Sorcas agus Aonach Siamsa Traidisiúnta Taistil in Éirinn

Láthair Ar fud Oileán na hÉireann
Catagóirí Na Taibhealaíona
Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte
Ceardaíocht thraidisiúnta
Traidisiúin bhéil agus nathanna cainte, lena n-áirítear teanga
Eolas agus cleachtais a bhaineann leis an dúlra agus leis an domhan
Eochairfhocail Sorcas, aonach siamsa, fir sheó, traidisiún taibhiúcháin taistil
Eagraíocht Teagmhála Cuallacht Fhir Seó na hÉireann

Achoimre Ghearr

Cuireann sorcais agus aontaí siamsa traidisiúnta in Éirinn siamsaíocht ar fáil ar bhonn camchuairte ar fud na tíre. Is iondúil go dtagann na haontaí siamsa agus na sorcais, atá á rith ag teaghlaigh áirithe leis na glúnta anuas, chuig baile nó sráidbhaile an tráth céanna bliain i ndiaidh bliana. Is minic gur go tráthúil sin agus gurb é an seó is mó é a tharraingíonn daoine chuig aonach, féile nó ócáid pobail níos fairsinge a eagraítear san áit ag an am céanna.

Irish Trad Travelling Circus and Funfair

 

 

 

 

 

 

Faisnéis chúlra

Is iondúil cluichí agus marcaíochtaí meicniúla siamsaíochta san aonach siamsa. Cumhacht gaile a bhíodh i gceist leo sin sa tseanaimsir ach faoi chumhacht leictreachais a oibrítear anois iad agus sin á chur ar fáil le gineadóirí ar an láthair. Bíonn cluichí traidisiúnta clisteachta agus áidh i gceist go minic chomh maith.

I bpuball a chuirtear sorcas i láthair. Déanann na hoirfidigh cleasanna traidisiúnta sorcais agus bíonn ceol, áilteoireacht agus cábógacht ina ngnéithe den seó chomh maith. Tá aitheantas ag an sorcas traidisiúnta mar chineál den ealaín in Éirinn ón mbliain 2003 i leith.

Gné thábhachtach maidir leis an gcleachtas a theacht slán is ea a bheith bunaithe ar dhream beag lárnach teaghlach in Éirinn. Is lú ná 100 líon na dteaghlach atá fós i mbun camchuairte in Éirinn gach bliain. B’ábhar bagairte don traidisiún teacht chun cinn na bpictiúrlann, na teilifíse agus na meán leictreonaice eile le tamall anuas. Mhair an cleachtas agus cuireadh ar aghaidh é ó ghlúin go glúin mar gheall gurb é slí bheatha agus modh maireachtála na dteaghlach sin é.

Tá an sorcas agus na haontaí siamsa camchuairte fite fuaite i saol na nÉireannach. Níl duine dá gcuimhníonn siar ar laethanta óige i mbaile cois trá nó ag féile i rith an tsamhraidh nach meabhraítear cuairt ar an aonach siamsa nó ar an sorcas dó. Tá siamsa agus caitheamh aimsire á chur ar fáil ag an lucht seónna seo do mhuintir na hÉireann leis na glúnta anuas agus leanfar de sin san am atá romhainn.

Pobal faoi leith an lucht seó a chuireann le cultúr na tíre agus tá a gcuid sean-nósanna féin agus a dteanga féin le hoidhreacht acu. Chuir an Tionscal Seónna in Éirinn le 300 bliain anuas leis an bhforbairt ar phóstaeirí agus ar fhoirne clódóireachta mar ghné den ealaín grafaice, ar cheol an aonaigh siamsa agus ar Pholáiris, fotheanga lucht siamsa, sorcais agus amharclannaíochta.

DUFFYS OLD PHOTO

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cleachtas agus cleachtóirí

Tugann Sorcais agus Aontaí Siamsaíochta camchuairt ar fud na hÉireann, idir mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair go hiondúil. Tarraingíonn siad níos mó ná 1.5 milliún duine gach bliain. Tá réimse leathan i gceist ó thaobh scála, roinnt acu an-mhór, mar shampla Funderland san RDS, agus roinnt aontaí beaga siamsaíochta a thugann cuairt na mbailte cois farraige i rith an tsamhraidh. Tá níos mó ná 105 aonach siamsaíochta ag obair ar fud na 32 contae. Tá teaghlaigh de leithéid na Birds, na Cullens, na Murrays agus na Pipers ag obair ar fud na hÉireann i gcónaí. Tá roinnt lonnaithe go buan i mbailte trá de leithéid Thrá Mhór, Bhaile na Cúirte, Bhun an Tábhairne, Bhun Dobhráin agus Bhré. Tá an nós ag aontaí siamsaíochta ceangal le féilte áitiúla nó le himeachtaí ceoil ag dul i dtreis, nós a chinntíonn slua maith dóibhsean agus ioncam do lucht eagair na féile/ócáide.

