Láthair | Réigiúin chósta dheisceart agus lár Chiarraí |
---|---|
Catagóirí | Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte Ceardaíocht, Béaloideas agus nathanna cainte, lena n-áirítear, teanga |
Eochairfhocail | Bád saighne, rásaíocht, iascaireacht, geallta, an Caladh, Deisceart Chiarraí |
Eagraíocht Teagmhála | Eagraíocht Teagmhála Eispéireas Bhád Saighne an Chalaidh, Coiste Geallta an Chalaidh, Cumann Rámhaíochta Dheisceart agus Lár Chiarraí, an Dr. Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir, an Bailiúchán Náisiúnta Béaloidis, UCD |
Achoimre Ghearr
Tógtar bád saighne ar mhodh tógála bád plainc. Tá an bád sainiúil thairis go leor báid eile den mhéid chéanna a bhí tógtha de ghnáth sa mhodh tógála bád clinse mar gheall ar an tionchar Lochlannach seachas an stíl tógála báid ó dheisceart agus iarthar na hEorpa atá feiceálach sa bhád saighne.
Bhítí ag iascach le báid saighne ó thús an 17ú haois agus bhí rásaí báid saighne agus geallta ar fud Dheisceart Chiarraí mar ghné den traidisiún ón 19ú hAois.
Faisnéis Chúlra
Ó thús an seachtú céad déag, bhí líon a bhí ag méadú de bháid phlainc iomartha ag iascach scoileanna móra seirdín a bhíodh le fáil go rialta ar chósta iardheisceart na hÉireann. Bhíodh dhá bhád ag iascach in éineacht le líonta saighne a bhí thar a bheith éifeachtach ó thaobh na mílte seirdín a sháinniú. Bhí margadh brabúsach ann ó thaobh na seirdíní seo sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Phortaingéil agus san Iodáil, ach bhí láithreacht na seirdíní sách fánach agus faoi thús an naoú haois déag bhí an chuma air gur thug na seirdíní cúl go hiomlán leis an gcósta. Ansin cuireadh na líonta sainghné in oiriúint do speiceas eile, go háirithe maicréil agus bradáin. Bhí tionscal áitiúil tábhachtach ann ó thaobh iascach maicréil i ndeireadh an 19ú haois agus i dtús an 20ú haois Dhéantaí bradáin a iascach blianta níos deireanaí agus úsáid á baint as líonta saighne ach bhí deireadh tagtha leis sin a bheag nó a mhór faoi na 1970idí.
Bhí na céadta bád saighne (agus bád níos lú ag freastal ar gach aon bhád acu sin – an leantóir) i mbun iascaireachta ón earrach suas go dtí an fómhar amach as na cuasa agus as crompáin leithinis Uíbh Ráthaigh i ndeisceart Chiarraí agus ó bhailte in aice láimhe in iarthar Chorcaí. Bhí raon na mbád saighne ó 25tr go 34tr, le bíoma iomlán de 7 dtroigh. Bhí na báid saighne á n-iomramh ag suas le dhá iomróir déag, bhíodh fear stiúrach nó ‘Captaen’ agus ‘Tuadóir’ nó duine a bhí ag faire amach don iasc i gcloigeann an bháid. Bhíodh uaslíon de sheisear iomróir agus fear stiúrach sa leantóir.
Tá rásaíocht bád saighne ag geallta i ndeisceart Chiarraí mar ghné den traidisiún ón 19ú hAois, agus táthar ag leanúint le traidisiún bríomhar de rásaíocht bád saighne go dtí an lá atá inniu ann i réigiún dheisceart agus lár Chiarraí. Bíonn foirne ó bhailte agus ó shráidbhailte difriúla ar an gcósta san iomaíocht i rásaí bád saighne sé mhaide rámha (dhá fhear déag). Braitheann rathúlacht in iascaireacht saighne ar chumas criú mór iomróirí luas a choinneáil, le hugach óna gCaptaen. Bhí rásaíocht mar fhotháirge nádúrtha den chultúr rámhaíochta seo, agus bhíodh dúshláin idir báid saighne ó shráidbhailte comharsanachta go minic.
