Láthair | Éire agus ar fud an domhain |
---|---|
Catagóirí | Na Taibhealaíona Muirí, báid, loingseoireacht Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga Ceardaíocht thraidisiúnta |
Eochairfhocail | Píobaireacht, píobairí, na Píobairí Uilleann |
Eagraíocht Teagmhála | Na Píobairí Uilleann
info@pipers.ie |
Is cleachtas ceoil atá i gceist leis an bPíobaireacht Uilleann a bhaineann úsáid as cineál píbe mála ar leith (ar a dtugtar ‘uilleann’, ‘sa Ghaeilge’, píoba ‘uilleann (union’) chun ceol Éireannach a sheinm.
Is ionann an phíb uilleann agus cineál píbe mála ard-fhorbartha. Téann a mbunú siar chomh fada le tús na 1700idí, rinneadh iad a fhorbairt in Éirinn le linn na 1800idí, agus laistigh de na pobail Éireannacha thar lear, mar uirlis nua-aimseartha. Is uirlis chasta atá i gceist leis an bpíb uilleann, agus níl gnéithe dá feidhmiúlacht cheoil le fáil in áit ar bith eile.
Tá an uirlis, le dhá chéad bliain anuas aitheanta agus á húsáid chun ceol Gaelach den chuid is mó a sheinm. Féachtar ar Phíobaireacht Uilleann laistigh den tír seo mar chineál náisiúnta ar leith de chleachtas ceoil, agus tá meas ar an bpíobaireacht mar chineál bunúsach de ghnóthachtáil ealaíne Éireannach, i dtéarmaí ceol náisiúnta a sheinm agus uirlisí ar ardleibhéal ceardaíochta a dhéanamh.
Tá fréamhacha láidre ag Píobaireacht Uilleann sa traidisiún agus is féidir rianú a dhéanamh ar ghnéithe taibhithe agus repertoire a théann siar glúnta. Áirítear rannpháirtithe den uile aois sa phobal ceoil seo.
Ceanglaíonn seinm na Píbe Uilleann na ceoltóirí le cleachtas a bhí ann leis na céadta bliain, a chuireann ardán ar fáil dóibh lena gcur chuige féin i leith an cheoil a fhorbairt. Níl an cleachtas reatha saintreorach; mar sin féin, cuireann sé béim ar rogha an leanúnachais – gur chóir go ndéanfadh na léargais agus na teicnící a bhí bailithe ag ceoltóirí roimhe seo leathnú ar chumas agus ar thuiscint an cheoltóra ar na deiseanna. Is é seo an bunús don nuálaíocht agus don chruthaitheacht agus tá ceoltóirí óga ag baint leibhéil rímháistreachta amach le daichead bliain anuas nach bhfacthas a leithéid riamh.
Sa bhliain 2017, bhain an Phíobaireacht Uilleann aitheantas idirnáisiúnta amach nuair a cuireadh an phíobaireacht ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna .
Faisnéis chúlra
Déantar Píobaireacht Uilleann a chleachtadh ar fud na hÉireann. Tá dhá ionad cleachtais shuntasacha ann: Baile Átha Cliath, san áit a bhfuil na Píobairí Uilleann lonnaithe agus in Ard Mhacha, áit a bhfuil Club Píobairí Ard Mhacha lonnaithe.
Lasmuigh d’Éirinn, déantar Píobaireacht Uilleann a chleachtadh sa chuid is mó den domhan, lena n-áirítear, an Bhreatain Mhór, an Astráil, an Nua-Shéalainn, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, formhór thíortha na hEorpa, an tSeapáin, an Mhalaeisia, Cúba, an Airgintín, Meicsiceo agus an Bhrasaíl.
Cleachtadh agus cleachtóirí
Déanann na Píobairí Uilleann (NPU – Cumann na bPíobairí Uilleann) atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a bhfuil comhaltas acu ar fud an domhain, ionadaíocht ar phobal na bpíobairí uilleann. Aithnítear an NPU mar an eagraíocht ionadaíoch atá bainteach le Píobaireacht Uilleann, mar go bhfuil a chomhaltas lonnaithe in go leor páirteanna den domhan agus glacann le gach comhalta a bhfuil spéis acu an phíb uilleann a sheinm, beag beann ar aois, creideamh, cine, inscne nó aon saintréith eile.
