+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

Pórú Capaill Tarraingthe Éireannacha

Láthair Ar fud Oileán na hÉireann
Catagóirí Ceardaíocht thraidisiúnta
Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte
Eochairfhocail Ainmhithe, capaill, pórú
Eagraíocht Teagmhála Cumann Póraitheoirí Chapall Tarraingthe na hÉireann

Is pór éadrom den chapall tarraingthe é Capall Tarraingthe na hÉireann a tháinig chun cinn mar chapall oibre ar fheirmeacha in Éirinn. Capall glan-ghéagach atá ann, murab ionann agus na pórtha níos troime. Tháinig siad chun cinn ní hamháin le bheith ag treabhadh, ag cur, ag baint agus ag lomadh ach baineadh úsáid astu freisin don tseilg, le haghaidh turais agus leis an teaghlach a thiomáint go dtí an séipéal ar an Domhnach. Is é an capall seo an bunainmhí don chapall spóirt atá againn sa lá atá inniu ann.

Faisnéis chúlra

D’fhéadfadh aon dath iomlán a bheith orthu, ach sa lá atá inniu ann is mó de na capaill ghlasa atá ann de bharr gur díoladh go leor de na capaill a raibh dath níos dorcha orthu le harm na Breataine san am a chuaigh thart, agus toisc gur géin dhaite ceannasach é an glas.

San fhichiú haois tháinig meath ar an bpór nuair a thosaigh na feirmeoirí ag úsáid tarracóirí in áit an chapaill.

Sa bhliain 1911 thug an Roinn Talmhaíochta aitheantas foirmiúil don phór agus bunaíodh clár.

Sa bhliain 1976, bunaíodh Cumann Capall Tarraingthe na hÉireann chun iarracht a dhéanamh meath an phóir dhúchais seo a chosc.

Sa lá atá inniu ann is é an pór seo bunchloch thionscal na gcapall spóirt, ach tá sé ríthábhachtach líon mór ainmhithe folaíochta a choinneáil don chrosphórú. Is pór é atá i mbaol i gcónaí agus líon na searrach folaíochta a chláraítear in aghaidh na bliana fanta faoi bhun 1,000.

Bhí baint ag cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí sóisialta i gcónaí le scéal Chapall Tarraingthe na hÉireann agus gan dabht beidh sé sin amhlaidh i gcónaí. Mar sin féin, agus é ina chuid dár n-oidhreacht bheo sa lá atá inniu ann, is mó aitheantais a fhaigheann an capall as an úsáid a bhaintear as don chaitheamh aimsire agus táthar ag súil go dtiocfaidh ardú arís ar a líon sa réimse seo.

Cleachtas agus cleachtóirí

Go hiondúil ní bhíonn ach líon beag ainmhithe ag póraitheoirí folaíochta Chapall Tarraingthe na hÉireann, agus taispeánann go leor acu na hainmhithe atá acu ag seónna talmhaíochta áitiúla, rud a thugann deis dóibh bualadh le díograiseoirí eile. Is é an RDS buaicphointe na bliana do go leor acu ó thaobh na dtaispeántas de agus é ina sheó náisiúnta don phór, áit ar féidir na hainmhithe a fheiceáil ar láimh agus le déanaí ag iomaíocht faoi dhiallait.

Is ainmhí foirfe é Capall Tarraingthe na hÉireann do dhaoine a bhíonn ag marcaíocht mar chaitheamh aimsire mar gur ainmhí deas socair é, tríd is tríd.

Ní úsáideann Aonad Capall na nGardaí aon chapall seachas gearrán Chapall Tarraingthe na hÉireann, rud a tharraingíonn an-aird ar ár bpór dúchais.

Thacaigh Cumann Seónna na hÉireann, Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, Eachspórt Éireann agus, ar ndóigh, Cumann Póraitheoirí Chapall Tarraingthe na hÉireann leis an éileamh atá tagtha le déanaí ar ranganna marcaíochta ar chapaill folaíochta.

Maítear gur cineál capall seachas pór atá i gCapall Tarraingthe na hÉireann agus is fíor a rá go mbíodh an capall i bhfad níos lú go traidisiúnta in áiteanna áirithe sa tír ná mar a bhí i gceantair eile. Is cúis imní sa lá atá ann inniu é dlús na gcnámh a bheith á chailliúint chomh maith le go bhfuil an capall níos airde.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Tá craobhacha ag an IDHBA fud fad na tíre agus cuirtear fáilte roimh dhíograiseoirí nua i gcónaí. Déanann an Cumann iarracht Capall Tarraingthe na hÉireann a chaomhnú, a chur chun cinn agus a fheabhsú. Reáchtálann brainsí áitiúla seimineáir oideachais agus i gcásanna áirithe eagraíonn siad seónna go háitiúil. Tugann an seó náisiúnta deis do dhaoine cuid de na samplaí is fearr dár bpór dúchais, de gach aois, a fheiceáil in aon ionad amháin gach bliain.

Foilsíonn an Cumann bliainiris oideachasúil do na baill. Bíonn tuairiscí san iris ó na brainsí chomh maith le torthaí ó na taispeántais, ailt faoin éagsúlacht ghéiniteach etc.

Tógtar seastán ag an RDS gach bliain áit a mbíonn deis ag seanchairde agus ag daoine nua bualadh le chéile agus plé a dhéanamh ar an bpór timpeall ar na ranganna taispeána.

Eagraíocht Teagmhála

Cumann Póraitheoirí Chapall Tarraingthe na hÉireann