+3531 6313822 nationalich@chg.gov.ie

Turas Cholm Cille

Láthair Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall
Catagóirí Muirí, báid, loingseoireacht
Eochairfhocail Reiligiún, oilithreacht, féile
Eagraíocht Teagmhála Oideas Gael
074 9730248
oifig@oideasgael.ie

Déanann pobal Ghleann Cholm Cille agus an ceantar máguaird comóradh ar ‘Thuras Cholm Cille’ ar bhonn bliantúil an 9 Meitheamh, ar lá fhéile Naomh Colm Cille.

Déantar an Turas (an oilithreacht) a chleachtadh nuair a thugann na hoilithrigh cuairt ar gach aon ghallán den Turas agus sraith paidreacha atá leagtha síos á rá acu agus iad ag siúl cosnochta timpeall ar gach stáisiún trí huaire. Cuimsíonn na cúig stáisiún déag, crosleaca, crosa cloiche, tobar beannaithe, suíomh eaglaise agus tuamaí meigiliteacha. Téann roinnt de na láithreáin siar níos faide ná Ré na Críostaíochta agus cuimsíodh iad i gcleachtadh reiligiúnach ón 5ú haois ar aghaidh.

Déanann pobal Ghleann Cholm Cille agus cuairteoirí, a thagann na Gleanna, Turas Cholm Cille gach 9ú Meitheamh suas go dtí 15ú Lúnasa. Tógann An Turas 3 uair a’chloig agus, go traidisiúnta, siúladh é costarnocht (barefooted).

Tá na galláin cros-ghreanta agus an tobar beannaithe (Tobar Cholm Cille) suite sa Ghleann féin agus tá an tobar agus an leac suite ar an taobh ó thuaidh den Ghleann, ag féachaint amach ar Bhá Ghlinne

Tá An Turas lonnaithe i gceartlár hleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall. Is féidir go leor de na leacacha a fheiceáil ó thaobh an bhealaí mór.

Faisnéis chúlra

Tá Turas Cholm Cille ar cheann de na deasghnátha Críostaíochta is fearr aithne sa tír a théann siar roimh ré na Críostaíochta. De réir seandálaithe mór le rá, téann na galláin siar roimh theacht na Críostaíochta agus rinneadh iad a ghreanadh na céadta bliain ina dhiaidh sin agus tugadh isteach i gcleachtais reiligiúnacha na Críostaíochta iad.

Siúltar an Turas cosnochta, de ghnáth, an 9 th Meitheamh agus ar Dhomhnaí ina dhiaidh sin suas go dtí an 15 Lúnasa, tógann an turas thart ar trí huaire an chloig Deirtear paidreacha áirithe ag gach leac, ag brath ar cibé an bhfuil an stáisiún cros-ghreanta nó nach bhfuil. Tá líon stáisiún lárnach go sonrach don chleachtas – ar nós Thobar Cholm Cille, atá suite i láir cairn mór clocha (tá na mílte cloch iompartha ag oilithrigh ón mbóthar ar feadh 150 méadar suas taobh an chnoic).

Déantar cur i láthair suntasach 3D den Turas ar an láithreán gréasáin www.voicesfromthedawn.com atá deartha ag an Ollamh Howard Goldbaum agus maoinithe ag líon sparánachtaí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus daoine áitiúla ag tabhairt léargas ar an traidisiún áitiúil uathúil seo.

Tugtar deis do mhuintir an Ghleanna cursíos ar chleachtas an Turais ó bhí siad óg.

Féach / Please view: http://www.voicesfromthedawn.com/glencolumcille/

Cleachtadh agus cleachtóirí

Rugadh Naomh Colm Cille / Saint Columba (Gaeilge: ‘colúr na heaglaise’ an 7 Nollaig 521 agus fuair sé bás an 9 Meitheamh 597). Is ab agus misinéara cáiliúil ab ea Naomh Colm Cille agus tá sé luaite leis gurbh é a scaip an Chríostaíocht san áit ar a dtugtar Albain sa lá atá inniu ann. Bhain Colm Cille le ríogacht Dhún na nGall agus rugadh é sa Ghartán, tuaisceart Dhún na nGall.

Tá baint láidir stairiúil ag Gleann Cholm Cille (Glencolmcille) le Colm Cille trí bhéaloideas, logainmneacha agus Turas Cholm Cille. Go traidisiúnta, bhíodh an Turas á dhéanamh ag muintir na háite roinnt uaireanta le linn an tsamhraidh agus braitheadh go raibh sé ar chomhchéim le loghanna Loch Dearg (Oileán Purgadóra Naomh Pádraig, 50 míle níos faide ó dheas den chontae).

Chuaigh an Turas trí thréimhsí fada tráth nach raibh sé ceadaithe an turas a chleachtadh mar gheall ar thionchar na bPéindlíthe agus ina dhiaidh sin mar gheall go raibh sé coiscthe ag na sagairt chaitliceacha agus é á mhaíomh acu gur nós págánach a bhí i gceist leis.

Tá an Turas lonnaithe i nGleann Cholmcille, ceantar thar a bheith álainn. Tá na stáisiúin nó na galláin suite in áiteanna atá an-fheiceálach agus inrochtana go fisiciúil. Cuireann úinéirí talún áitiúla pointí rochtana ar fáil chuig na stáisiúin gach aon bhliain ar mhaithe le cur ar chumas mhuintir na háite agus ar chuairteoirí an Turas a dhéanamh.

Forbairt, scaipeadh agus cosaint

Tá tréaniarrachtaí déanta ag Oideas Gael ar mhaithe lena chinntiú go dtéann cleachtadh an Turais agus na deasghnátha ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Braitheann an scaipeadh seo ó bhliain go bliain go minic ar chúpla duine aonair agus tá ag éirí go maith leo go dtí seo. Tá an t-ádh orainn go bhfuil ceann de mhacasamhlacha fíor-luachmhara de Leabhar Cheanannais againn san institiúid agus meallann sé seo aird leanúnach nuair a thógtar san áireamh go n-aithnítear Leabhar Cheanannais mar ‘Leabhar Cholm Cille’.

Tá taispeántas oidhreachta an Athar McDyer, a measadh a bheith mar dhuine a raibh an-mheas aige ar Cholm Cille agus ar a scéal le fáil sa Daonbhaile.

Eagraíocht Teagmhála

Oideas Gael

Is eagraíocht Gaeilge agus Cultúrtha é Oideas Gael (www.oideasgael.ie) atá lonnaithe i nGleann Cholm Cille; a chuireann an Turas chun cinn trína chinntiú go mbíonn léarscáileanna ar fáil; tá stáisiúin an Turais marcáilte go maith agus déantar poiblíocht mhór air agus déantar inrochtana é don oiread daoine agus is féidir. Cuirtear fócas bliantúil ar oidhreacht Naomh Colm Cille sa ‘5,000 Years of Stone’, scoil samhraidh seandálaíochta Ghleann Cholm Cille, faoi stiúir an Dr Brian Lacey.