Tá forbairt tagtha ar an tsamhail rásaíochta mar gheall ar an nós i measc iascairí bád saighne a bhí níos éadroime fós á éileamh ó na saoir bád, ar mhaithe le buntáiste a bheith acu ag geallta. Ní nach ionadh, bhíodh drogall ar na saoir bád é sin a dhéanamh mar gur mó a bhearrtaí an bád an dóigh go mbeadh timpiste ann. Tá taobhanna an bháid rásaíochta tógtha suas níos géire chun línte níos fearr a bhaint don rámhaíocht, agus mar thoradh air sin bíonn acmhainneacht agus seasmhacht an bháid laghdaithe go mór. Tá na rialacha maidir le tógáil báid saighne traidisiúnta sa lá atá inniu faoi rialú ag Bord Rámhaíochta Dheisceart agus Lár Chiarraí. Tá fad iomlán na mbád saighne teoranta go 34tr, le bíoma 6tr 3 orlaigh. Tá an bád saighne rásaíochta nua-aimseartha, go bunúsach, mar leagan níos bearrtha agus níos éadroime den bhád oibre.
Tá cothabháil déanta ar thraidisiún eisceachtúil ó thús an 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann, sé sin beirt iomróirí ar an seas ar aon mhaide rámha amháin ar dhá thaobh an bháid (áit a dtarraingíonn beirt fhear maide rámha fada aonair atá trom) chun an bád a stiúradh, a thugann chun cuimhne modh rámhaíochta Rámhlong na Meánaoiseanna nó Tríréim na Meánmhara.
Cleachtadh agus cleachtóirí
Tá líon clubanna rámhaíochta traidisiúnta lonnaithe i réigiún cósta Dheisceart agus Lár Chiarraí agus leibhéil éagsúla caidrimh acu sin go léir leis an mBád Saighne trí óstach a dhéanamh ar Gheallta laistigh dá bpobal féin le linn Shéasúr na nGeallta agus/nó Criú Bád Saighne a sholáthar chun dul in iomaíocht ag na geallta éagsúla. Reáchtáiltear Séasúr na nGeallta le linn mhíonna an tsamhraidh nuair a bhíonn an aimsir sách maith chun na rásaí a rith go sábháilte agus deis a thabhairt don lucht féachana freisin le tacaíocht a thabhairt dá gcriúnna faoi seach agus iad san iomaíocht feadh imeallbhord fiáin an Atlantaigh.
Tá an traidisiún seo faoi bhagairt leanúnach mar gheall ar bhánú na tuaithe agus ar phobal atá ag dul in aois agus gan é ar chumas an líon céanna de na pobail Bád Saighne agus Criú a chur chun cinn. Is féidir na cúig phobal déag agus na clubanna atá bainteach go traidisiúnta a mheas mar príomhchleachtóirí an spóirt agus an traidisiúin. Is iad na clubanna seo;
- Club Rámhaíochta Chill Orglan
- Club Rámhaíochta Callinafercy
- Club Rámhaíochta an Chromáin
- Club Rámhaíochta na gCeall
- Club Rámhaíochta Over The Water
- Club Rámhaíochta Chathair Saidhbhín
- Club Rámhaíochta Sive
- Club Rámhaíochta Dhairbhre
- Club Rámhaíochta an Chalaidh
- Club Rámhaíochta an Chnoicín
- Club Rámhaíochta Ard Costa
- Club Rámhaíochta Ghleann Mhacha na gCaorach
- Club Rámhaíochta Bhaile na Sceilg
- Club Rámhaíochta an Choireáin
- Club Rámhaíochta Chathair Dónall
- Club Rámhaíochta an Teampaill Nua
- Club Rámhaíochta na Snadhma
Tá an cleachtas nua-aimseartha uathúil, go háirithe mar go mbíonn beirt iomróirí ag iomramh aon mhaide rámha amháin ar Bhád Saighne. Bíonn dhá fhear déag i ngach bád ag iomramh le sé mhaide rámha, 3 mhaide rámha chuig an gclébhord agus chuig taobhanna an deasbhoird den bhád. Déanann an tríú duine déag suas an criú, sé sin liagóir (Captaen) an bháid agus an chriú. Go traidisiúnta tá dhá láthair déag ann atá oiriúnach do gheallta le linn séasúr rásaíochta an tsamhraidh.
I dtéarmaí na saor bád, níl ach cúpla duine fágtha sa réigiún le taithí agus eolas praiticiúil maidir le tógáil agus deisiú Bád Saighne traidisiúnta adhmaid. Tá go leor de na báid atá á n-úsáid ag na criúnna acu leis na blianta agus tá na saoir a rinne iad ar shlí na fírinne anois. Dá bhrí sin, tá an t-am ag sleamhnú leis an scil agus leis an eolas seo a chleachtadh sula gcaithfear dul i mbun na ríomhaireachta ar mhaithe le tuiscint á fháil ar na teicnící tógála báid atá i gceist.
