+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

Toibreacha Beannaithe i gContae an Chláir

 

Láthair Contae an Chláir
Catagóirí Cleachtais shóisialta, gnásanna agus imeachtaí féilte
Eochairfhocail Ceardaíocht, reiligiún, taibhiú
Eagraíocht Teagmhála Michael Houlihan, staraí áitiúil

Tá an traidisiún a bheith ag dul ar oilithreacht chuig Tobar Beannaithe fós láidir ar fud an Chláir. Is iad na Caitlicigh is sine is mó atá ag coinneáil an traidisiúin ag imeacht. D’fhéadfadh sé áfach go raibh an nós tosaithe sular tháinig an Chríostaíocht, nuair a bhí tábhacht ar leith ag baint le huiscí áirithe. Is do na naoimh dhúchasacha (5ú-8ú haois) is mó a thugtar ómós ag na Toibreacha Beannaithe i gCo. an Chláir cé go mbíonn roinnt naoimh choitinn i gceist chomh maith.

Go hiondúil, is ar lá fhéile an naoimh ( lá an phátrúin), tugann lear mór daoine cuairt ar an tobar. Bíonn Aifreann léite ag cuid de na toibreacha freisin. Tá nósmhaireachtaí áirithe a leantar agus duine ag an tobar.

Is iomaí cuairt phríobháideach a thugtar ar na toibreacha i rith na bliana freisin. Fágann cuairteoirí comharthaí ina ndiaidh ag cuid mhaith de na toibreacha – boinn bheannaithe, cártaí le paidreacha orthu, boinn airgid srl.

Faisnéis chúlra

Go bunúsach, deis atá san oilithreacht chuig Tobar Beannaithe le cuairt a thabhairt ar uiscí beannaithe i mbaile fearainn nó i bparóiste le hómós a thabhairt don naomh áitiúil. Tháinig go leor de na toibreacha chun cinn astu féin ag am a raibh an creideamh á chosc. Ní raibh siad faoi smacht na heaglaise ná an stáit.

Tá traidisiún an Tobair Bheannaithe láidir i gcónaí. I roinnt áiteanna, glantar na toibreacha amach, péinteáiltear iad agus cuirtear slacht orthu go rialta. I gceantair eile, athbhunaíodh traidisiún an Tobair Naoimh a mhair ar feadh na mblianta fada. Níl mórán slacht ar chuid eile de na toibreacha de bharr nach bhfuil aon duine ag breathnú amach dóibh.

Cuirfidh na hoilithrigh tús leis an ‘turas’ go hiondúil, timthriall urnaí a dhéantar agus ag dul timpeall an tobair laistigh den tearmann nó den spás beannaithe. Scaití baineann na paidreacha go sonrach le tobar nó le naomh ar leith, uaireanta freisin d’fhéadfadh gur i nGaeilge a bheidís. Le linn an turais, d’fhéadfadh go mbeadh stadanna ar leith ann – Stáisiúin – áit a ndeirtear paidreacha in aice le crann nó cloch. Nuair a bheidh an turas críochnaithe, ag brath ar an tobar, b’fhéidir go gcuirfeadh daoine marc ar chloch aitheanta nó go gcuirfidís clocha beaga i gcarn beag os cionn a chéile.

Ar deireadh tiocfaidh na daoine chuig an tobar lena mbuíochas a ghlacadh nó rud a iarraidh ar an naomh/an tobar. Tá ceirt nó fuarán beannaithe ag roinnt suíomhanna, áit a gceanglaíonn oilithrigh éadach (an crann beannaithe). Ag go leor de na toibreacha, cé nach ndéantar ag gach ceann acu é, líonann daoine buidéal le huisce ón tobar le tabhairt abhaile leo.

Sampla maith de thobar a bhfuil traidisiún an-fhada ag baint leis is ea Naomh Bríd i Lios Ceannúir, i dtuaisceart an Chláir. Tá sé oibrithe amach ag an mbailitheoir béaloideasa Máire Mac Néill gur suíomh Lughnasa a bhí anseo. Bhí Lughnasa mar chuid de thraidisiún an fhómhair gach mí Lúnasa agus is féidir é a rianú siar go dtí an Dia ón gClochaois Lugh. Suimiúil go leor tá roinnt toibreacha beannaithe ann nach mbaineann leis an gcreideamh. Tá leigheas ag baint leo seo cé nach mbaineann siad le naomh ar bith.

Tá an-difríocht idir Toibreacha Beannaithe na hÉireann ó thaobh leagan amach agus cleachtais de agus an chuid atá san Eoraip.

Cleachtas agus cleachtóirí

Bíonn grúpaí beaga nó daoine aonair laistigh den phobal ag breathnú amach dóibh go hiondúil. D’fhéadfadh go mbeadh spéis ag an Eaglais Chaitliceach ann, ag brath ar an sagart áitiúil. Feictear iad formhór na dtoibreacha mar ghnéithe cultúrtha agus tá siad marcáilte ar Láithreáin Shuirbhé Seandálaíochta na hÉireann agus ar Thaifead na Séadchomharthaí (SMR) a bhíonn á gcothabháil ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, agus faoi chaomhnóireacht an Stáit.

Is annamh a dhéantar damáiste dóibh d’aon ghnó ach tá cuid ann nach dtugtar aire cheart dóibh.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Is dócha gurb iad na sagairt áitiúla agus na ceannairí pobail is mó a chuireann an Tobar Beannaithe atá sa cheantar acu féin chun cinn. Is nós é traidisiún an Tobair Bheannaithe atá ann le blianta fada agus is iondúil go gcuireann teaghlaigh agus paróistí ar aghaidh é ó ghlúin go glúin. Cé go bhfuil sé láidir agus bríomhar i gceantair áirithe, tá sé ag éirí lag in áiteanna eile. Leis an méid athruithe atá ag tarlú sa tsochaí agus gan an oiread céanna daoine ag cleachtadh an reiligiúin fhoirmiúil is deacair a rá cén fhad eile a leanfaidh sé ar aghaidh. Tá sé ina chúis imní freisin go bhfuil roinnt toibreacha in áiteanna iargúlta imithe chun fiántais agus go bhfuil sé ag éirí ródheacair do dhaoine aosta dul fad leo.

Scríobh an staraí áitiúil Michael Houlihan leabhar dar teideal The Holy Wells of County Clare, labhair sé faoin ábhar le go leor Cumann Staire agus léirigh go leor daoine an-spéis ann.

San am a chuaigh thart ba leor an fuinneamh a bhí ag an eaglais áitiúil agus ag an bpobal áitiúil le caoi a choinneáil ar na toibreacha. Sa lá atá inniu ann áfach, idir an eisimirce, an imirce, na huaireanta fada oibre agus daoine a bheith ‘ró-ghnóthach’ níl an aird chéanna ar na toibreacha. Is gá níos mó airde a dhíriú orthu an pobal áitiúil a bheith rannpháirteach.

Teagmhálaí

Michael Houlihan, staraí áitiúil