Láthair Ar fud oileán na hÉireann; go háirithe, Conamara, Árainn agus Corca Dhuibhne
Catagóirí
Ceardaíocht thraidisiúnta
Eochairfhocail
Ceardaíocht, saoirseacht chloiche, feirmeoireacht
Eagraíocht Teagmhála
Cumann Ballaí Cloiche na hÉireann
Tógáil ballaí cloiche an gnás a bhaineann le foirgníocht as cloch amháin gan aon mhoirtéal a úsáid. Roghnaítear na clocha lena leagan anuas ar a chéile sa chaoi is go ndéantar balla daingean a sheasfaidh an aimsir. Obair chloiche den sórt sin atá i gceist le foirgníocht ar bhallaí, droichid, áirsí, tuamaí, clocháin, aireagail agus gnéithe daingniúcháin. Is minic go bhfeictear gur ceird í seo a bhíonn ó dhúchas ag duine, í á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Bíonn feirmeoirí, saoir agus dealbhadóirí i mbun na ceirde. Ceird dhúchasach atá inti.
Faisnéis chúlra
Tosaíodh le ballaí cloiche. Claí teorainn a bhí i gceist ar dtús ach tháinig le linn éabhlóide uaidh sin an áirse choirbéalta, gné den fhoirgníocht a bhíodh in úsáid maidir leis na Tuamaí Pasáiste i bhfad siar. Ba ghné lárnach den éabhlóid cultúir in Éirinn an tsaoirseacht cloiche agus tá foirgníocht den sórt sin ceangailte go dlúth le saoithiúlacht mhuintir an oileáin mar a tháinig chun cinn. Is féidir obair na saor cloiche a ríomh siar go tús ré na Neoiliteach sa tír. Tá réimse garraithe le ballaí cloiche eatarthu ar fáil atá ar an gcuid is seanda ar domhan. Tá ballaí cloiche agus saoirseacht chloiche dlúthcheangailte le cultúr agus oidhreacht na hÉireann gach ré den éabhlóid orthu sin. Leis na ballaí agus na hárais a rinne na saoir chloiche a cruthaíodh dídean agus áit chónaithe, áit le hainmhithe a choinneáil agus le barra a fhás. Rinneadh cóir freisin do bheartaíocht seachas bunmhaireachtáil. Bhí ballaí cloiche, claíocha teorann, i ré na réamhstaire agus ó shin i leith ina n-ionaid tionóil agus dála, ionas gur cothaíodh bearta pobail agus féilte, aonta cluichíochta agus tráchtála.
Beartaíocht shóisialta agus oideachais ag glúnta éagsúla a bhíodh sa Mheitheal trína gcuirfí obair mhór le cloch i gcrích. Cuireann an Mheitheal leis an leas a bhaintí as comhar na gcomharsan i measc an phobail. Tá Meithle na linne seo ag obair ar fhoirgnimh chloiche a chaomhnú agus le haird a tharraingt orthu e.g. Burren Beo, Mountain Meitheal Ireland agus Grúpa Pobail Thamhnach an tSalainn a bhfuil tugtha acu faoi aird a tharraingt ar na ballaí stairiúla agus iad a dheisiú.
Ceanglaítear an chloch mar ábhar foirgníochta le buaine, in intinn an Éireannaigh, agus bithsheasmhacht. Dá réir sin, is í an chloch an t-ábhar cuí maidir le hómós a léiriú do na mairbh, spás sábháilte a chruthú mar áit chónaithe agus spásanna beannaithe don cheiliúradh. Tar éis na gclaíocha garraithe, tháinig Tuamaí Cúirte agus Tuamaí Pasáiste na Clochaoise. I rith ré na Cré-umhaoise tógadh Clocháin Choirceogacha, Tuamaí Dinge agus Cromleaca. I rith na hIarannaoise a tógadh na dúnta móra cloiche de leithéid Chathair na Stéige, Loch an Dúin, an Dún Mór agus an Dún Beag. Nuair a tugadh an Chríostaíocht go hÉirinn is le hobair cloiche a tógadh cuid mhór de na chéad láithreacha mhainistreacha mar shampla Sceilg Mhichíl nó séipéilín Ghallaruis. . Gné de shaol na feirmeoireachta riamh in Éirinn ab ea obair an tsaoir cloiche. I rith an 19ú haois a tógadh mórchuid na gclaíocha a fheictear le garraithe sa taobh tíre in Éirinn, cuid mhór acu ar coimisiún ón tiarna talún á dtógáil ag feirmeoirí agus saoir nuair a tarlaíodh athrú úinéireachta nó gorta nó eile. Tá an cheird tagtha anuas ó shin mar gheall ar fhaire an mháistir i mbun saothair agus saothrú in éineacht.
