Áit | Ar fud oileán na hÉireann, i bpobail Éireannacha thar lear, agus i measc daoine nach Éireannaigh iad a mhealltar chuig ceol agus rince na hÉireann i dtíortha ar fud an domhain. |
---|---|
Catagóirí | Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, teanga san áireamh
Na taibhealaíona Cleachtais shóisialta, deasghnátha agus imeachtaí féiltiúla |
Eochairfhocail | rince seit, damhsa sóisialta, ríleanna, poirt, cornphíopaí, sleamhnáin, polcaí, agus flaing |
Eagraíocht Teagmhála | Brooks Academy |
Achoimre Ghearr
Is cineál de dhamhsa sóisialta é an rince seit a dhíorthaítear ó chuadraillí na Fraince san 18ú haois. Cuimsíonn sé roinnt (cúpla dosaen) damhsaí ainmnithe a dhéanann ochtar rinceoirí/ceithre phéire. Is éard atá i ngach rince nó ‘seit’ ná trí go seacht (ceithre nó cúig go minic) ‘figiúir’ ghearra (90-180 soicind le déanamh, den chuid is mó) a dhéantar a rince in ord, le sos idir gach dá fhigiúr. Déantar na damhsaí i dtiúin le cineálacha éagsúla foinn rince thraidisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear ríleanna, poirt, cornphíopaí, sleamhnáin, polcaí agus flaing. Is féidir figiúirí seit a rince i dtiúin leis an gcineál céanna fonn, nó le cineálacha éagsúla fonn. Is suntasach an úsáid a bhaintear as cineálacha éagsúla fonn, de réir mar a ghluaiseann corp rinceora ar bhealaí beagán difriúla chun na céimeanna a oireann do na cineálacha éagsúla fonn a dhéanamh.
Cúlra:
Cé go bhfuil sé bunaithe ar an gcuadraill Fhrancach a tugadh go hÉirinn den chéad uair sna 1780idí, tháinig foirm shainiúil Éireannach chun cinn ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois de bharr próisis aithrise agus éagsúlú, nach raibh faoi stiúir cleachtas rince tráchtála, e.g. in ionaid ar nós hallaí damhsa a reáchtáiltear ar bhonn tráchtála nó bálseomraí den chéad scoth. Ina áit sin, ghlac sé le saintréithe cineál de dhamhsa dúchasach, arb iad is sainairíonna é éagsúlacht seachas comhréireacht le leaganacha ceadaithe a ghlaoigh máistrí rince gairmiúla orthu, nó a foilsíodh i lámhleabhair rince a raibh sé mar aidhm acu rinceoirí a ullmhú don tsochaí.
I measc na seiteanna a fuarthas ó thraidisiún go déanach san 20ú haois tá an Seit Pléineáilte (atá le fáil in go leor leaganacha agus is léir gur sliocht é ón gCéad Seit de Chuadraillí go luath sa 19ú haois); an Seit Lansaithe (a ceapadh i mBaile Átha Cliath c. 1817, agus a tógadh ar fud an domhain ina dhiaidh sin); an Seit Caladónach (a bhaineann le Co. an Chláir); leaganacha éagsúla de Sheit an Mhasúrca (eadóirsithe le rince i dtiúin le ríleanna seachas masúrca); Seit Jenny Lind (a ainmníodh as an amhránaí Sualanach‘The Swedish Nightingale’ agus is dócha a chruthaigh máistir rince Mumhan ón 19ú c.); Seit Chonamara (a bhaineann le réigiún ina labhraítear Gaeilge); Seit Shliabh Luachra (a ainmníodh as an réigiún i ndeisceart na hÉireann inar damhsaíodh é); Seit Chaisil, agus Seit Chiarraí Thiar.
Cleachtadh agus Cleachtóirí:
Agus é seo á scríobh, is iad na seiteanna is rialta a dhéantar ag céilíthe (báil nó cóisir rince) ná an Seit Caladónach, leaganacha éagsúla den Seit Pléineáilte, Seit Chonamara, an Seit Lansaithe, Seit na gCeannaithe, Seit an Chladaigh, Seit Mhaigh Cuilinn agus Seit Port Bhaile Bhuirne.
