Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
Muirí, báid, loingseoireacht
Eochairfhocail
Ainmhithe, madraí
Eagraíocht Teagmhála
Club Conchró na hÉireann
Pórú, traenáil, oibriú agus cur ar taispeáint na naoi gcinn de phórtha mhadraí dúchasacha na hÉireann. Is iad na madraí atá i gceist:
An Cú Faoil
An Sotar Rua
An Sotar Rua is Bán
An Spáinnéar Uisce
An Brocaire Gorm
An Brocaire Buí
An Madra Gearr
Brocaire Uí Mháil
An Pocadán
Faisnéis Chúlra
Baineann feidhmeanna sóisialta gach aon cheann de na naoi gcinn de phórtha mhadraí dúchasacha na hÉireann le feidhmiúlacht gach aon phóir agus cabhraíonn le caomhnú a dhéanamh ar ghnáthóg agus ar an fhiadhúlra nádúrtha chomh maith le rannpháirtíocht i gcaitheamh aimsire tuaithe. Áirítear sa chaitheamh aimsire seo, aoireacht, rialú míolra, fiach le madraí aonair (pointeáil, eagrú, agus tabhairt ar ais) nó le pacaí chomh maith le monatóireacht agus caomhnú líon na n-éan agus aitheantas á thabhairt don chaidreamh sóisialta agus don idirghníomhaíocht idir madraí agus daoine i réimsí ar nós, umhlaíocht, lúfaireacht, cur ar taispeáint agus cuideachta.
Cleachtadh agus cleachtóirí
Is é Club Conchró na hÉireann an cleachtóir príomha mar shealbhóir agus mar chaomhnóir leabhar graí deimhnithe an chláir ginealaigh ón mbliain 1922. Tugann an FCI aitheantas go hIdirnáisiúnta do Chlub Conchró na hÉireann mar údarás agus mar údar ar chur síos aonair agus ar chaighdeáin do gach aon cheann de na naoi gcinn de phórtha mhadraí dúchasacha na hÉireann.
Cothaíonn Club Conchró na hÉireann an t-eolas agus na scileanna ábhartha atá riachtanach chun pórú, traenáil, oibriú agus madraí dúchasacha na hÉireann a chur ar taispeáint, agus le comhaltaí tiomanta clubanna póraithe cleamhnaithe sonracha agus thug go leor acu seo na céadta uaireanta an chloig bliain i ndiaidh bliana ag troid ar son na dtraidisiún a bhaineann le pór amháin nó níos mó de na naoi gcinn de phórtha mhadraí dúchasacha na hÉireann, lena n-áirítear, trialacha allamuigh, oibriú, tástáil, cúrsáil giorria agus fiach loirg.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Is iad Club Conchró na hÉireann agus a chuid comhaltaí, a bhfeidhmíonn a bhformhór ar bhonn deonach trína 207 club cleamhnaithe, a chuir tús leis na tionscnaimh san am atá caite agus san am i láthair. Seasann an comhaltas faoi láthair ag 27,000, cé nach bhfuil siad seo go léir bainteach go gníomhach le club cleamhnaithe. Maidir le roinnt de na pórtha, baineann an rannpháirtíocht ghníomhach le líon beag teaghlach agus daoine aonair tiomanta agus lena bpaisean don ghné áirithe seo den chaitheamh aimsire le madraí.
Tá Club Conchró na hÉireann mar chaomhnóir an leabhair graí deimhnithe agus an chláir ginealaigh ón mbliain 1922 agus é mar chuspóir cosaint a dhéanamh ar ionracas gach madra dúchasach ar Oileán na hÉireann atá cláraithe le Club Conchró na hÉireann. Tá an Club ag comhlíonadh an mhisin seo go rathúil le beagnach 100 bliain agus leanfar leis sin amach anseo.
Chomh maith le bheith réamhghníomhach ó thaobh cúrsaí a bhaineann le leas madraí, tugann Club Conchró na hÉireann amach ceadúnais do bhreis agus 350 imeacht i láthair na huaire ar oileán na hÉireann (seónna madraí agus trialacha allamuigh go príomha, ach déanann siad cur i láthair freisin ag aontaí géim a chuireann caitheamh aimsire agus imeachta cultúrtha chun cinn ina mbíonn comórtais feistis agus tráchtaireacht stairiúil) ar bhonn bliantúil.
This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.
Strictly Necessary Cookies
Strictly Necessary Cookie should be enabled at all times so that we can save your preferences for cookie settings.
If you disable this cookie, we will not be able to save your preferences. This means that every time you visit this website you will need to enable or disable cookies again.
3rd Party Cookies
This website uses Google Analytics to collect anonymous information such as the number of visitors to the site, and the most popular pages.
Keeping this cookie enabled helps us to improve our website.
Please enable Strictly Necessary Cookies first so that we can save your preferences!