun inscríbhinn a fháil ar Liosta Ionadaíoch UNESCO le haghaidh Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna, a bhfuil an Stát i dteideal ainmniúchán amháin a dhéanamh lena haghaidh gach bliain.
Tar éis glao oscailte ar Léirithe Spéise agus tar éis Sainchoiste Comhairleach maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a cheapadh, i mí Iúil 2019, d’fhaomh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tríocha gné den oidhreacht chultúir a inscríobh ar Fhardal Náisiúnta buan na hÉireann.
Glacann an Roinn le Léirithe Spéise d’Fhardal Náisiúnta Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ar bhonn leanúnach, agus é mar aidhm aici cultúr beo na hÉireann a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn trí aitheantas oifigiúil Stáit.
Is féidir foirmeacha a íoslódáil anseo agus a chur chuig nationalich@tcagsm.gov.ie
Fís Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann
Aithnítear agus ceiliúrtar Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann go forleathan go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta mar léiriú lárnach ar shaibhreas agus ar éagsúlacht an chultúir agus na féiniúlachta. Déanfaidh cleachtóirí agus páirtithe leasmhara ár gcleachtais oidhreacht bheo a chosaint agus a chothabháil agus iad ag obair le chéile agus meas acu ar a chéile ar mhaithe leis an nglúin atá ann faoi láthair agus na glúnta atá le teacht.
Misean na Roinne
Oibríonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le comhlachtaí an Choinbhinsiúin agus le Páirtithe Stáit, le ranna rialtais, le húdaráis agus gníomhaireachtaí áitiúla, le heagraíochtaí gairmiúla agus ionadaíocha agus le cleachtóirí aonair chun aitheantas a bhaint amach d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta agus chun oibriú chun tacú le cosaint, cur chun cinn agus inbhuanaitheacht Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann de réir na bprionsabal a leagtar amach anseo thíos.
Prionsabail
- Tá cleachtais Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann fréamhaithe thar aon rud eile i bpobail cleachtóirí
Is iad na cleachtóirí sealbhóirí agus caomhnóirí na gcleachtas agus is iadsan a thabharfaidh iad ó ghlúin go glúin. Déantar gach tionscnamh chun aitheantas oifigiúil a lorg do chleachtas mar chuid d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann, feasacht a ardú agus bearta cosanta a fhorbairt i gcomhar le pobal na gcleachtóirí agus tacaíocht a thabhairt dóibh.
- Tá an oidhreacht bheo i gcroílár Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann
Is léiriú beo ar a bpobail iad na cleachtais a chruthaíonn Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann agus is cuid de chleachtas cultúrtha comhaimseartha iad, agus aithnítear freisin go bhfuil nádúr an chleachtais agus na gcleachtóirí dinimiciúil agus faoi réir athraithe le himeacht ama.
- Tá aitheantas na gcleachtas Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe bunaithe ar bheartas measa, uileghabhálachta agus éagsúlachta
Tá gach cleachtas a thugann léiriú agus brí do phobal cleachtóirí incháilithe le haghaidh aitheantais mar chuid d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann. Maidir leis sin, aithnítear cleachtais Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann de réir riachtanais uileghabhálachta agus ar bhonn meas ar a chéile i measc pobal agus de réir cearta daoine ó gach cultúr agus cúlra.
- Feabhsaíonn comhoibriú i measc páirtithe leasmhara caomhnú agus tabhairt ó ghlúin go glúin
Cé gurb iad na cleachtóirí a threoraíonn cosaint agus tabhairt ar aghaidh na gcleachtas, tá réimse páirtithe leasmhara in Éirinn a d’fhéadfadh tacaíocht a chur ar fáil. Beidh torthaí feabhsaithe do chleachtais agus dá bpobail mar thoradh ar mhéadú ar an gcomhoibriú agus beartais ag teacht le chéile, tosaíochtaí agus tacaíochtaí i measc cleachtóirí agus páirtithe leasmhara, lena n-áirítear ranna rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí ionadaíocha.
- Trí aird an phobail a tharraingt ar aitheantas Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe, cuirtear leis an gcosaint agus leis an bhforbairt inbhuanaithe
Ba cheart aird an phobail a tharraingt ar aitheantas Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann chun a chinntiú go mbreithneofar go leordhóthanach an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag daoine aonair, grúpaí nó eagraíochtaí ar chleachtais pleananna, clár agus scéimeanna ábhartha, ionas gur féidir le cleachtais leanúint ar aghaidh ar aon dul lena dtimpeallacht agus cur le forbairt inbhuanaithe.
- Tá dioscúrsa poiblí ríthábhachtach le haghaidh feasachta, tuisceana agus measa
Cuireann cumarsáid, plé agus taighde rialta ar nádúr, athrú agus éagsúlacht Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe na hÉireann feasacht agus tuiscint níos fearr chun cinn maidir lena tábhacht do phobail agus spreagtar an pobal chun machnamh a dhéanamh ar chruthaitheacht, ar bhrí agus ar éagsúlacht léirithe cultúir in Éirinn agus meas a bheith acu orthu.