Tá taighde déanta ag líon acadóirí freisin agus tá scríofa acu maidir leis an mBád Saighne agus tá siad mar phríomhnasc ó thaobh cothabháil a dhéanamh ar thaifid chruinne atá riachtanach chun leas a bhaint as réaltacht stairiúil na hoidhreachta seo atá uathúil. Chomh maith leis seo, tá taifid físeáin de na rásaí le tríocha bliain anuas ar fáil, agus tá fáil ar go leor de na rásaí a bhí ann níos túisce i bhformáid VHS.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Tagann na príomhchleachtais agus na traidisiúin a bhaineann leis an ngníomhaíocht seo anuas ó chomhaltaí éagsúla na gclubanna rámhaíochta a bhfuil sé ar a gcumas fós bád saighne a chur chun farraige le linn shéasúr na ngeallta. Tá an rannpháirtíocht le blianta beag anuas imithe i léig de bheagán, treocht nach mór gníomhú ina aghaidh má tá an traidisiún spóirt seo le teacht slán.
Tá an cheird a bhaineann le soithí den chineál seo a dhéanamh agus an líon mór teicnící atá bainteach leis na báid saighne a thógáil tagtha anuas ó ghlúin go glúin ar bhonn printíseachta neamhfhoirmiúil, den chuid is mó.
Baineann sraith shainiúil téarmaí Gaeilge leis na Báid Saighne chun cur síos a dhéanamh ar an tógáil, ar an láimhsiú agus ar an trealamh agus ar na teicnící gaolmhara. Tá stór saibhir béaloidis agus taifid stairiúla ann ina ndéantar cur síos ar stair na mbád, na hiascaireachta agus ar na rásaí atá taifeadta ó na pobail chósta sa réigiún. Ó dhearcadh acadúil de, tá go leor taighde agus logála ar fáil, lena n-áirítear, taifeadadh digiteach sean-taifid a bhaineann leis na báid saighne iascaireachta, srl., agus tá cartlannú déanta orthu. Tá caomhnú déanta i nGaeilge ar a fhormhór seo. Tá bailiúchán saothair ollmhór déanta ó thaobh na sonraí seo a chur le chéile.
Go traidisiúnta, rinne na clubanna rámhaíochta córais leantóra aonair a dhearadh agus a dhéanamh leis na Báid Saighne a thabhairt chuig na Geallta thart ar réigiún Dheisceart agus Lár Chiarraí. Tá na Báid Saighne sách trom agus is minic a thógann sé níos mó ná an criú leis an mbád a chur ar ais ar an leantóir, go háirithe tar éis rása a bhí crua. Is traidisiún uathúil agus neamhráite atá i gceist leis an mbraistint pobail agus leis an spórtúlacht nuair a chuidíonn na criúnna agus na hiomaitheoirí le chéile leis an obair seo a dhéanamh.
Déanann sinsearacht an bháid agus a stair uathúil agus buan agus an traidisiún saibhir agus an taifead maidir leis na daoine a bhí ag saothrú leis na báid, idirdhealú ar an mbád i dtéarmaí oidhreachta. Tá an bád tagtha ar aghaidh ó bhád iascaireachta fíoréifeachtach, faoi chomhúinéireacht agus á n-oibriú ag pobail aonair sráidbhaile ar fud na leithinse, go dtí a ról mar bhád rásaíochta eisceachtúil. Tá an Bád Saighne, faoi chumhacht criú mór, eisceachtúil i measc báid rámhaíochta oscailte dhúchasacha Éireannacha agus Eorpacha mar gheall ar an luas den scoth a bhaineann leis an mbád. Cuireann an ghné seo go háirithe le geallta spreagúla agus suntasacha, a thugann pobail éagsúla chósta le chéile ó thaobh ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht áitiúil agus ar iarracht mhór fhisiciúil.
Eagraíochtaí Teagmhála
Eispéireas Bhád Saighne an Chalaidh
Coiste Geallta an Chalaidh
Cumann Rámhaíochta Dheisceart agus Lár Chiarraí
An Dr. Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir, an Bailiúchán Náisiúnta Béaloidis, UCD