Tá ceangal dlúth ag na foirgnimh chloiche seo a leanas le cultúr na hÉireann agus a gcáil scaipthe ar fud na cruinne: Brú na Bóinne, Dún Beag, Séipéilín Ghallarais, Tuama Dinge Pholl na Brón agus go deimhin Sceilg Mhichíl.
Ní féidir obair na saor cloiche agus oidhreacht cultúir na hÉireann a dhealú óna chéile.
Cleachtas agus cleachtóirí
Ar na daoine tábhachtacha maidir leis an gceird, áirítear feirmeoirí, úinéirí talún, lucht gairme agus an pobal, eagraíochtaí fiontair tuaithe, eagraíochtaí réigiúnacha agus eagraíochtaí rialtais, DSWAI agus cumainn agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na saor cloiche.
Tá cleachtais éagsúla maidir le tógáil na mballaí cloiche ar fud an oileáin le ballaí cloch shingil eibhir i gConamara agus i nDún na nGall, feidín in Árainn, i ndeisceart agus in oirthear na Gaillimhe, ballaí dinge, a fheictear ina ndíoga, i mballaí cuain agus inbhir ar fud na tíre, go háirithe in iardheisceart na Mumhan. Na ballaí leathana faoi leith ar a dtugtar ‘sconsa Cheatharlach’. Cúrsaí geolaíochta agus an t-ábhar a bhíonn ar fáil dá réir sin an bhunchúis a bhíonn le stíl na saoirseachta, chomh maith le ceird na saor féin.
Faoi láthair, tá athbheochan ar cheird na mballaí cloiche i measc lucht na feirmeoireachta. Tá cabhair airgid agus cúnamh praiticiúil ar fáil ag na feirmeoirí faoi scéimeanna áirithe, e.g. Glas, Ceardlanna Ballaí Feirme NOTS.
Cuireadh Cumann Ballaí Cloiche na hÉireann ar bun sa bhliain 2019 d’fhonn mórthábhacht oidhreacht agus ghnás shaoirseacht bhallaí cloiche na hÉireann a chur chun cinn. Le ceardlanna agus imeachtaí eile DSWAI, cuirtear an cheird i láthair agus cothaítear aird agus tuiscint uirthi mar cheird atá beo agus mar ghné bhríomhar den cheardaíocht in Éirinn na linne seo.
Ceird thraidisiúnta atá i gceist le tógáil na mballaí cloiche a bhíonn á teagasc anois in ionaid oiliúna ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, e.g. Oifig na nOibreacha Poiblí, Boird Oideachais agus Oiliúna. Tá ardú ag teacht ar líon na ndaoine gairmiúla a thairgíonn réimse seirbhísí freisin maidir le hobair thógála agus caomhnúcháin.
Sa bhliain 2007, ba í Feile na gCloch in Inis Oírr an t-aon fhéile a bhain le ballaí cloiche; faoin mbliain 2018, bhí sé cinn d’fhéilte den sórt sin ar fud na tíre.
Forbairt, scaipeadh agus cosaint
Ba é an sean-nós go ndéanadh an feirmeoir agus an pobal cúram de na ballaí cloiche agus ba dhlúthchuid sin den obair a dheintí sa taobh tíre agus in aeráid thimpeallacht na ndaoine seo faoin tuath. Cuireadh an cheird ar aghaidh ó ghlúin go glúin trí fhaire agus oibriú in éineacht, obair aonair agus obair meithle a bhíodh ann. Choinnigh feirmeoirí caoi ar bhallaí agus ar chlaíocha ionas go mbíodh an stoc sábháilte, na barra ag fás agus an bhithéagsúlacht slán. Chuidigh grúpaí den phobal lena chéile ag glanadh cloch as garraithe móra fairsinge agus is ar an gcaoi sin a chothaigh an bheartaíocht cultúir a bhain le claíocha a thógáil in éineacht an cineál ar a dtugtar forbairt pobail nó forfheabhsú anois.