Tar éis tréimhse i lár an 20ú haois nuair a tháinig laghdú ar a chleachtas, tá an-tóir ar an rince seit. Is cineál damhsaí anois é atá ar fáil do chách agus, toisc go dteastaíonn rannpháirtíocht grúpaí d’ochtar damhsóirí lena léiriú, éascaíonn sé idirghníomhú sóisialta. Áiríonn go leor seiteanna figiúr a chuireann leis an tréith seo – figiúr ‘athraithe comhpháirtí’, ar a dtugtar ‘spallaíocht figiúir’ uaireanta, ina malartaíonn na ceithre phéire páirtnéirí agus iad ag damhsa, go dtí go dtriail gach bean ag rince ar feadh seal gairid le gach fear sula bhfilleann siad ar a gcomhpháirtithe bunaidh.
Cleachtaítear damhsa seit ar bhealaí éagsúla. Is féidir é a dhéanamh le linn seisiúin cheoil nuair a fhaigheann damhsóirí comhaontú na gceoltóirí na seiteanna sainiúla fonn a sheinm chun na fígiúir a dhamhsa. Gné shuntasach den rince seit is ea an deis a thugann sé do cheoltóirí agus damhsóirí taitneamh a bhaint as malartú cómhalartach fuinnimh. Spreagann ceol maith damhsa maith, agus vice versa.
Is minice a chleachtaítear damhsa seit ag ócáidí tiomnaithe, go hiondúil imeachtaí damhsa poiblí, agus seachnaítear cineálacha eile damhsa ag na himeachtaí céanna go minic nó den chuid is mó den am. Ní mór iarracht éigin gluaiseachtaí na bhfigiúirí éagsúla a chur i gcuimhne d’fhonn iad a dhéanamh go réidh, ach ní chuirtear in aghaidh daoine nua ar na forais sin; déanta na fírinne, déanfaidh an chuid is mó de dhamhsóirí seit iarracht daoine nua a éascú trí ligean dóibh na gluaiseachtaí a bhreathnú sula mbeidh sé d’uain acu iad a dhéanamh. Is féidir na príomhchleachtóirí a thabhairt ar na daoine aonair a bhfuil na stíleanna réigiúnacha éagsúla céime agus na céadta figiúirí éagsúla ar eolas acu. Is minic a bhíonn na daoine seo ina múinteoirí rince agus scaipeann siad eolas ar na seiteanna, ach níl sé de phribhléid acu ar bhealach ar bith maidir le rochtain speisialta ar na damhsaí. Mar is amhlaidh le ceol traidisiúnta, d’fhéadfadh leaganacha éagsúla de sheiteanna a fháil i réigiúin éagsúla, agus feictear go mbaineann seiteanna áirithe le réigiúin ar leith.
Forbairt, cur ar aghaidh agus cosaint:
Roimh na 1980idí ní dhearnadh taifeadadh ar an gcineál seo rince, agus mar thoradh air seo forbraíodh leaganacha éagsúla de dhamhsaí i gceantair iargúlta. Toisc nach raibh aon leaganacha gairmiúla-idirghabhála ann chun comhréireacht a choinneáil, tháinig difríochtaí chun cinn sna damhsaí sa chur ar aghaidh ó bhéal.
Ag tosú in 1984, le ‘Irish Dances’ (Na Píobairí Uilleann, Baile Átha Cliath, d’Acadamh Brooks) rinneadh os cionn céad rince seit éagsúil (leaganacha san áireamh) a thaifeadadh i bhfoirm lámhleabhair chlóite agus fístaifeadtaí. Chuir siad seo raon iomlán na ndamhsaí ar fáil don phobal iomlán de dhamhsóirí, áit a raibh sé de nós ag gach ceantar, roimh an athbheochan, seit nó dhó a úsáid.
Is traidisiún féin-athghiniúna é agus damhsaí nua á gcruthú ar phatrún na cinn atá ann cheana féin. Is foirm shóisialta damhsa é seachas foirm seó do dhamhsóirí oilte amháin. Mar sin, níl aon bhacainní ar rannpháirtíocht ann ar fhorais aoise, gnéis, cine, reiligiúin nó aon saintréith eile.
Cinntíonn scaipeadh ábhar clóite agus closamhairc leanúnachas. I léiriú na bhfigiúr ní mór ord agus modh chur i gcrích na ngluaiseachtaí a bheith i bhfoirm chomhaontaithe chun an rince a léiriú. Cinntíonn se seo leanúnachas struchtúir. Mar sin féin, ní chuireann sé cosc ar theacht chun cinn gnéithe stíle nó déanta ag daoine aonair éagsúla nó i réigiúin éagsúla.
Eagraíochtaí Teagmhála: Brooks Academy