Tá aitheantas UNESCO ag na Píobairí Uilleann cheana féin, agus fuair creidiúnú mar eagraíocht aitheanta NGO sa bhliain 2014 (Tagairt NGO 90283)
Áirítear ar chlubanna eile, Club Píobairí Ard Mhacha (Tuaisceart Éireann); Píobairí Londain (an Ríocht Aontaithe); agus go leor eile.
Tá thart ar 6,000 duine idir shealbhóirí agus cleachtóirí i mbun píobaireacht uilleann. Tá na daoine seo scaipthe ar fud an domhain ach tá a bhformhór in Éirinn agus i bpobail Éireannacha thar lear. Dé réir mar atá an Phíobaireacht Uilleann ag éirí níos idirnáisiúnta, tá daoine gan cúlra Éireannach ar bith á mealladh chun na píobaireachta, agus tá go leor acu sin ag tabhairt faoi sheinm na píbe. TIs í an ghné a cheanglaíonn le chéile iad mar phobal ná an grá comhroinnte don chineál seo ceoil, don Cheol Gaelach agus go háirithe an grá comhroinnte don Phíobaireacht Uilleann.
Tugtar ómós ar leith do na ceoltóirí ar bhonn a gcuid cumais mar cheoltóir nó mar gheall ar an luach a chuireann siad ar an bpíobaireacht mar shealbhóirí an traidisiúin. Tá na tuairimí seo maidir le fiúntas pobail-bhunaithe agus níl siad faoi réir ag cinnireacht an mhargaidh. Níl aon bhonn tráchtála faoin bPíobaireacht Uilleann, mar sin, tagann an pobal ar chomhaontú maidir leis an gcion a chuireann na píobairí difriúla leis an traidisiún.
Seachas na cásanna seo, níl aon idirdhealú laistigh den phobal i leith na gcineálacha ról sonracha, bunaithe ar inscne nó ar aon saintréith eile.
Tugtar faoin bPíobaireacht Uilleann de ghnáth i dtimpeallacht shóisialta. Tá caidreamh sóisialta bunaithe ar ghrá comhroinnte don cheol agus don uirlis. I gcás go leor de na píobairí (nó formhór na bpíobairí) bheadh sult á bhaint as seinm cheoil comhroinnte mar bhealach tábhachtach chun bualadh le daoine.
Bheadh ócáidí sóisialta eile ann a mbeadh úsáid á baint as gnás an cheoil i gcomhthéacs ócáidí suntasacha amhail pósadh agus sochraidí, áit a measfaidh go gcuirfeadh ceol na Píobaireachta Uilleann le fiúntas agus ceangal leis an am a caitheadh a leithéid d’ócáid.
Mar gheall go samhlaítear an Phíobaireacht Uilleann le hÉirinn agus leis an gceol Gaelach, cuireann sé braistint nascachta le hÉirinn agus leis an gceol Gaelach ar fáil do lucht a gcleachtadh. Is ceangal thar a bheith láidir agus fiúntach atá ann do mhuintir na hÉireann a thugann mórtas dóibh sa chineál dúchasach den léiriú cultúir. Do dhaoine nach Éireannaigh iad agus a bhfuil meas acu ar an bpíobaireacht agus ar an gCeol Gaelach bheadh na mothúcháin seo mar a chéile nó comhionann. Is féidir na héifeachtaí seo a bhreithniú le cois an fhíor-shuilt a bhaintear as an bpíobaireacht.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Scaiptear eolas agus scileanna maidir leis an bPíobaireacht Uilleann ar bhealaí éagsúla agus úsáid á baint as cur chuige sean-bhunaithe agus nua-aimseartha araon. Ar an mbealach is mó a bhfuil meas air, tá an teagasc duine le duine nó idir an máistir agus an foghlaimeoir. De ghnáth, tarlaíonn sé seo i bhfoirm ranganna grúpa ina mbíonn líon beag foghlaimeoirí, go hidéalach idir triúr agus seisear foghlaimeoirí. Déantar formhór an teagaisc ar bhonn duine le duine, ar bhonn uainíochta, ach táthar tar éis a fháil amach go gcuireann an deis ó thaobh féachaint ar fhoghlaimeoir atá á theagasc/á teagasc go bhfuil sé seo thar a bheith fiúntach agus cuidiúil don phróiseas foghlama. Go minic cuireann píobairí atá tugtha don phíobaireacht teagasc ar fáil ar tháille íseal nó gan táille ar bith agus déanann na daoine a fhaigheann an teagasc é sin a aisíoc tríd an phíobaireacht a mhúineadh iad féin nuair a bhíonn leibhéal leordhóthanacha inniúlachta bainte amach acu. Baineann formhór na ngrúpaí eagraithe úsáid as an gcur chuige seo. Tá píobairí ann freisin atá ag teagasc ar bhonn gairmiúil.