Faoi láthair, tá borradh in athuair faoin spéis ag grúpaí pobail agus ag daoine aonair sa cheird. Tuigeann lucht earnáil na feirmeoireachta, baill DSWAI agus cuid mhór de shaoir chloiche agus daoine gairmiúla eile i mbun cúrsaí oidhreachta in Éirinn an tairbhe atá as an gceird a choinneáil beo.
Tugadh fiúntas na ceirde (agus deis dul i dtaithí uirthi) i bhfeidhm le cúrsaí oiliúna agus ceardlanna arna rith ag Boird Oideachais agus Oiliúna agus ag an DSWAI, le cúnamh taca ó na húdaráis áitiúla, grúpaí forbartha pobail, grúpaí forbartha scileanna agus eile le roinnt blianta anuas.
Tá grúpaí pobail faoin tuath in Éirinn a bhfuil féilte agus imeachtaí eile curtha ar bun acu bunaithe ar bhallaí cloiche agus tarraingítear turasóirí agus cuairteoirí lena linn i mbun oibriú le saoir na háite ionas go mbraitheann siad an sásamh atá le baint as ceangal le toradh shaothair na meithle.
Is minic éiginnteacht ag baint le réimsí de na ballaí cloiche a theacht faoi scáth reachtaíochta nó faoi choimirce an bheartais timpeallachta, mar shampla na hAchtanna um Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004 agus na hAchtanna Pleanála nó Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta agus in ainneoin gur léir an tábhacht atá leo ó thaobh cúrsaí cultúir agus oidhreachta, tá siad i mbaol i gcónaí mar gheall ar chleachtais nua-aimseartha chultúir agus feirmeoireachta.
Mar gheall ar an easnamh sin a fheictear dóibh, tá iarracht á déanamh ag an DSWAI agus dreamanna eile cur leis an tuiscint ar an gceist agus ar chumas chaomhnóirí na ceirde dul i ngleic go lánpháirteach leis an gcleachtas agus lena chaomhnú.
Tá buntábhacht le cúnamh a thabhairt do na feirmeoirí. Chuidigh DSWAI le feirmeoirí i nDún na nGall, i Sligeach, i dTiobraid Árann agus i gCill Mhantáin trí dheis a thabhairt dóibh oibriú in éineacht agus a thabhairt de chumhacht ar an gcuma sin do chaomhnóirí chuid mhór de na ballaí cloiche caoi a choinneáil orthu agus iad a dheisiú.
Tá láithreán gréasáin lán eolais curtha le chéile ag an DSWAI d’fhonn eolas faon gceird, faoi stair agus oidhreacht na ceirde a chur ar fáil, chomh maith leis an sárchleachtas agus na deiseanna a bhaineann leis an ngairm. Le saothair staidéir de leithéid dhá imleabhar fardail faoin teideal Europe’s Field Boundaries (Georg Mueller 2013) agus saothair bhuntábhachtacha Pat McAfee faoi na ballaí cloiche agus a dtógáil (chomh maith lena chuid teagascóireachta le 30 bliain anuas), dírítear aird arís ar an suntas atá le hoidhreacht na mballaí cloiche in Éirinn agus ar an gcleachtas cultúir a ghabhann leo nuair a thugtar spléachadh ar an bhfianaise staitistice a chuirtear i láthair. Tá tuairim is 400,000km de chlaíocha garraithe in Éirinn agus 210,000km de bhruacha a bhfuil éadan cloiche leo (Mueller 2013), an méid is mó i measc na dtíortha ar fad, 26, a ndearna Mueller suirbhéireacht orthu.
Tá tuilleadh den reachtaíocht a fhágann cosaint go hindíreach fúithi ag réimsí ballaí cloiche, mar shampla an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD), an Coinbhinsiún um Thírdhreach na hEorpa agus tras-chomhlíonadh bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.
Strictly Necessary Cookies
Strictly Necessary Cookie should be enabled at all times so that we can save your preferences for cookie settings.
If you disable this cookie, we will not be able to save your preferences. This means that every time you visit this website you will need to enable or disable cookies again.
3rd Party Cookies
This website uses Google Analytics to collect anonymous information such as the number of visitors to the site, and the most popular pages.
Keeping this cookie enabled helps us to improve our website.
Please enable Strictly Necessary Cookies first so that we can save your preferences!