Leanann sorcais dá gcuid camchuairteanna freisin agus sa bhliain 2003 aithníodh an sorcas traidisiúnta mar fhoirm ealaíne. Tugadh an sorcas isteach faoi scáth an Bhille Ealaíon mar gheall ar an tionscnamh sin, a ndearna na teaghlaigh thraidisiúnta shorcais ceannródaíocht ina leith, agus rinne sin tairbhe maidir le borradh agus forás ar phobal bríomhar sorcais chomhaimseartha agus ealaíne sráide. Bhí leas ag teaghlaigh sorcais Fossett, Duffy agus Gerbola as cúnamh ón gComhairle Ealaíon ionas gurbh fhéidir leo teacht slán agus dul chun cinn. Tá lucht sorcais na hÉireann páirteach sa bhorradh mór faoi fhéilte ceoil agus cultúir le 15 bliana anuas agus curtha dá réir leis an tóir atá ar an sorcas agus leis an iléagsúlacht chultúir. Tá dlúthbhaint ag Fossett’s Circus le Electric Picnic ó thráth a bhunaithe. Chuidigh teaghlaigh sorcais na hÉireann le féilte áitiúla i rith na mblianta tionscanta trí phubaill, trealamh agus scileanna a thairiscint dóibh. Nascadh ceangal dlúth go háitiúil ar an gcuma sin agus treisíodh leis an gceangal le himeacht aimsire.

Cuireadh an Irish Showmen’s Guild (ISG) ar bun sa bhliain 1954 d’fhonn cúram a dhéanamh do leas na bhFear Seó a ritheann aontaí siamsaíochta, páirceanna aonaigh agus sorcais in Éirinn. Tá 105 ball, ag déanamh ionadaíocht do thart ar 80 teaghlach, sa chuallacht faoi láthair. Gnólachtaí beaga faoi úinéireacht teaghlaigh atá á rith ag an gcuid is mó de na baill agus tá ceangal acu leis an réimse leis na glúnta anuas.

 Irish Trad Travelling Circus and Funfair

 

 

 

 

 

 

 

 

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Ós pobal beo oibre atá i gceist, tarlaíonn nósanna traidisiúnta an sorcais camchuairte agus na n-aontaí siamsa in Éirinn a chur ar aghaidh go nádúrtha. Gach uair dá leagtar aonach, dá ndéantar a lódáil, a tharraingt go háit nua agus a chur suas in athuair, tarlaíonn nósanna a chur ar aghaidh. Déantar ceird an fhir seó a fhorbairt agus a bharrfheabhsú gach uair dá dteastaíonn athphéinteáil ar an bhfearas siamsa nó culaith nua maisiúcháin a chóiriú. Nuair a ligtear do dhéagóir flas candaí a dhíol den chéad uair nó “spiel” a chur i láthair lucht éisteachta den chéad uair, sin foghlaim na ceirde ar bhealach gan mórán athraithe leis na glúnta. Nuair a ligtear d’oirfideach óg sorcais siúl isteach sa bhfáinne agus an lucht féachana ag bualadh bos, sin an dóigh chéanna a ndeachaigh a seantuisitheoirí ina chleachtadh sin freisin agus iad féin ag tosú amach ar shaol an tsorcais.

Tá grúpa beag bríomhar de bhaill óga i gCuallacht na bhFear Seó atá mórtasach as a n-oidhreacht agus lántoilteanach leanúint den chúram ina leith nuair a leagtar sin orthu. Bíonn daoine nach mbaineann leis na teaghlaigh á bhfostú gach bliain freisin ach is í obair chailíní agus bhuachaillí na nglúnta atá le theacht d’Fhir Seó na hÉireann a chinntíonn gur féidir leanúint leis an siamsa. Níor tháinig aon lagú ar an mbród ná ar an mórtas as saol na bhfear seó le himeacht na mblianta.

Tá na baill páirteach san fhorbairt, san eagrú agus sa chur chun cinn maidir le féilte éagsúla ar fud na tíre. Is gné lárnach sorcais agus aontaí siamsa d’ócáidí turasóireachta agus ceiliúrtha, Rós Thrá Lí agus Electric Picnic ina measc. Cuireann siad le buaine chuid mhór de na féilte beaga trí tharraingt na ndaoine orthu a chinntiú. Cuireann sorcais agus aontaí siamsa leis an spleodar agus an scléip ag imeachtaí éagsúla turasóireachta agus ritheann fir seó a gcuid aontaí siamsa cois trá mar chuid de na príomhionaid turasóireachta intíre agus mar ghné bhuntábhachtach de shaol cultúir agus sóisialta na tíre.

Tá le háireamh ar phleananna na bhFear Seó don am atá chugainn béim níos géire a leagan ar chúrsaí cumarsáide agus oideachais ionas go léirítear do bhaill níos óige agus do phobal na hÉireann i gcoitinne an fiúntas a bhaineann leis an saol ar shean-nós na bhFear Seó agus an cion tairbhe a dhéanann siad maidir le saol cultúir na tíre.

Eagraíocht Teagmhála

Cuallacht Fhir Seó na hÉireann

Fardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.