Tá úsáid á baint as modhanna nua-aimseartha teagaisc leis an bPíobaireacht Uilleann a scaipeadh, lena n-áirítear, teagasc Físeáin agus DVD ar an idirlíon – go foirmiúil trí láithreáin ar nós www.pipers.ie agus go neamhfhoirmiúil trí chainéil thráchtála nua-aimseartha ar nós Skype agus YouTube.
Tá na Píobairí Uilleann (NPU) ar an ngrúpa is cáiliúla atá bainteach leis an bPíobaireacht Uilleann. Bunaigh píobairí an NPU sa bhliain 1968, agus é mar mhisean acu stop a chur le meath na huirlise. Ag an am sin, measadh gur thart ar 100 píobaire a bhí ann, lena n-áirítear, na píobairí siúd i bpobail thar lear. Ní raibh aon eolas ann maidir leis an uirlis lasmuigh de na grúpaí seo.
Agus an NPU leathchéad bliain ar an bhfód, tá curtha go mór ag a gcuid iarrachtaí leis ardú ollmhór in úsáid agus maidir leis an uirlis agus ceol na huirlise, agus tá thart ar 6,000+ píobaire ar fud an domhain anois. Trína chláir taighde, foilseacháin, teagaisc agus oiliúna, bailíonn agus scaipeann an NPU eolas a bhaineann le stair, scileanna déantúsaíochta agus seinm na Píbe Uilleann. Mar thoradh ar an méid seo tá an ealaín faoi bhláth sa lá atá inniu ann, le níos mó píobairí agus virtuoso ná in aon tréimhse eile roimhe seo.
Tá an iarracht seo á comhroinnt ag grúpaí eile, tá cion as cuimse curtha go háirithe ag Club Píobairí Ard Mhacha leis an mborradh atá sa spéis sa Phíobaireacht Uilleann, go háirithe i dTuaisceart Éireann sna blianta tosaigh agus ina dhiaidh sin chuir siad leis an ngné idirnáisiúnta dá gcuid gníomhaíochtaí.
Chuir Scoil Samhraidh Willie Clancy (the Willie Clancy Summer School) ó bunaíodh í sa bhliain 1973, an Phíobaireacht Uilleann i gceartlár a gcuid gníomhaíochtaí.
Thionscain Cumann Seán Reid taighde bunaidh ar stair agus ar ghnéithe teicniúla na Píobaireachta Uilleann agus tá na torthaí curtha ar fáil saor in aisce acu.
Tá go leor grúpaí agus daoine aonair eile ag tabhairt faoi thaighde príobháideach agus tá a gcuid torthaí curtha ar fáil acu saor in aisce, go minic trí leathanaigh an Phíobaire, irisleabhar an NPU.
Tá cuidiú curtha ar fáil ag an Stát chun an Phíobaireacht Uilleann a chosaint tríd an gComhairle Ealaíon, a thacaíonn leis an NPU ar bhonn bliantúil trína scéim deontais d’Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta (RFO). Tá an NPU ag fáil tacaíocht ar an mbealach seo ón mbliain 1984.
Tá tacaíocht tugtha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath don Phíobaireacht Uilleann trí theach cathrach ón 18ú haois a chur ar fáil don NPU, atá saor ó chíos ar feadh 99 bliain, tá an teach suite i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Tá maoiniú curtha ar fáil ag an gComhairle Cathrach do dheisiú agus d’athchóiriú an fhoirgnimh, agus thug maoiniú ó thaobh oideachais agus taibhithe de. Sa bhliain 2006, chuir Rialtas na hÉireann deontas suntasach ar fáil chun athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an teach, a chuir ceanncheathrú den scoth ar fáil don NPU agus dá réir sin don Phíobaireacht Uilleann, tá an méid sin go léir ag cur le láithreacht níos feiceálaí na píobaireachta.
Faigheann grúpaí agus eagraíochtaí eile tacaíocht freisin trína cainéil chéanna a chuireann le cosaint na Píobaireachta Uilleann. Áirítear orthu seo, Scoil Samhraidh Willie Clancy, Taisce Cheol Dúchais Éireann agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Many smaller groups and festivals are also supported.
Eagraíocht Teagmhála
Na Píobairí Uilleann